Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 4


    1. 46] Aisling ad-chonnarc araír,

      47] a Mhog Néid in chrotha caímh,

      48] secht mba finna, fáth gan feall,

      49] d'fhás i n-aird-medón Érenn 1.

    2. p.3


    3. 50] Áillighter lium iad do chéin

      51] mar dath sneachta for sár-shléiph,

      52] co rosccaib gloinidhe dhe,

      53] co n-adharcuibh iarnuidhe.

    4. 54] Géim gach bó díbh, tólaibh tlacht,

      55] comh-binn re tédaib mendchrot

      56] línsat Éirinn gan anadh

      57] do lacht & do lind-taradh .

    5. 58] Ad-chonnarc secht mba oile

      59] dubha dorcha dethaige ,

      60] a ndiaidh na mbó find a bfad,

      61] dá slighe go ro-s -leghsat .

    6. 62] Géim2 gach én-bó duibhe díbh

      63] do dhúiscfed mairbh as a mbí,

      64] co rosgaib teinntide de

      65] co n-adarcaibh iarnaide.

    7. 66] As í sin m'aisling, a fhir ,

      67] a Mog Néid an chrotha gil;

      68] gidh olc gidh maith tig dúinn de

      69] as sí sin an aislinge .
    8. Ais.