Corpus of Electronic Texts Edition

Background details and bibliographic information

Cath Maighe Léna

Author: [unknown]

File Description

Funded by University College, Cork and
Professor Marianne McDonald via the CELT Project; formerly CURIA

1. First draft, revised and corrected

Extent of text: 27 300 words

Publication

CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork
College Road, Cork, Ireland -- http://www.ucc.ie/celt

(2002)

Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G302025

Availability [RESTRICTED]

Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.


[RESTRICTED]

Hardcopy copyright lies with the School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies).

Sources

    Manuscript sources.
  1. RIA 23 L 26 (formerly Hodges and Smith no. 104), Dublin, Royal Irish Academy.
  2. RIA 23 K 37, Dublin, Royal Irish Academy.
  3. RIA 23 K 46 (formerly Read 220), part 3, (written by Séamas Mag Uidhir about 1730; six pages missing at the end of Cath Maighe Léna, which breaks off in par. 99) Dublin, Royal Irish Academy.
  4. Franciscan MS A VI, Library of the Franciscan Convent, Merchants' Quay, Dublin (check)
  5. Phillipps' MS no. 10266, Dublin, National Library.
  6. Stowe B IV 1, (text on pp.41-55) Dublin, Royal Irish Academy.
  7. RIA 23 L 26, part 1 (text on pp. 13-92. Imperfect: four leaves torn out at p. 21; at least one is missing at the end; text breaks off in par. 114) Dublin, Royal Irish Academy.
  8. RIA 23 L 18 (303 pages by John O'Conor; 18th century; Cath Maighe Léna on pp. 191 to end) Dublin, Royal Irish Academy.
  9. Stowe C VI 1, part 2 (Cath Maighe Léna on pp. 109-185; breaking off in par. 111) Dublin, Royal Irish Academy.
  10. H 6.8 (18th century, Cath Maighe Léna on pp. 109-202; breaks off at the same place as C) Trinity College Dublin.
  11. British Museum Additional 18746 (written in 1796 by Donnchadh Mag Oireachtaig) London, British Library.
  12. H 3.10 (18th century; a third, mixed recension; only copy of p.25 other than P) Trinity College Dublin.
    Editions/Translations
  1. Eugene O'Curry, 'Cath Mhuighe Léana or The Battle of Magh Leana', Dublin: The Celtic Society 1855. With English translation.
    The edition used in the digital edition.
  1. Cath Maighe Léna. Kenneth Jackson (ed), Reprint (First published by the Stationary Office, Dublin 1938) [xxxv + 189 pp. v Prefatory Note to 1990 Reprint, vi Corrigenda, vii-viii Abbreviations, ix-xxxv Introduction, 1-80 Text, 81-84 Apendix (passages from the Short Recension), 85-110 Notes, 111-180 Glossary, 181-189 Indexes of Persons/Places/Collective names.] Dublin Institute for Advanced StudiesDublin (1990) . Mediaeval and Modern Irish Series. , No. IX

Encoding

Project Description

CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling Declaration

The present text represents pages 1-80 of the edited text; corrigenda are integrated.

Editorial Declaration

Correction

Text has been checked and proofread twice. All corrections, including some by Gerard Murphy and supplied text, are tagged.

Normalization

The electronic text represents the printed text. The editor's corrigenda have been integrated. H prefixed to nouns has been hyphenated off. Expansions shown in italics in the hardcopy have not been marked. Letters supplied in square brackets by the editor are tagged SUP resp="KJ".

Hyphenation

When a hyphenated word (hard or soft) crosses a line break, the break is marked after the completion of the hyphenated word. There are no instances of hyphenated words crosssing a page break.

Interpretation

Names of persons (given names), places and group names are not tagged. Direct speech is rendered Q; except where it cannot be nested within/outside the apparatus; then it is rendered '. Poems and passages of rhetoric speech are treated as embedded texts, with speakers marked. Foliation is marked using the tag mls unit="folio" n="nn".

Canonical References

This text uses the DIV1 element to represent the Section.

Profile Description

Created: By two or more unknown author(s).

Use of language

Language: GA

The text is in early-modern Irish

Language: LA

Some words in Latin.

List of Participants

Revision History


Corpus of Electronic Texts Edition: G302025

Cath Maighe Léna: Author: [unknown]


p.1


1] Imthúsa cloindi Dáirine & cloinne Dergthened
2] & cloinne Luighdhech mic Ítha & míledh Muman uile
3] air chena, nírbo riarach etorra d'éis chatha Cnucha,
4] uair do bádar trí rígh esaontacha orra .i. Mogh Néid
5] mac Dergthened & Maicniadh mac Luighdhech & Conaire
6] mac Moga Lámha; & rob é ced-adhbar a comfhuachaid
7] .i. mac miadach móir-menmnach do bí ag Mogh Néid
8] .i. Eógan Mór, & Mogh Nuadhad ainm eile dó.


9] Agus is aire at-beirthí in t-ainm sin ris .i. Nuadha
10] Derg mac Dáirine oirrígh do rígaib Muman ro oil hé .
11] Agus do claidhed ráith ríghdha ar Muigh Fheimhin
12] aigi-séin , & do bí féin & Derg Damsa draí re h-agaidh
13] na h-oibre 'gá h-ordugad, & Eógan ar a báire baísi a
14] coimidecht a oide ann; & do bádar naonbar mogadh ar
15] uilind don ráith agá claidhe, & tarla cloch mór a mbél
16] na h-oibre isin díg dóib nár fhédadar d'aitherrach ná
17] d'urthógbáil, & tángadar lucht na h-oibre uile dá
18] h-innsaighi & nír thoill lín a tógbhála do thréin- fheruib
19] i n-a timcheall. Tarla Eógan ag airiugad {folio 1a. II}an
20] fhedhma sin, & ó 'd-chonnairc cách ag tréigen a tóghbála
21] do iadhastair féin a dhá láim go h-ain-mín uimpe, & tuc
22] fuirmed fedhma go h-árrachta fuirre go tucastair a talmain
23] í, & tuc feidm eile fuirre gur chuir ar a glún go glé-nertmar
24] í, & do chuir dá glún ar a ghualainn, & do chuir dá


p.2


25] gualainn a n-agaidh in chlaidhi ar múr imeallach na
26] h-oibre hí. ‘Is uasal in mog úd, a Nuadha,’ ar in
27] teglach. ‘Biaidh in t-ainm sin air go bráth,’ ar
28] Derg Damsa draí .i. Mogh Nuadhad; go rabadar dá
29] ainm aca air ann sin .i. Eógan Mór & Mog Nuadhad. Agus
30] do bí 'n-a adhbar ríg gan fhresabra 'gá móradh ag
31] maithib Muimnech nó go táinic aimser chatha Cnucha.


32] Go facaid a máthair aisling ingnad .i. Sída
33] ingen Fhloind mic Fiachrach .i. ríg oirrthir Muman
34] .i. secht mba finna ó-derga d'fhaicsin isin oidchi dí go
35] linn-bolgaib lachtmara i n-a carcruib, go snáimfidís
36] meic midh-aísi ar na linntib lemnachta do fhágbaidís
37] na h-óg-ba sin a n-íslib & a n-etrigib na talman. Agus
38] ad-chonnairc a cinn athaid ann-séin secht mba
39] duaibsecha ar dath dethaigi 'n-a ndeghaidh , & fá lór
40] d'adh-uath & d'úr-gráin a faicsin & ruisg t[h]enntidhe i
41] n-a tulaibh & adharca iarnaide forra; & do chomraicsed
42] risna céd-buaib {folio 1b. I}gur leghsad & gur lán-millsed
43] uile iad, co nár fhágaibsed leadhb ar láthair díb. Ro
44] innis Sída a h-aislingi don aird-ríg ar n-éirgi, & do gab
45] faitches in rí roimpi, & adubairt in ríghan in laíd ann:


    1. 46] Aisling ad-chonnarc araír,

      47] a Mhog Néid in chrotha caímh,

      48] secht mba finna, fáth gan feall,

      49] d'fhás i n-aird-medón Érenn 1.

    2. p.3


    3. 50] Áillighter lium iad do chéin

      51] mar dath sneachta for sár-shléiph,

      52] co rosccaib gloinidhe dhe,

      53] co n-adharcuibh iarnuidhe.

    4. 54] Géim gach bó díbh, tólaibh tlacht,

      55] comh-binn re tédaib mendchrot

      56] línsat Éirinn gan anadh

      57] do lacht & do lind-taradh .

    5. 58] Ad-chonnarc secht mba oile

      59] dubha dorcha dethaige ,

      60] a ndiaidh na mbó find a bfad,

      61] dá slighe go ro-s -leghsat .

    6. 62] Géim2 gach én-bó duibhe díbh

      63] do dhúiscfed mairbh as a mbí,

      64] co rosgaib teinntide de

      65] co n-adarcaibh iarnaide.

    7. 66] As í sin m'aisling, a fhir ,

      67] a Mog Néid an chrotha gil;

      68] gidh olc gidh maith tig dúinn de

      69] as sí sin an aislinge .
    8. Ais.


70] A h-aithli na laíde sin tucad Derg Damsa, draí Moga
71] Néid, dá n-innsaigid do breith breithi ar in aisling sin,
72] & do h-innisedh dó í cin fuirech; & adubairt Derg Damsa,


p.4


73] ‘Ticfaid ann,’ ar sé, ‘secht mbliadna bláthmara co
74] n-imad toraidh etha & aird-bleachta, mesa & mór-thoridh,
75] co nach tibra neach cennus dá chéile innta; & ticfaidh
76] secht mbliadhna dona daidhbre dí-chumaing i n-a
77] ndiaidh -séin, co nach tibra in mac mír don athair
78] innta ná an ingen don máthair ná an cara dá chéile.’
79] Is ann sin do cumadh comairle ag Mogh Néid, mar fuair
80] fis na fáistine sin, & is é ní do h-ordaiged aigi, airg & airdlestair
81] & tighi talman & teghdhaisi trebar-dhaingne do
82] chomdlúthugadh ar chinn na céd-aimsire sin do
83] thairrngir Derg Damsa; gur línsad do biadh & do buantoradh
84] uile iad, uair ní gabad Mog Néid ní i n-a chís
85] rígh acht biadh uile , nó co ndeachatar na secht mbliadhna
86] ithmara as & tángadar na secht ndroch-bliadhna 'n-a
87] ndegaid sin. Daidhbre & terce bídh ar in chéd-bliadhain
88] díb; cunnrad & cennaigecht isin bliadhain
89] tánaisti díb. Acht én-ní, do luigh trom-gorta mór orra
90] uile ann sin, gur folmaighid na treba & na tírthi, na h-iatha
91] & na h-aicmeda aca; uair gérbo tenn in teidm sin {folio 1b. II}
92] in gach tír eile a n-Érinn, dobo mó isin Mumhain hé.


93] Agus tángadar maithe dá chúigedh Mumhan uile
94] 'm an am sin go h-én-inadh .i. clanna Dedad & clanna
95] Dáirine & clanna Dergthenedh, & do bádar uile ag éccaín
96] na h-ard-ghorta a fiadhnaise Mogha Néid; & ní roibe
97] Conaire mac Mogha Lámha ná Maicniadh mac Luighdheach
98] ar in láthair sin. Agus adubairt Mogh Néid re maithib
99] Muman co co mberadhón aimsir sin gan esbaid uile iad do
100] chinn na comadh do iarfad orra d'fhagháil uatha. Agus


p.5


101] do fhaomsad a maithi go léir na labartha sin, uair do
102] bádar mórán dá maithib a n-éigin mór ón gorta; & tucatar
103] cuir do Mogh Néid go nem-fhallsa um gach ní dá n-iarrfad
104] orra d'fhagáil, & tángadar leth ar leth ar a slánaib dá
105] chéile ar in chunnradh sin. ‘Sloinn-si festa na comadha
106] is áil let d'fhagáil uainne,’ ar na flaithi. ‘Is iad so
107] iad,’ ar Mog Néid ‘.i. Conaire mac Mogha Láma &
108] Maicniadh mac Luighdech do innarbad a Mumain amach,
109] & ríghi do thabairt d'Eógan Mór, dom mac-sa.’ ‘Do-géntar
110] sin againde,’ ar iad-san. Acht atá ní chena, do
111] caithed in maithes sin Moga Néid le maithib Muman
112] nó go táinic so-aimser ann; & do díchuiredh Conaire &
113] Maicniad a Mumain amach, & tángadar go Temraigh go
114] h-airm a roibe Conn Céd-chathach. Ríghthar Mog
115] Nuadad ann sin ag maithib Muman dá aimdeóin féin,
116] uair adubairt nach biadh ainm rígh air re linn a athar
117] d'áirithe ; & tuc in t-athair a bennacht dó leisin ríghi
118] & tucadar fir Muman uile trí sluag-bennachta dó leisin
119] ríghe; & do bádar go rathmar rianamail agá fhreagra
120] & do éirigh menma mór a clainn Dergthenedh de sin .


121] 3Agus do gabustair Derg Damsa draí ag adhmolad
122] Eógain & ag maoidemh a ard-ratha d'éirge tar maithib
123] Muman; & adbert an laoí:—


    1. 124] Eócchan Mór, ba mór a rath,

      125] comh-ard re Conn Céd-chathach;

      126] an dias sin fá caoime clú

      127] rannsat Éirinn etorru.

    2. p.6


    3. 128] Ro dersgnaigh Eócchan do Chonn

      129] ar ba comh-ard a gcomhlonn;

      130] ba lia biadh Eócchain Édair

      131] re seólad a síth-Grégaib 4.

    4. 132] Ingen Fhlaind ben Mogha Néid

      133] ad-chonnairc aisling gan bréig,

      134] secht mba finna, buan a mbladh,

      135] d'fhaicsin a medhón Muman.

    5. 136] Is sí taidbhsi tadbás dí

      137] 'san oidhchi 'n-a h-aislingi,

      138] co mblighfidhe ó na buaibh

      139] sáith fher n-Éirenn re h-aon-uair.

    6. 140] 5Ad-chonnairc secht mba eile,

      141] dubha daora diablaide,

      142] a lorg na mbó finn fedba

      143] gur legsat a h-aon-menma.

    7. 144] Is sí breth ruc an draí dí

      145] do mnaoí úir 'n-a h-aislingi,

      146] secht mbliadna sona, suth nglé ,

      147] secht mbliadna dona daidbre .

    8. 148] Líntar leó-san lis lána

      149] co fithechaib for-lána,

      150] co nach beidís gan cuid chóir

      151] isin droch-bliadhuin dí-móir.

    9. 152] Ro dhoirt orra in ghorta grinn,

      153] ba maith d'Eócchan an oirchill,

      154] co n-ithed cách a chéile

      155] sechnón Éirenn aigbéile.

    10. p.7


    11. 156] Ó 'd-chonnairc cách gér chian gar

      157] biad is6 linn ag laoch-Eócchan

      158] ro daorsat féin, féta in modh ,

      159] d'Eógan ar a n-anacol.

    12. 160] Is de atá in sen-fhocal seng

      161] do-chualadar fir Éirend,

      162] as aithech cách gan deólad

      163] co dtí an bráth ag borb-Eógan.

    13. 164] E.o.cc.an


165] {folio 2a. I}Imthúsa Conaire mic Moga Láma &
166] Maicniad mic Luigdech, do bátar féin & maithi a muinntire
167] a farradh Chuinn a Temraig, & tuc Conn coinnmed
168] crích mBreg & Midhi dá muinnteraib. Is í sin uair &
169] aimser do h-innarbadh Imchad Airm-derg mac Briúin
170] meic Fhinnchada a h-Ulltaib, & táinic-séin go Temraig
171] & fuair fáilti charthanach ag Conn, & do coinnmedh a
172] muinnter ar tuathaib Teftha. Agus do cóirighed trí
173] tighi arda oiregdha dona h-ógaib innarbthacha sin acu;
174] & tucatar a comluighi lé chéile um chomall do chumann
175] a n-agaid Moga Nuadad. Agus tarla trí h-ingena
176] aontuma ag rígh Érenn 'm an am sin .i. Maín & Sadhbh
177] & Sáraid, & tucatar na trí ríg innarbthacha sin serc &
178] grádh dóib. Tumais Conaire rinn a ruisg a ndeilb
179] Sháraidhi súl- ghuirme, & grádhaighis Maicniad Sadb,
180] & carais Imchad Airm-Derg Maín; & do-rónsat na rígha


p.8


181] sin taithigidh suirghi for na rígnaibh sin. Agus adubairt
182] Sadhb re Maicniad go faífedh leis do deóin a h-athar &
183] nach gébad leannánacht uadha, & adubratar na rígna eile
184] co ngébhdaís suirghi ó na saír-fheraib sin do ched ríg
185] Érenn
. Ro h-innisedh do Chonn na comráiti sin,
186] & tuc sé Sáraid do Chonaire & Maín d'Imchad Airm-Derg;
187] & do fhéimdhigh Sadhb & Maicniad feis le méd a
188] menman go rochtain inmhe dá n-innsaigidh.


189] Ó 't-chualaid Mog Nuadad an onóir mór sin &
190] in muirn adhbhal fuaratar na h-aith-rígha sin a coimidecht
191] Chuinn, tuc dá bréithir nach creitfedh do Chonn, &
192] dá tísadh de, co ndingnadh aith-rí nó innarbthach do
193] Chonn tré dul a cairdes {folio 2a. II}a námad. Ó 't-chualaid
194] Conn sin do chuir techta ar chenn Moga Nuadad
195] dá thabairt dá thigh nó d'fhógra catha air. Adubairt
196] Mog Nuadad co rachad co h-umal a ndáil catha dó. Cidh
197] trá acht do tinóiled ag Mog Nuadad maithi dá chóiged
198] Muman co n-a mór-shluagaib do fhresdal chatha do
199] Chonn. Agus do chuir Conn fis co Cruachain go
200] Conall Cruachna mac Aongusa Feirt , go a oidi ; & do


p.9


201] chuir techta eile ar chenn Guill mic Morna co n-a
202] fhianaibh; & do chuir daíne dinnsaigid dá ríg Ulad,
203] co Bresal mac Briúin & go h-Eochaid Cobha; & do chuir
204] fis co Crimthan Cúl-bhuide & go laochraidh Laigen; &
205] do thinóil féin fir Theabhtha & tuatha Temrach.
206] Ráinic Conall & curaid na Cruachna, & Goll mac Morna
207] co n-a fhianaibh, chuigi, & Crimthan Cúl-buide & maithi
208] Laigen ar chena; & ní thángadar Ulltaig ann ar a
209] olcas leó Imchad Airm-derg do chongbáil do Chonn.


210] Is ann sin ráinic Conn roime co n-a choimthinól
211] go sen-Magh Léna mic Dháthó d'innarbad Moga Nuadad
212] a Mumain amach, & tángadar dá chóiged Muman go Magh
213] Turscair a crích Muman i n-a n-agaid. Agus mar
214] fuaratar scéla a chéile, do éirghedar teglach Cuinn um
215] Asal mac Cuinn Fhéinneda taísech teglaig ríg Érenn,
216] & rángatar rompo d'iarraidh debtha & imgona ar teglach
217] Moga Nuadad; & tángatar macraid Maigi Tualaing &
218] teglach Moga Nuadad um Degad nDímsach taísech teglaig
219] Moga Nuadad , i n-a n-agaid; & tarrla dhá chéile iad a
220] Cruinn-mh aigh a bFeroibh Cea ll, & do thacrad ar
221] na teglaigh sin go talchair ré chéile. Acht én-ní,
222] ro chin dedar teglach Cuin n ar teglach Moga
223] Nuadad isin éigin sin, uair atorchair Degad Dímsach
224] don dula sin; & do chommaídhset a cosgar, & do impó
225] Asal roime i n-a fhrithing do chommaídhedh in gníma
226] sin re Conn, & ba maith le Conn an conscleó sin.


p.10


227]

7Agus adubairt Asal mac in fhéinedha an t-aithesc
228] so síos:—


    1. 229] Dursan ar gcuairt cosgair chain

      230] do ghuin Deghaidh deirg Diúmsuigh;

      231] do legadh linn 'san leirg léir

      232] trícha cairpthech dár gcath-réim.

    2. 233] Ro-n-gonadh , ro gonsam nech,

      234] ro chuirsim ár sluaig fá sech,

      235] ro chind teglach tighe Cuinn

      236] ar macruidh Muighe Tualuing.

    3. 237] Ro chuirsim treas co tarbdha

      238] risin macraid mór-chalma

      239] ar in gCruinn-mhaig, fá suairc sin ,

      240] do-chuamair-ne cuairt coscair.

    4. 241] D. S.


242] Is ann sin do-riacht Conn co n-a chathaib
243] d'innsaige fer Muman nó gu ráinic go Magh Siúil a crích
244] Éile {folio 2b. I}tuaisgcirt risi n-abar Magh Tualaing in
245] tan sa, & do chuiredar techta uatha d'fhógra chatha
246] ar feraib Muman isin mhaidin ar n-a mhárach. Ro
247] éirigh Mogh Nuadad go luathgáireach risna labarthaib
248] sin do thabairt chatha do Chonn, & dá ticed de
249] féin a thairmesg nír léig Mogh Néid náit maithe Muman
250] dó gan cathugad re Conn. Agus do bí Derg Damsa draoi
251] ag tairmesg an tachair fá na trén-fheraib & ag
252] mí-fháistine go mór dóib.


p.11


253]

8Agus adubairt an t-aitheascc sa and sin:—


    1. 254] Meassa gach maidin

      255] maiden trom Thualuing

      256] re maolad mo
      [...]
      9

257] Agus nír gab Mogh Néid chuigi in mhí-fháistine sin,
258] uair is dóig roba robadh do throich a thegasc, gur chóirigh
259] cath fíchdha fuilech a cert-agaid Chuinn. Agus innsuigis
260] Conn chuca co Magh Siúil go tarla a cenn a chéile go
261] com-díchra na catha; gur ferad cath-irghal chalma
262] choim-nertmar etir na curadhaib, gur foirrgit fir & gur
263] leónaid laoich & gur minaighit móir-scéith & gur cirrbaid
264] cath-mílid don chonscleó sin. Tarla Goll mór mac
265] Morna & Mogh Néid mac Deirg dochum a chéile isin
266] chath sin, & do-rónsat comrac ferdha fraoch-aigbéil ,
267] gorbo bristi bernach bruach-rébtha airm & aird-scéith na
268] n-áirsedh ón urlaidhi sin ; & dob í crích in chomlainn
269] do thuit Mogh Néid do nert-béimennaibh mic Morna
270] isin inad sin, & do maídhsed muinnter Chuinn a cosgar.


271] Agus do thimsaig Mogh Nuadhad a muinnter
272] tar éis Mogha Néid do níthugadh , & ní ar thlás nó ar
273] thime do-chuaid aigi a athair do marbad acht ar méd
274] menman & ar chruas craidi ; & tuc sciath tar lorg do
275] maithib Muman. Ó 't-chonnairc rí Connacht sin .i.
276] Conall Cruachna oide Cuinn, do innsaigh i n-a chromruathar
277] churad trésna cathaib go h-Eógan. Impóis rí
278] oirrthir Muman ris .i. Flann mac Fiachrach{folio 2b. II}
279] & congbais a chraísech re Conall go ttucastair áladh
280] an-abaidh fair. Anais Conall
a cosair chró ón áladh


p.12


281] sin, & imthighis Mogh Nuadad ann sin go h-arrachta, &
282] téid Conaire mac Mogha Lámha & Maicniad mac
283] Luigdhech a lenmhuin na laochraidhi sin. Agus rucsat
284] a muig deiscirt Éile ar Eógan & do chuirset greim anbáil
285] air ann sin, & do gonadh Eógan féin isin chumasg sin, &
286] rugsat a muinnter as ar nert a n-engnama é.


287] Agus ráinic Eógan roime don réim sin go Glais
288] Fhinnra a Feimen-mhuig, & do chuir sé Derg Damsa
289] draoi go Mag Siúil ar cúla go Conn d'iarraidh chairdi
290] re comairle air. Mar ráinic in draí co longphort Cuinn
291] do iarr ar Conn a léigen dó fert do chlaidhi do Mogh
292] Néid, & fuair sé an ced sin ó Chonn; & do-chuaid ós
293] cinn chuirp Moga Néid & do gab ag tuirsi uime fár h-imred
294] d'étualang air, & adubairt gorbo tualaing catha Cuinn ar
295] maithib Muman ar in mag sin, conidh aire sin do len
296] Magh Tualaing de. Agus do-rinne Derg Damsa draoi
297] fert do Mogh Néid, & do h-adhlaiced ann é co n-a arm ,
298] co n-a eirredh , co n-a éidedh, & co n-a chathbarr .


299] As a h-aithle sin do iarr in t-éiges cairdi trí lá
300] & trí n-oidhchi d'Eógan re comarle, & tuc Conn in chairdi
301] sin, & ráinic in draí roime d'agallaimh Eógain. Is ann sin
302] do thinóil Eógan maithi Muman & ruc leis go Glenn
303] Lára a Luachair Dedhadh na deig-fhir sin. Agus do
304] gluais Conn co n-a chathaib a cédóir go Glenn Lára 'n-a
305] lenmuin, & do chuartaigetar ferann Conaire mic Mogha
306] Láma & do chrechsad a urmór .i. ó Shligidh Dála go


p.13


307] h-Oilén Éile & ó Oilén Éile go h-Oilén mBric & ó Gabrán
308] go Cnám-chaill. Agus do thimsaighedar crecha
309] Maicniadh meic Luighdech ó Chnám-chaill go Luachair &
310] ó Shliab Eibhlinne co Sliab Caín & ó Shliab Caín co
311] fairgi budh dhes, & do thimsaig etir a mbroiti & a mbó-
312] tháinti leó. Agus tuc Conall Cruachna & {folio 3a. I} clanna
313] Morna troim-néll teinedh tar in tír .i. tar Iar-mumain
314] ó Luachair go Droing & co Loch Léin bud dhes, & tucsat
315] airgne & édála imda leó go h-airm a roíbe Conn co n-a
316] churadhaib. Agus do fhiarfaigh Conn scéla an inaid
317] a roibe Eógan dá éolchaib .i. do Chonaire & do Maicniad,
318] & adubratar-san a beith a mBord Laídhi a Comar na
319] Sealga .i. in Mangartach mong-ruadh & Loch Léin do
320] leith de & Sliab Cruadha & an muir don taob eile
; & nach
321] fétfaitís lín bud lia ináit féin rochtain dá n-innsaighe ar
322] én-shligidh. Imthúsa Moga Nuadad, ó 't-chualaid
323] catha Cuinn do gach taob 'gá timcheallad adubairt re
324] maithib a muinntiri tinól do dénam, & a ndruim do thabairt
325] re Duib-ghlenn, & ‘Ní cáirdemail atá Conaire & Maicniadh
326] re Muimnechaib aniu,’ ar sé.


327] 10Agus adubairt an laoidh:


    1. 328] 11

      329] tabhraidh bhar ndruim re Duibh-ghleann , ;

      330] do lingsiod catha Choinn chain

      331] go Gleann Lára ion bhur lenmhuin.

    2. 332] Ní h-urusa síol n-Éibhir

      333] d'ionnsoighid 'mó n-aimhréidhibh ,

      334] acht go ttáir dóibh gan doladh

      335] tionól & tiomsughadh.


p.14


336] Imthúsa Cuinn, do comairledh aige féin gan dul
337] isin mbelach mbodhba sin do bí etir sé & Eógan, acht
338] gabáil rompa a mullach na Mangartaig . Agus ad-chonncadar
339] as sin uatha éide & innile imdha a nGlinn
340] Laídhi, & laochraidh Muman ar n-anadh d'fhorgla ann
341] ó Eógan, uair do chedaig Eógan dóib a n-anamain ag
342] Conaire & ag Maicniadh ó nach raibe féin lín catha dóib.
343] Ro giallsat uile co coitchenn do Chonn & do roinn
344] Conn dá chóiged Muman itir Chonaire & Maicniadh.
345] Agus do impótar siar uile ann sin & do-chuadar budh
346] des co Carn mBuide a n-Érnaib, & do-chuaid cách lé
347] thosgaib féin do maithib Muman i n-a n-uirthimcheall ;
348] & do an Conn co n-a churadhaib coimlenmana 'n-a
349] comnaidhe a Carn Buide.


350] Ó 't-chualaid Mog Nuadad nem-daínighe
351] Chuinn isin chomnaidhe ad-bert re n-a muinnter{folio 3a. II}
352] éirghi do thabairt amais longphuirt ar in laochraidh sin,
353] ó nach roibe lín catha do churadaibh a n-agaid Chuinn;
354] & do thinóilsed clanna Deirgtheinedh co deg-thapaid
355] & do innsaigedar co Conn a cédóir. Rángatar rompa a
356] comfhogus Chairn Buidhe & do gháirsed féin & forairedha
357] Cuinn dá chéile, & dob ingnad le Conn a cluinsin ag
358] comfhuachad re fiallach na foraire don taob amuigh
359] don longphort isin maidin. Agus do éirghedar clanna
360] Morna & Conn co n-a churadhaibh, & tángadar i n-a
361] cathaib cóirigthi a n-agaidh Eógain co n-a uathad
362] shochraidi, & do cuiredh imaireg amnas etorra re h-edh
363] n-im-chian, gur thoitsed ánraidh imda etorra do gach
364] leith. Agus do-rat Eógan dá úidh nach fuair comthrom
365] comlainn .i. in sluag uile a n-aghaid én-duine , uair do
366] thuitset urmór a muinntire, & nír miadh leis teithed, &
367] do shanntaigh a dhíghailt; & do léig fá chathaib Cuinn


p.15


368] hé d'iarraidh Chuinn, uair ba derb leis hé féin do thuitim
369] & ba deimin leis Conn do thuitim leis dá táirsedh én-buille
370] dá shúil de; agus do gabh ag slaidhi na sluag . Amail
371] rucht prímh-luinge dá h-acairib tustall an churadh a
372] cath a bidhbad & a námad, & ní creitfide ó lebar ná ó eólchaib
373] re innisin ar thoit le Eógan isin irghail sin. Go tarla
374] ris Goll mór mac Morna, & do chomracsed in dá chath-
375] mílid sin co niata nem-uis náimhdemail ; & nírb ingnadh
376] sin, uair dobo créchta gan dúnadh a nderg-náimdenas,
377] & ní tháinic fiadhail tar a faltaib, & do ruamnaigedar a
378] ruisg amail taídhlech réltann ag reódh, & do línatar a
379] n-ochta dá n-análaib amail bolga gabann ag grís-shéided,
380] gur chréchtnaighetar na cath-mílid a chéili go mór.
381] {folio 3b. I} Agus do bí éigen mór ar Eógan 'm an am sin
382] .i. Leth Chuinn & urmhór Leithi Mogha um Chonaire
383] & um Maicniadh i n-a agaidh, & do bí éigen budh mó iná
384] sin air .i. Goll mac Morna agá thuarcain. Agus ní roibe
385] Eógan acht uathad dá degh-muinntir, & in chuid nár
386] marbad díb do bátar ar n-a créchtnugad; & do luigh in irghal
387] ar Eógan gur léigedar cách a fheidm catha fair, co nach
388] raibi do chongnamh aigi acht uaisli a fhola & cruaidi
389] a chraidhi & méd a menman & ro-méd a fhedhma & a
390] fhulaing. Agus adubradh gomadh dí-chreidte le
391] sochaidi do midh-laochaib go tuitfedh le céd ar thuit
392] le h-Eógan i n-a énar a cath na Cloichi Barraighi.


393] 12Agus do bí lennán lán-chumachtach ag Eógan
394] isin oirer sin .i. Édaín Innsi Greagraidhe, & do foillsiged


p.16


395] dí Eógan do beith isin éigen sin . 13Tic Édaín d'fhurtacht
396] Eógain & beiris lé asin éigen sin é d'aimdheóin a inntine,
397] & fágbais in Cloich mBarraigh agá tuargain a ndeilbh
398] duine tré druídhecht ag Goll & ag clannuib Morna & ag
399] slicht Fheidhlimid Rechtmair; & do-ní daíne dona
400] cairrgib coim-shlemhna & do chlochaib tuinighthi in
401] talman
a timcheall Eógain dá imchoiméd. Conadh
402] ón barrad sin tuc in chloch ar armaib Guill ro len in
403] Chloch Barrach dí ó shin i-lle. Agus tuc Édaín
404] naí longa luchtmara lé ar cuan Chinn Mara, & ruc Eógan
405] & ar mhair dá muinntir lé isna longuib sin co nach raibi
406] cumus nó cumachta ag Conn ar na curadhuibh.


407] 14Táinic Eógan begán sochraidi beó-ghonta an
408] adaigh sin arís d'aindeóin Édaíne, & tuc amus longphuirt
409] ar muinntir Chuinn; & do thuit leis Eólang Airm-derg
410] mac ríg Laigen, a quo Corr Eólaing , & {folio 3b. II} caoga
411] dá muinntir 'maille ris. Agus do lensat in sluagh é, &
412] beiris Símha .i. Chorr-luirgnig air .i. badhb & ban-ghaisgedach
413] do muinntir Ghuill í & is amhlaidh do bí
414] a carpat roime in tsluag & sí ag maídhemh 15 madhma
415] orra & ag guin muinntire Eógain & ag seóladh an tsluaig
416] orra. Anais Eógan fria & marbhais d'urchar do shleig
417] í, & tuitis isin abaind ; & sáidhis Eógan echlasc uindsenn
418] do bí a láim na caillighi do leth-taob an átha, gur fhás
419] ann, conidh de atá Áth Uinnsenn. Agus lenaidh an


p.17


420] sluag siar Eógan, & tic-sium amus eile orra, & marbais
421] Cuirrín Cenn-sholus mac ríg Connacht & trí caogaid dá
422] muinntir 'maille ris, conidh de do len Com Cuirrín. Tic
423] Eógan an tres amus orra a Tres-chaill & marbuis mórán
424] díb ann, conidh de atá Tres-chaill. Agus tiaghaid dá
425] ech & carpat na caillighi ó Áth Uinnsenn ar Símhín go
426] h-Áth etir dá Loch, & brisit cuing carpait na caillighi &
427] an carpat féin ann, conidh de atá Belach Sen-chuingi
428] ar Garbh-abhaind etir dhá Loch.


429] 16Agus do bátar sluaig Chuinn & clanna Morna
430] ag tuarcain na Cloichi Barraighi & na cloch tuinidhi eile
431] do bí isin trácht, & gor brisedar a n-airm ogá tuargain &
432] gur mhaoladar an chuid nár brisedar díb. Agus adubairt
433] Conn riú, ‘Sguiridh bar tuarcuin, a óga,’ ar sé, ‘uair
434] cairrgi cloch atá in bar n-agaid, & do-chuaidh Eógan
435] uaib.’ Agus do anatar sluaig Chuinn ann sin dá
436] n-urrlaidhi, & do chonncadar na longa uatha ar an aigén
437] & Eógan co n-a muinntir innta; & do impó Conn & Conaire
438] & Maicniadh & tángadar go Carn mBuidhe an aidhchi
439] sin. Do roinn Conn dá chóiged Mumhan etir Conaire &
440] Maicniadh, {folio 4a}& do imthig fén roime go Temraig, &
441] do bí Ére aigi gan imresuin fri ré naí mbliadan .i. in fad
442] do bí Eógan a n-Espáin. Imthúsa fer Muman, do
443] ordaighedar a fledha & a fuirega do thabairt chucu co
444] Carn mBuidhi, & do ordaigedar a feithme & a forairedha
445] do chur re h-agaid Eógain ó tá Áth Calbh aniar go
446] Tráigh Sen-locha soir, & ó Dún na mBárc atuaidh co
447] Trácht Remar uo dhes .


448] Imthúsa Moga Nuadad, innister sunn seal eile.


p.18


449] Ráinic roime co h-Inis Greagraidhi assin ngábad sin tar
450] éis a fuair d'ulc & d'uathbás, & do bí a comaonta
451] Édaíne an adaigh sin; & do cóirghid a créchta go
452] h-onórach ag Édaín, & do bhádar naí n-oidhchi aici17
453] isin innsi nó co ndechaid a sgís & a merten díbh, &
454] do gabh Eógan lámh ar imthecht assin innsi ann sin.
455] ‘Is pudar a fhad gur thriallais ,’ ar Édaín, ‘uair
456] mana bheitheá acht én-adaigh isin innsi si ní beitheá
457] acht én-bliadain a n-égmais Érenn ar innarbadh; & ó ataí
458] naí n-oidhchi isin innsi si beir naí mbliadna a n-égmais
459] Érenn, & rachaid tú echtra im-chian a h-Érinn co
460] h-Espáin. Agus cuirfed-sa coimghi chonaire umat,’
461] ar sí, ‘& do-bér imshlán a n-Érinn arís tú.’ Agus adubairt
462] Derg Damsa in laídh ann:-

    Derg Damsa


    1. 463] A Édaín fhinn fholt-bhuidhe,

      464] mithid duínn dul ar fairgi

      465] a tosach na h-ochtmaidhi

      466] le cóir na gaoithi gairgi .,

    2. 467] Gan fer bethad againdi

      468] ó Chonn 's ó thriathaib troma

      469] a gleó Chloichi Barraighi

      470] man beth Édaín 's a longa .

    p.19


  1. 471] 18Don turus-sa théighi-si

    472] a n-Espáin na slógh sreathach

    473] ní fhaicfi tú in Éiri si

    474] go cenn naí mbliadan mbreathach.


  2. 475] Co n-impóm go toghaidhi ,

    476] a ben uallach, ná h-égaín ;

    477] dúinn bus coimghi chonaire

    478] gach a n-abrai-siu , a Édaín.


  3. 479] a Édaín.


480] Dála Mogha Nuadad, do chuirestair a longa
481] ar fairrgi & do gluais roime. Naí trátha dóib ar fairrgi
482] nó go rángadar cuan ainbthinech na h-Espáine. Is é
483] ba rí a n-iarthar na h-Espáine an tan sin .i. Éibher19 mór
484] mac Midhna ; & do bí ingen oireghda a n-aentuma ag
485] in rígh sin .i. Bera ingen Éibhir , & áirmid eólaig ar mnáib
486] áille a h-aimsire í. Agus fá muirnech mór-onórach
487] oilemain na h-ingine sin rígh na h-Espáine, uair do bhídís
488] trí caogaid ban i n-a banntrocht i n-a coimidecht,
489] & do bíodh leithed a dhá bonn d'ór cherdamail fá


p.20


490] cosuib, & ba lasamail an baile i mbídh ó eirradhuib breac-
491] dhathacha a banntrochta. Is í sin aimser {folio 4b}a
492] tarrla aire ríg na h-Espáine ar fad aontuma a inghine, &
493] do iarr Dá Drona draí chuigi, & adubairt ris a fhis
494] d'fhaghbáil dhó cá fer lé faífed a ingen
. ‘Ro-fhedar-sa
495] sin,’ ar sé, ‘uair is a h-Espáin féin do-chuaidh cenél
496] in fhir agá mbia, & ticfa sé anocht a n-Espáin ; & éirghedh
497] h'ingen-sa soir go Sruth n-Éibhir & gébaidh sí bradán
498] ball-chorcra d'éignedhuib Mara Romair ann, & tlacht
499] caom corcra uime ó eirr go a ard-ghoilbech ; & benadh
500] Bera a eirradh de, & dénadh sí lenn lán-maisech fá chomair
501] a céile don tlacht sin.’


502] 20Agus ad-bert:—


    1. 503] Anocht tig co fír ar fecht

      504] mo-chen tárraid a thoidecht;

      505] lethfaid a chlann tar magh Fáil

      506] mar ticfa anocht a n-Espáin.

    2. 507] Éirig don trácht, a ainder,

      508] con-ciuchlathar do chainccen;

      509] do-géba tlacht corcra cain

      510] do bhradán Mhara Romhair.

    3. 511] 21Benfa-sa don bradán bras

      512] a thlacht & a innmas;

      513] do-ghéna lend bus caoin dath

      514] dá mbia in t-ainm Eógan Taídhlech.

    4. p.21


    5. 515] Fuaigh sída co corrthair chais

      516] bus ferr don druine dreach-mais,

      517] do geim gloine lóghmuir luinn

      518] ar lasad ré n-a ghualainn.

    6. 519] Amra iná gach mac in mac.

      520] dá 22tiphra a Bera, do brat;

      521] adéra cách thiar is tair

      522] ‘A Eógain co n-il-dathaib.’

    7. 523] Cúig anmanna in taídhlig taí ;

      524] Eógan Mór, Mogh Nuadad naoí,

      525] Eógan Fithecdha, ferr de,

      526] Eócchan Fial é ar a fhéile.

    8. 527] Amra an rí tic isin tráigh

      528] iarfus céili a n-Esbáin

      529] glórdha iná gach tuir in torc

      530] gébus a n-oirer anocht.

    9. 531] A.


532] Do-chuaid Bera roimpi co Sruth n-Éibhir an
533] oidhchi sin & fuair an t-éigna órda ann mar adubairt in
534] draí, & do ben in tlacht carcra de & do-rinne brat taídlech
535] de fá chomair Eógain. Táinic Eógan an adhaigh sin
536] co Tráig Éibhir , & fáiltighis tonn & tír roime isin Espáin
537] in adhaigh sin; & do-chuala Dá Drona draí sin & adubairt:—


    1. 538] At-chluinim fuaim

      539] tuinne re tír;

      540] soladh in gáir ,

      541] robadh ré rígh.

    2. p.22


    3. 542] An rí si thig

      543] tar fairgi nglais

      544] gébaidh dá greiss

      545] Ére ré ais.

    4. 546] Eógan é féin,

      547] budh móidi a buaidh,

      548] do-béra réim

      549] tar Éirinn fhuair .

    5. 550] Barr feda an tshlat ,

      551] ós linnib lua;

      552] tú bus ben dó,

      553] Mogh Nuadhad nua.

    6. 554] An tráigh si thís,

      555] tráigh Éibhir fhuair ,

      556] tuicim an tráigh,

      557] ad -chluinim fuaim.

    7. 530] a. c. l. u. in. im.


559] Táinig in draí a n-agaidh Eógain ann sin,
560] & do fher fáilti co michair ris, & ruc leis d'innsaigidh
561] rígh na h-Espáine; & do bí an rí co forbfhaílidh roime,


p.23


562] & do cuiredh a tighib leptha , & do fresdalad & do
563] frithóiledh
co cenn trí lá & trí n-oidhchi iad. Agus
564] tucad dochum rígh na h-Espáine iad iar sin, & do
565] fhiarfaig a toisg & turus díb, & do innis Eógan mar do
566] h-innarbad a h-Érinn iad; & do fiadhaigedh go h-onórach
567] ag rígh na h-Espáine iad; & tuc coinnmedh iarthair na
568] h-Espáine dá muinntir, & do chonguib Eógan aigi féin ,
569] & do bátar re ré chian ar an ordugad sin. Agus
570] do bí Eógan ag suirge an fad sin re h-ingen rígh na
571] h-Espáine; & adubradar muinnter Eógain nach facadar
572] riam ben budh áille iná Bera , & nach gébdaís
573] mar aithméla chucu a n-innarbadh a h-Éirinn dámadh
574] ben d'Eógan hí. Et do comóradh aonach ag in rígh
575] iar sin, & tángadar sluaig na h-Espáine uile ann,
576] & do cóirged macraidh {folio 5a. I}na h-Espáine uile
577] fá Fhraoch Mílesach mac rígh na h-Espáine; & tángadar
578] a mbanntrachta & a n-ingenraidh fá Bera uasail ilghrésaigh
579] , fá ingin in aird-rígh. Agus do bhádar na
580] sluaigh ag féchain a dealbha & deilbhi Eógain, & is ed do
581] brethnighedar nach facadar riamh nech budh áille iná

p.24


582] Eógan ná ben budh comadhaise dó iná Bera, & adubradar
583] cách gur oirches dóibh aontugad ré chéile.


584] Agus tucad Dá Drona draí d'innsaigidh in rígh.
585] ‘Éirigh,’ ar sé, ‘& fiarfaig d'Eógan créad dó gan
586] mh'ingen-sa d'iarraidh’ ; & fiarfaigis in draí sin d'Eógan.
587] ‘Adér-sa rit-sa a adhbhar sin,’ ar Eógan, ‘uair nír
588] miadh lium-sa m'éra fá mnaí, & dob h-egail lim breath
589] innarbthach do breith orm; & fós,’ ar sé, ‘ní thucus
590] seóid ná innmhas lim a h-Érinn dá tabairt d'éigsib nó
591] d'ollamnaibh; & is inmuin lium ingen an ríg fós,’ ar sé,
592] ‘& atá mo shúil re cairdes in rígh, & ní biadh dá n-obadh
593] a ingen do thabairt dam.’ Agus táinic Dá Drona leisin
594] aithesg sin dochum an rígh. ‘Is fregra fhlatha sin,’ ar
595] rí na h-Espáine, ‘& abair-si rem ingin-si suide ar láimh
596] ndeis Eógain isin aonach, & dénadh sí feis leis anocht.’
597] Agus do-chuaid Bera go h-ésgaid isin inad sin & adubairt
598] re n-a h-inailt dul ar chenn in lenna do-rinne sí d'Eógan,
599] & tucad dá innsaigid í, & do gabh uime ar uachtar a édidh
600] í go roibhe a taídhlech & a taitnem ar fad an aonaigh
601] uile, conidh de ro len {folio 5a. II}Eógan Taídhlech de.


602] Luighid an dias sin an adaig sin lé chéile, &
603] fá maith sén & soladh na lánamna sin. Urmór naí
604] mbliadan dóib go h-aíbinn isin Espáin, go ruc sí triar
605] do chlainn chaímh-dealbha dó innte .i. dá ingin &
606] mac. Oilill ainm an mic, Caímhell & Sgothniamh
607] anmanna na n-ingen, amail as-bert:—


p.25


    1. 608] Bera ingen Éibhir uill

      609] máthair Oilella Óluim,

      610] 's máthair na deisi déine

      611] Caímille & Sgothnéime 23.


612] 24Acht atá ní chena, táinic Oilill féin a
613] n-inad eile i n-a aghaidh sin, ar guba Saidbi , uair adubairt
614] gur a nDún Eochair Máigi rucad é, ut dixit :—


    1. 615] Dá dtugthaí mo roga dam

      616] do dúintib tenna in talman,

      617] robud í mo thoga thair

      618] is mo roga Dún Eochair .

    2. 619] Is ann rugad mo chlann chain,

      620] mé bu déin & m'athair;

      621] is é ar n-urradhas gach fhir

      622] 's ar mbunadas Dún Eochair .


623] Acht én-ní, ro gab inmaille & eimeltus Eógan
624] fá beith a n-égmais Érenn, & do gab láim ar Espáin
625] d'fhágbáil. Agus do-chuala rí na h-Espáine co n-a
626] uaislib sin, & do gab ag tabairt chomairli25 dá chliamain,
627] & is ed ad-bert fris: 'Beir-si uaisle na h-Espáine,'
628] bar sé, ‘d'innsaigid na h-Éirenn, &26 tesgaid & gerraid


p.26


629] Ére dá h-áit, & tabhraidh27 téda & rotha & réfedha
630] uimpe
28, & tabraid a29 lenmuin bar long í & suidigidh30
631] láim re h-uillind na h-Espáine í, ó nach31 fédair-si anadh
632] againde i n-a fégmuis .’ Nír gab Eógan chuigi co
633] maith an t-urfhuigell sin & nír binn leis é. Ó
634] 't-chonnairc32 Éibher sin adubairt arís ; ‘Más ed,
635] beir-si mo33 mac-sa let go34 h-Éirinn,’ ar sé, ‘.i. Fraoch
636] {folio 5b. I} Mílesach mac Éibhir , & fiche céd cath-armach
637] do míledhuib na h-Espáine i n-a fharradh, & gach aon
638] bus áil let-sa do luath-mharbad dóib, marbad uile gan
639] fhuirech iad.’ Ro thaitin in t-urfhuigell sin re h-Eógan
640] & risna h-Érennchaib uile, & ba maith leó a menma de.
641] Ro h-ullmaiged trá lón & longa leth ar leth dona laochaib
642] sin & do Bera co n-a banntracht, uair nír fhaom Eógan
643] a fágbáil isin Espáin. Agus ro áirim Eógan go roibe
644] naí mbliadna ar in echtra sin; & ro thinóiledar a muinnter
645] uile go h-Eógan & go h-Éibher ann sin.


646] Is and sin ro éirigh in sluagh neimnech
647] náimdemail sin dochum na cuan & na caladh, co h-airm
648] a rabadar a n-ethair urlama ar a cenn; & do chuiredar
649] amach a piasta uathmhara ingantacha ur-gránna, & a
650] mbárca luatha leabar-dhaingne, & a longa duba daithimdha
651] duaibsecha, & a sgúdada slemna seis-cherta socair-
652] thréna, & a laídenga fuaighthi fír-ghasta, as a lepthaib
653] lethna láin-míne, do rochtuin ó oirer na h-Espáine go
654] h-Érinn. Gur suidiged ar gach luing luaith-imthechtaig
655] acu sretha réidhe ro-gasta do rámhuib lán-míne lebar


p.27


656] choimseacha, & do-rinnedar imram cert cob saidh
657] cubaid comaontadach léidmech láim-thric luath réimdhian
658] an-athlam oiris-beg a n-aighthib tonn & sruth &
659] saobh-anfad; gurbo mer-ard uaibrech uaill-menmnach
660] fregartha tenna tul-borba treathan-misgnecha na tonn
661] ag accallaimh na sgút na sgiam-thosach. Gurbo
662] léibenda sreath-gela sruth-{folio 5b. II}borba na dobar-linnti
663] diana dímsacha ag dáil & ag díbragud na n-iasg slis-geal
664] slemain-tiug a mesg na rian-tonn ro-díghaind rith-
665] chubrach dona ruadh-bilgaduib, go ro sguabait ó
666] chluthraib crích & ó fhosgaduib iath & ó chaímréidhib
667] caladh. Co nach facadar an chuidechta sin
668] ní don chruinne co comlán acht madh tonna arda uallcha
669] ainbthineacha na h-aibéisi, & in cuan garb gáirechtach
670] ar corraigi ré rethaib rith-mera na ro-gaíthi 'gá rochtuin,
671] & ruibnedha recht-móra na remar-idhland 'gá righi tar
672] crislaigib comfhairsinga na cisél, & in muir borb baeglach
673] barr-chethach ag bethugad a bríghe le luath-imram
674] na long. Go tarrla in muir co corrach crith-lista ciachbraenach
675] re h-imrasguil na ngaoth & na ngarb-thonn,
676] tar láim-fhedmannuib na foirenn fir-nertmar ag
677] crithnugad na long tar an ler.


678] Is ann sin táinic síth na ndúl & na n-aird-rennach
679] dóib & fuaradar gaoth co des & go dírech i n-a ndegaid; &
680] do éirghedar na foirne feramla risna fedmannuib, & do
681] chengladar na téda righne remar-daingne dona ruadborduib
682] co cubaid comaontadhach gan righi gan ro-thennadh;
683] & do gabatar na foirne lonna láin-ésgaidhe
684] um na lebar-théduib co h-aithnidh inntlechtach dia


p.28


685] tacmac gan díchell gan dermad ó tá eibil go h-achtam .
686] Agus do chuadar na longa a cenn imthechta co
687] léidmeach ó na láim-fhedmannuib tar fudomnaib fliuchdoimne
688] na fairgi, & tar colbaduib corracha na cnoc-bóchna,
689] & tar sléibhtib siblacha na sen-fhairgi, & tar cladhuib
690] troma tuirseacha na trethan, & tar cisélaibh comdorcha
691] {folio 6a. I} cith-braenacha na calad, & tar tonnuib sotla slis-
692] tiuga na srothann, & tar radarcuib fuachda fraech-niata
693] na fairrgi; go tarla in muir i n-a nuall mer-uallach ag at
694] & ag éirghe le ferg na fuar-ghaíthi 'gá forrach ; gur thuigsedar
695] go h-éimheach na h-aird-rennaig ferg & fuasaíd na fairgi
696] ar bhfhás & ar forbairt, ó rángadar gadána gudhamnacha
697] na gaíthi dá gresacht.


698] Mairg ámh tarla etir an dá thenn sin gan tesargain
699] .i. muir & mor-ghaoth tarrsna re taobuib trén-long & re
700] cnarruib comdhaingne & re sgúduib sgothamla; gurbo
701] léibenn gránna geránach ar aillib & ar im-doimnib an
702] aigéin a gainemh & a grian35-turrscur ó íchtar go
703] h-uachtar. Co nár fháguib in ghaoth aca clár gan
704] crithnugad ná tairrnge gan tégadh ná falann gan fásgad
705] ná reng gan ro-brised ná leabaid gan luath-thaomad ná
706] crann gan crathadh ná slat gan sním ná seól36 gan tshaobad
707] ná laoch gan leónadh ná óg gan egla ná mílid gan merten ;
708] acht maithi & mór-choimsig, luinn & luamairedha na
709] laechraide, ag tegar & ag timsugad a téd & a táclad a
710] comaired do beth an muir ag caithem a muirne & a mongar


p.29


711] risin mór-ghaíth. Gidh trá acht ó da shéidestair in gaoth
712] a gail & nach fuair fáilti ná onóir ón fhairgi, do imthig
713] roimpe co baoth barr-udmall co h-aiti uachtaraigh
714] a h-anta.


715] Acht atá ní chena, fá sgíth an muir dá mongar
716] & do sguiredar na saob-thonna dá sibal, gurbo léibenn
717] cobsaid an cuan ar ciúnachad; go táinic menma i n-a
718] maithib & sonarti i n-a slóg & lámach i n-a laochaib &
719] cédfaid i n-a curaduib. Gur sheóladar rompa fán réim
720] sin go h-Inis {folio 6a. II}ngrian-phortaig nGreagraide ,
721] risi n-abar an t-Oilén Mór; gur gabadar a cuan cluthar-mín
722] Celga , risi n-abar Tráigh Celgaidh aniu i ndeiscert Innsi
723] Gregraide .i. Greagraide do Thuathaib Dé Danann do
724] bí isin innsi sin .i. athair Édaíne, & cumachtaig maithe.
725] Agus is uadha ro h-ainmniged in inis , & ro fháguib a
726] ingen innti .i. Édaín, & macámh ar mnáib Tuath Dé Danann
727] in Édaín sin, & lennán d'Eógan í. Agus táinic dá i-nnsaige
728] & do fher fáilti riú, & do innis sgéla Érenn d'Eógan, & do
729] innis dó Conaire & Maicniadh, dá ríg Muman , & maithe
730] Muman uile do beith a n-én -tigh a Carn Buide. Agus
731] ba binn le h-Eógan na scéla sin, & do an co mór aici ar in
732] fairgi, uair is a curach do chuaid Édaín i n-a agaid.


p.30


733] 37Agus is-bert in laoí:-

    1. Eógan
      734] Maith sin, a Édaín uallach ,

      735] gá tá curchán cath-buadach;

      736] in marthar , a buaid na mban,

      737] isin n-innsi a rabamar ?

  1. Édaín
    738] Mairid in fhithcheall egair

    739] d'imerthá 'san aird-lepaid ,

    740] is mairid in grianán grind

    741] a gcluinteá in timpán téd-bind.


  2. 742] Is dúsccad ratha do rígh

    743] in sén dá tángais a tír,

    744] & méraid co br&áth mbinn

    745] dá roinn ard-fhlatha ar Éirinn.

  3. 746] Nimhedh is Maicniadh don muigh,

    747] mac Mogha Lámha is Lugaid ,

    748] atáid a gCarn Buidhe bil,

    748] in ríghraid uile a n-aon-tig.

  4. 750] Éirig a dtír, dén calma,

    751] fágaiph do longa falmha;

    752] do-gébha a n-aon-tigh uile

    753] rígraidh Muman mór-glaine.

  5. 754] Ná marbh acht gab a ngialla,

    755] ní fhuil comairle is cialla;

    756] do-gébha, a fhlaith, líth co n-aíph,

    757] gach ní bus maith le h-Édaín.

  6. 758] M. S.


p.31


759] Agus is ed adubairt, ‘Maith in solad ar a táncais
760] a n-Éirinn a tír, a Eógain ,’ ar Édain, 'uair naí mbliadna
761] gus iniu ataí a n-égmais Érenn, & atáid do náimde
762] ag caithem do chríchi in comfhad sin; & éirig anocht,'
763] ar sí, 'dá
n-innsaigid, & buaidérad-sa a foraireda
764] co nach fagid robad nó rathugad romad.'38 Is
765] ann sin do-chuaid Eógan fá thír a n-oilén Édaíne ,
766] & tucadar a formnada re feórainn na fír-innsi co
767] h-ath-scíthech; & tuc Édaín tosach a fleidi dá féchain
768] dona flaithib, & do bí co h-onórach dá fuath & dá fír-misgais
769] .i. ingen ríg na h-Espáine.


770] Tugad Magar mac ríg gairb-deiscirt Érenn co
771] h-Eógan & adubairt fris dul co Carn mBuide mar a rabadar
772] maithi Muman um Chonaire & um Maicniad; ‘& innis
773] dóib-side39 co tánac-sa a n-Érinn don dula sa, &
774] sloinn a fuil d'allmarchaib am fhochair; & is ferr
775] linn umla d'fhagáil uatha san ar áis iná ar éigin.’ Agus
776] ráinic roime co bruidin Chairn Buidi, & do bátar an
777] dá ríg sin & maithi Muman uile a n-én-tig óla & siad mesgda
778] medar-chaín & do shloinn a thechtairecht, & ní thucsad
779] fregra fair, acht ad-bertadar fris fromad na fleidi mar


p.32


780] chách. {folio 6b. I}Agus ní h-edh sin do rinne Magar,
781] acht ráinic roime d'acallaimh Eógain & do innis scéla dó.
782] Agus do fergaiged Eógan de sin, & adubairt re n-a muinnter
783] éirghi do dhénam. ‘Ní h-amhlaidh sin do-géntar,’ ar
784] ingen ríg na h-Espáine, ‘acht ragaid in draí úd dá
785] n-agallaimh’ ; & is aire sin do h-anadh aca.


786] Ro éirigh Derg Damsa draí Eógain, & ráinic
787] roime i n-a ruathar co carraig Cairn Buidi mar a rabatar
788] an rígraidh sin ag éstecht re muirn & re medhair na míled
789] sin; & do shloind a aithesg & a uirighell, & nír creidedh
790] én-fhocal uadha. Ro labair-sium co fergach fuasaídech
791] friú, do labair Maicniadh mac Luighdhech a cinn athaid
792] ris, & do fhiarfaig scéla co céillidi de. Agus do innis an
793] draí Eógan go n-a allmarchaib do thecht a tír a n-&Érinn,
794] & adubairt riú-san giallad dó dá ndeóin & braighdi do
795] beith acu i n-a oirchill, nó co ndingnadh a eitech risna
796] sluagaib sin. Adubradar-san comadh maith leó Eógan
797] co n-a allmarchaib d'fhagáil re n-a oirlech. ‘Do-gén-sa
798] imthecht más ed,’ ar in t-éiges, ‘& ná bídh ingena Cuinn
799] in bar coirm-thig ar ar cinn-ne.’


800] 40Agus is-pert in laoí:—

    1. Derg Damsa
      801] Laphrad nech isin Charn chain,

      802] a laocha atá 'sa rígh-thigh ,

      803] taphraid freagra nach fáth fann

      804] ar Eógan Taídhlech taoiph-sheng .


    p.33

    1. Maicniadh
      805] Adér-sa rit, a Deirg déin,

      806] ar mac Lughdech co lán-mé in,

      807] an lín tángabair a-le

      808] nocha roisit aridhissi .

  1. Derg Damsa
    809] Sáruid ben Chonaire Chaímh ,

    810] ingen Chuinn an chrotha caoin ,

    811] éirgedh uaiph, ná bíodh astoigh,

    812] ná derntar fuirre fingoil.

  2. Maicniadh
    813] Calma Conaire na n-ech,

    814] & Macniadh mac Luigdech ,

    815] & Dáire na trí cath,

    816] & Maine mac Durrthacht .

  3. Derg Damsa
    817] Fraoch Mílesach mac Éibhir

    818] rígh Espáine, do éirig;

    819] is fer co mbrígh & co mblaid,

    820] ar nach gcuirenn sníom slaphraid.


  4. 821] L.N.


822] Ráinic Derg Damsa d'accallaimh Eógain iar sin,
823] & do innis ráiti na ríghraidi sin uile i n-a fhiadhnaise.
824] Do éirigh Eógan co n-a allmarchaib ann sin gan fuirech
825] & do gluaisedar rompa i n-a cipe chomdaingen chatha
826] co Carn mBuide, & tángatar a timchell an tighi a rabadar
827] maithi Muman, & nír léig aon-duine bethad as díb nó
828] gur giallsat d'aon-chomairle uile d'Eógan. Agus tucsat
829] a maithi uile a lámha a láimh Eógain .i. Conaire &
830] Maicniadh mac Luigdech & Flann mac Fiachrach rí
831] oirthir Muman, & tucsat uile braigde & eidire d'Eógan;


p.34

aca Notes revised till line 628
832] & do bátar a fledha & a fuirega & iad féin ar ordugad Eógain
833] an adaigh sin. Agus do éirgedar co menmnach ar n-a
834] márach, & táncadar a n-oirechtas um an aird-rígh, um
835] Eógan, & do bátar uile ó aithech co ríg igá riarugad.


836] Goiris Eógan Maghar mac rígh gairb-deiscirt
837] Érenn dá agallaim, & adubairt ris, ‘Éirigh uaim, a Magair’
838] ar sé , ‘d'agallaim ríg Laigen .i. Fiachaid Baicedha mac
839] Chathaír Móir, {folio 6b. II}& innis dó mo thecht-sa a n-Érinn,
840] & innis dó fós gurub é Conn Céd-chathach do marbh a
841] athair a cath Maighi h-Ágha , acht gé atá a fhis aigi féin;
842] & is é fós tuc forthórmach anma air 41féin isin
843] chath chédna, co nderna bacach baclámhach de,
844] unde Fiachaid Baicedha . Agus éirghed sé linne a
845] n-agaid a námhad, & cuimniged sé a fhalta co coitchenn
846] do Chonn, & tabrad sochraidi Laigen leis chucainne’


847] 42Agus ad-bert:—


    1. 848] A Maghair, éirigh bu dhes

      849] co crích Laighen na laoch-les ;

      850] ráidli re Fiachaid , foram nglé,

      851] táinic sunn mo shochraide

    2. 852] Mór in tsochraide fil ann,

      853] Fraoch Míleasach, laoch nach gann ,

      854] is fiche céd co náire

      855] do shluag adbal Easpáini.

    3. p.35


    4. 856] Millfidh Cruacha, gníomh gan geiss,

      857] & Emhain gan éisleis ;

      858] an ríghe benfaid do Chonn,

      859] dá bhfinna cách a chomlonn.

    5. 860] Tuitfid Conall lonn dá láim ,

      861] dagh-mac Aongusa imláin ;

      862] mar do-rinnis gním tré goil

      863] innis go fír, a Maghair.


    864] A Magair.


865] Ro imthig Magar leisin toisg sin. Tucad Derg
866] Damsa draí d'acallaim Eógain iar sin, & adubairt, ‘Éirigh-si
867] dam-sa,’ ar sé, ‘co Bresal mac Briúin & co h-Eochaid
868] Cobha, co dá ríg Ulad, & innis dóib gurub é Feidlimid
869] Rechtmar do marbh a n-aithri, & Conn féin dá cur-san
870] fá dhaír-chís dúr-fhoghnamha, & do sgar Temair riú.’
871] Agus ráinic in draí d'acallaim Ulad iar sin. Agus do
872] thinóil Mog Nuadad dá chóiged Muman co roibe naí
873] catha a n-én-inadh; & do thinóiledar Laigin co léir, &
874] táncadar co h-Áth Lethan ar Berbha; & táncatar Ulaid
875] co Finn-charn na Foraire ar Sliab Fuaid, d'athchur &
876] d'innarbad Chuinn. Ní h-edh amáin acht do impótar
877] fir Érenn uile air cenmothá Connachta namá. Ro h-innised
878] do Chonn na coimthinóil sin ar n-éirghi i n-a
879] agaid, & do aithin gur innarbthach é féin. Ro fhágaib
880] Temair co n-a turscar & ráinic roime co brónach bith-imshnímach
881] co Cruachain, & táinic Conall Cruachna &
882] Connachtaigh i n-a comdáil ann sin, & táinic Goll mac
883] Morna co n-a fhianaibh ann. Do h-innised do Mog Nuadad
884] Conn d'fhágbáil Temrach co n-a tuathaib ar a


p.36


885] theichedh-sum. ‘Is fír sin,’ ar Mog Nuadad, ‘inad
886] bunaidh ríg Érenn Temair; & mar do len-san misi fiarlaíd
887] dá chóiged Muman lenfad-sa eiséin a cóiged Connacht’


888] Ro gluais Eógan & a naí catha cóirighthi co
889] rángadar go Magh Dhá Dhos a ndeiscert Delbhna, & do
890] thaobadar coiméd Muman re Laignechuib, & ráncatar
891] co sen-Áth Mór ar n-a márach {folio 7a. I}risi n-abar Áth
892] Luain meic Lugair mic Luigdech; & do bátar an adaigh
893] sin ar ur in átha. Agus do-riachtatar ar n-a márach
894] tar Duib & tar Droibél, & do gabatar ag Loch uili in
895] adhaigh sin; & táncatar a Tochar Caorach Meadba ar
896] n-a márach, & a Magh n-Aoi mic Allgubha an druadh.
897] Agus dob áil le h-Eógan gan anad ann sin, acht Cruacha
898] do chreachad & Mag n-Aoi dh'argain, nó co tuc Conaire
899] & Maicniadh imfhastódh air mar athchuinchidh do
900] chongbáil a caradraid & a clemhnasa re Conn, nó co
901] cuirdís techtairecht um chert nó um chomroinn chríchi
902] chuigi; agus adubairt Eógan nach tibrad comroind dÉrinn
903] uadha. ‘Ní gnáth cath gan comaid, a Eógain’ ar iad-san,
904] ‘& taircther leth Érenn uait-si do Chonn,’ ar
905] siad, ‘& bídh an leth ro chosnais féin d'Érenn agad-sa.’
906] Tucad Derg Damsa draí co Mog Nuadad & adubrad ris
907] dul do thaircsin na comronna sin do Chonn


908] Imthúsa Cuinn, do bí féin & Conall & Goll co n-a
909] fhianuib an lá sin ar brú Thobair Thuillsci; & fuaratar
910] fis na sochraide sin do thecht i n-a tír, & do chuiredar
911] fesa dá fhis cáit a rabatar, & ad-chonncatar-séin uatha
912] iad, & fuaratar fis a n-aister & a n-uided & a cogair & a
913] comairle ó Maicniadh & ó Chonaire. Agus táncatar na
914] forchoimédaidhi ar tinnenas co h-airm a roibe Conn &


p.37


915] Conall, &43 do innisedar scéla deimne an tshluaigh dóib
916] .i. nach gébdaís gan leth n-&Érenn co h-uilidhi nó gan
917] cathugadh. Ó 't-chualaid Conn an comrád sin do
918] chromm a chenn & do chagain crann a chraísighi ó
919] h-urlainn co a h-innsma, gurab é a cró cruaidh-neimhnech
920] ro gab ré geil-dédaibh. Agus do éirigh co h-ogla ann sin
921] ar fód fo leith, & Conall & Goll & becán do maithib a
922] muinntire; & do fhiarfaig Conn díbh cá frestal do-bérdaís
923] ar Mog Nuadad co n-a allmarchaib, & co ndechaid Éire
924] gan amhuras uatha, {folio 7a. II}& gur impótar Laigin & Ulaid
925] orra, & mana derndaís féin calma don dula sin comadh
926] ath-rígha uile iad


927] 44Agus id-bert an laoidh:—

    1. Conn
      928] Comhairle dhúinn, a Chonaill !

      929] Tugadh aird-mhéala oruinn;

      930] rug Eógan mér-sheang, flaith Fáil,

      931] leath Éirionn as ar n-urláimh .


  1. 932] Déna an ní do-ghníre cách,

    933] congaibh do sgiath ar do sgáth

    934] tablair, a thuir nach tor lag,

    935] cath ar moigh do Mhogh Nuadhat.


    1. 936] Ro-n-tréigsiot Ulaidh na n-ech

      937] & Laighin na luath-chreach,

      938] co nach bfuilmíd re fáth ngluinn

      939] acht misi & tusa, a Chonaill.

    2. 940] In anfam re tineól tenn,

      941] a mhic Mórna na mór-lend ,

      942] go bfionnaid cách ar n-aidhbhle ?

      943] Fionnam créud do chomairle.


    944] Comhairle


p.38


945] 45‘Dénaim-ne riú-san,’ ar Conall, ‘mar dhaníimaíd
946] re cách .i. a ndíchur a cert chatha.’ Is í comairli
947] ar ar h-anadh acu ann sin, Magh n-Aí d'fhágbáil &
948] d'fholmugad co h-athlamh, & a mbanntracht & a mbótháinti
949] do chur a ndíthrebaib & a n-an-daingnib dá
950] ndíden, & gluasacht dóibh féin co foighidech in bec-shluag
951] do bátar láim re mór-shluag Moga Nuadad co nem-
952] chainntech. Co rángatar co Coill nGarbh-ruis , & do
953] bátar ag gabáil longphuirt. Agus dobo chesachtach
954] Conn ar a coimthinól, & do aithin dá muinntir tene
955] gacha trír & gacha deisi do dénam ar fud46 na fidbaidhi,
956] gomadh aidhbsighide le n-a n-escairdib iad. Agus tucad
957] a maithi fán teinid ar a roibe Conn. ‘Cinnas atá an
958] choill anocht?’ ar Conn. ‘Atá tré doiger derg-lasrach
959] donn-ruaide,’ ar iad san. ‘Aidéraidh in t-ainm dí co
960] bráth,’ ar in draí .i. Coill Ruadh


961] Is ann sin ráinic Derg Damsa draí d'innsaige
962] Chuinn leis na comadhaibh ó chianaibh .i. leth Érenn
963] do Chonn, & nír labair Conn én-ghuth i n-a agaid.
964] Adubairt Conall re Conn freagra do thabairt ar in ollam.
965] Tucad a chomairlig co Conn ann sin .i. Conall & Goll
966] & fir na Cruachna & máil Muighi h-Ái; & maithi na Midhi.
967] & brugaid Breagh .i. fir Aithe & fir Odhba, fir Chnodhba
968] & fir Omna, fir Gabra & fir Chleitigh, fir Thaillten & Thailend,
969] fir Arach & fir Fhrémann , fir Mhálann & fir Bethra,
970] fir Theabtha & fir Thulach, Luaighne Temrach & clanna
971] Fomair . Fada dóib a comairli ann sin, & is aire do ansad,
972] leth Érenn do gabáil ó Mog Nuadad, co léigedh sé a


p.39


973] allmaraigh uadha, & iad-san do éirghi dó i n-a degaid sin;
974] {folio 7b. I} & dob í sin comairli Chonaire & Maicniadh do
975] Chonn. Agus do chomairlighedar cinnas do roinnfide
976] Éire eturra. ‘Do-fhetar-sa a roind chóir,’ ar Conall
977] Cruachna, ‘ó Áth Cliath Medhraige co h-Áth Cliath
978] Duiblinni.’ Agus do bás ag cengal na comronna sin an
979] adaigh sin eturra. Agus do bí egla anbáil roime a chéile
980] ar na cathaib, conid Glaisi Imomuin ainm na glaisi boí
981] eturra. Agus do éirghedar leth ar leth co moch ar n-a
982] márach, & do chenglatar a comroind & a sídh, & do
983] thógaibsed cladh comronna díb línaib ón Áth Cliath co
984] chéile .i. Eisgir Riata .i. sídha .i. ro shídhaigh an tóraind
985] sin Ére uile. Agus ro impó Mog Nuadad co n-a sluagaib
986] a Mumhain arís co menmnach móir-chédfadach


987] Agus tucad Finn mac Cumaill dá indsaigid &
988] sé a cinn a naí mbliadan, uair is a mbliadain innarbtha
989] Eógain rucad Finn, ut dixit:—


    1. 990] Is ann rucad Finn, co mblaid

      991] bliadain innarbtha Eógain;

      992] a cinn naí mbliadan iar sin

      993] do bí an rí 'n-a rígh-fhéinidh

994] Tuc Mog Nuadad ríg-fhéinnidhecht a leithe féin d'Érinn
995] d'Fhinn ar n-a fhuráil d'Fhiachaid Bhaicedha mac
996] Cathaír Móir.


997] 47Agus do bí Ére ar in roind sin cóig bliadna
998] dég, amail as-bert in file:—


    1. 999] Cóig bliadhna dég adeir mé

      1000] Eógan is Conn a coim-ré,

      1001] gur thuit Eógan nár ér fer,

      1002] an leóman fá gér gaisged. .

p.40


1003] Is í sin an sechtmad roind do-rinnedh ar Érinn .i. roind
1004] chlainni Parrthalóin & roind chlainni Cermada & roind
1005] dá mac Miled & roind Chermna Fhinn & roind chlainni
1006] h-Iugaine & roind na cóigedhach & roind Moga Nuadad
1007] & Chuinn


1008] Ro h-innised trá d'Eógan gurab a ndóigh a
1009] allmarach dá fhágbáil, & do brissed sídha air dá mbeth a
1010] n-uaiti, tucad ar Conn in chomroind sin d'aontugad a
1011] comair cheilgi; & tuc Eógan dá bréithir, an fad do beth
1012] & Conn a coim-ré flaithes, nach léicfedh a allmaraigh
1013] uadha


1014] Ro chaithedar a com-fhlaithes ar in chórugad
1015] sin co cian d'aimsir nó co ndechaidh {folio 7b. II}Eógan ar
1016] mór-chuairt a leithe féin d'Érinn, co ráinic co h-Áth
1017] Cliath Duiblinni, & do-chuaidh d'fhéchain phuirt na
1018] long, & at-chonnairc gur lia longa ar cuid Chuind don
1019] chuan inás aigi féin. Agus do gab tnúdh anbáil Eógan
1020] uime sin, & adubairt gumadh éigen sochar an chuain
1021] do roind a ndó etorra, etir fhín & édach & éidedh & arm &
1022] turchairthi mara & tíre; & do chuir techta co Conn
1023] dá rádha ris techt do roinn an chuain co comthrom.
1024] Adubairt Conn nach cuirfed sochar in chuain fá
1025] chomroind chríchi nó feraind. Ó 't-chualaid Mog
1026] Nuadad sin do chuir an síth a n-airdi gan fuirech & do
1027] impó roime isin Mumain, & do innis dá allmarchaib cogad
1028] do beith oslaicthi acu re Conn; & ba maith le mac ríg na
1029] h-Espáine sin do chloistecht


1030] Is ann sin do tinóiled maithe Muman & laochraid
1031] Laigen & in fiche céd Espáinech do bí ag Mog Nuadad
1032] chuigi co roibe naí catha anbáili a n-én-inadh, & do gluais


p.41


1033] roime do dul tar cladh comronna for Conn & do chosnam
1034] Érenn uile fris. Agus do gluaisedar rompa co Magh
1035] Mine & do gabsat sosadh & longphort ann, & do chuiredar
1036] agaid gach én-phuiple ar Leth Cuinn. Agus ráncatar as
1037] sin co Brigh Theimhin a n-Éile, & as sin co Druim Furscair
1038] a n-oirther Coilli na Crann; & do fhéchatar fraech-magh
1039] for-réid do bí ar a n-agaid. ‘Cá h-ainm in magh úd?
1040] ar Mog Nuadad. ‘Magh Léna súd,’ ar siad. ‘Cá leth
1041] de súd a téid crích ar comronna re Conn ?’ ‘Atá don
1042] taíb si a bhfos,’ ar siad. ‘Dénam thairis bud thuaid
1043] más ed,’ ar Eógan, ‘& gabum longphort a Leith Chuind
1044] do chosnam Érenn uile dúinn féin ó nár léiged a leth
1045] dúinn’


1046] Is ann sin ráinic roime Eógan tenn tabarthach
1047] Taídhlech co lár Muighi lethain-Léna co n-a laochraidib,
1048] le nert sluaig & le sénóirib; uair dóig adubratar ris lucht
1049] áirimhthi aicnidh & ésca guruo dáil {folio 8a. I}co soirbh.
1050] re sechtmadh sin, & gurbo tráigh uirmhéala re h-ochtmadh,
1051] & gurbo treisi oll-chóigid dég re conách & re comthreisi
1052] do chinnedh a neirt for a náimdib. Acht atá ní chena,
1053] do ceiled fis ar a bfháidhib, & do saobad solad ar a sénóirib ,
1054] & do caithed conach 'n-a cédfaidh, & do medrad ferg &
1055] fír-dímus na flatha, & do tinnesnad recht na rígraide don
1056] ruathar sin; gurbo tress re timargad do na trén-shluaguib
1057] an turus sin, & gurbo nómadh agá ndeirg-díghbálad dá
1058] ndeig-fheruib, & gurbo contracht chélmaine dá curaduib,
1059] tenn & toirrthim na tosga sin do thuitim iar n-athaid orra


1060] Do gabad longphort lethan laoch-armach ag na
1061] lebar-buidhnibh, & sos suaichnidh sreth-línmar ag na
1062] sochaidib ar lár Maighi Léna co luathgáirech; & do


p.42


1063] h-ordaiged acu ann sin sluag ferdha re foghnam fo na
1064] fedhaib & buidhni sotla solma fo na sesguib , & do benuit
1065] leó roga ro-chleth & slemain slat-chaolaig & míne móir-fheda
1066] & dígaind deig-shesca, & tucatar leó eiredha
1067] troma tuillmecha d'fhedhuib & d'adhbaruib, do
1068] chlethaib & do chaolach, do dhín & do dheig-sheisc,
1069] co h-áit n-aontadhach n-aon-baile; & do-rinnedar díb
1070] sin scálána arda fad-chobsaidhi & tighi taitnemhacha
1071] tégartha & foirgnema áille esraigthe & broghadha sreatháille
1072] solus-ghlana suaithenta. Agus tucad as a h-aithle
1073] sin a slegha i n-a sreathaib ré slesuib & a n-airm ré
1074] n-ursannuib & a scéith ré sciathrachaib & a lúirecha ar a
1075] lebar-drolaib & a cathbairr ar a colbadhuib & étrom a
1076] n-arm ar a n-aidhlennuib & lámh-arm gacha laích i n-a
1077] lebaid. Agus do ordaighedar a múir a margaid , a
1078] cóir & a cennaighecht, a feithme & a fuirechrais,{folio 8a. II}
1079] a fesa & a fulachta, a ciúil & a codalta; & rucatar as in
1080] adaigh sin co solus-tráth éirghi ar n-a márach


1081] Is ann sin ro éirghedar laochraid mer Mairtine &
1082] curaid coim-thenna Cliach & catha cosnamacha Clidhna &
1083] óig-ríghraid na h-Espáine, & táncatar co pupall an aird-rígh
1084] Eógain, & is ed ro ráidset ris, ‘Is fada linne, a aird-rí,’
1085] ar iad-sum, ‘do bí cennas Temra ag Tuathal & Inis Fódla
1086] ag Feidhlimidh, & onóir ó chách do Chathaír, & na
1087] cóigid cco coitchenn ag Conn, Conall mac Aonghusa
1088] Feirt ag córugad maor for Mumuin, & forrán ag sluagaib
1089] Sinna for Siúir, & tarcuisne ag Breaghaib ar Bladhma, &
1090] maír Midhe for Maistin, & deisgert Érenn ag fognam co
1091] tenn don tuaiscert. Gurab aire sin is mithid linne Éire
1092] d'fhaicsin ar ar n-ordugad féin festa, & imle Ealga 'gár
1093] n-allmarchaib, ó tarrla againd fer taistil Temrach &


p.43


1094] laoch agallma Ulad, ar cur Chuinn dá chóir & Conaill
1095] dá chédfaid & Ulad dá n-uaill’


1096] Ó 't-chualaid Eógan medair cosnama agá
1097] chathaib & aigned innsaigthi agá uaislib & éirghi urlam
1098] 'gá allmarchaib, do fhregair dóib & at-bert, ‘Do-géntar
1099] linne,’ ar eisium, ‘trí bailti muirnecha múr-doimne ar
1100] in mag sa, innus co mbé Fraech fír-chalma mac ríg na
1101] h-Espáine ag forrán dá faithchib ar fhine Fheidhlimid;
1102] co rabh a threisi ar Thuillsci & a chís ar Chruachain &
1103] Temair ar a thóraind, Taillti ar a thidhlacad, & cís Leithe
1104] Cuinn as gach aird dá innsaigid, comba h-adhbar menman
1105] da bar maithib-si beith ag muirn dá múraib ar gach móir-
1106] chinedh eile i n-Érinn dá éisi’


1107] Do-rinned leó-sum ann sin trí múir oirechais
1108] d'ordugad & trí dúin tenna do thógbáil & trí cathracha
1109] com-daingne do chórugad. Acht chena ro tochladh
1110] {folio 8b. I} & ro toimhsed, ro cumadh & ro certaiged, ro
1111] snoided & ro slemhnaiged, ro delbad & ro daingniged, ro
1112] riaghladh & ro réidiged, ro dérgadh & ro doimniged; gurbo
1113] cothugad neirt re náimdib & gurbo sgarthain chríche
1114] re cinedhuib & gurbo delugad iatha re h-aicmedhaibh, na
1115] trí nescóide neimhnecha náimdemla nert-gáibthecha sin
1116] do gabáil ar tairsech Cuinn co n-a colamnaib. Co sgardaís
1117] ris trí buadha Breagh & trí muirne Midi & trí h-etirgleó
1118] oirechais Érenn .i. mór-dháil Uisnig & aonach Taillten
1119] & feis na Temrach


1120] Ó 't-chualaid sin Eochaid Muin-derg mac
1121] Máil, aird-rí Ulad, risa ráití Eochaid Cobha, fá báidh


p.44


1122] & fá buide leis na trí berta buadhnaise & na trí tonna
1123] tuirsi & na trí déra dílend sin do dhénum ar Conn. Óir
1124] dóig ro-fhitir-sium gurbo tene a cris & a craidi do Chonn
1125] sin, & gurbo comfhadód fícha re falaid na cnámhaillsi
1126] coim-neimnecha sin ré chnes. Táinic-séin roime co
1127] h-oirer mBreg & co Bóinn, & do h-airged leis crích Breg &
1128] Midi & tuatha Temra. Ro h-airgedh trá sin & ro h-innsaiged,
1129] & ro lomad & ro láithrighed , & ro creachad & ro comloisged;
1130] gurbo mothar dorcha detach-lethan doiger-mhór an tír
1131] ó Themraig co tuinn, ó Charaid co caím-Gréin, & ó R[macr ]ghi
1132] co ríg-Bóinn, co roibe crích Breg i n-a comar creach &
1133] i n-a céidi chuarta & i n-a sreathaib sirthi dona
1134] suidighthib sin


1135] Cid trá acht ó 't-chualaid Conn coiméirghi na
1136] cóig cóigedach i n-a chenn, & na fir ag báig gan
1137] bráthairsi,48 acht mad falta fich-móra fighar -throma
1138] ag fás & ag forbairt isna feraib sin, do éirigh Conn gan
1139] fuirech ann sin do thesarguin na crích; & fá luamhairecht
1140] etir dá theinid in tesargain sin, & fá h-imram crín-luingi
1141] co n-anbfaindi etir thonnuib baoghlacha 'gá báthad ,
1142] {folio 8b. II} & ba h-imlat etir dá theinid bruthmara Belltaine
1143] a imlat san etir Mog Nuadad & sluag Ulad 'm an am sin.
1144] Is ann sin do fhágaib Conn cóiged Connacht fá chrechaib
1145] & tír Theabtha fá throm-náimdib, & táinic roime do
1146] thesargain Temrach co n-a tuathaib, co riacht co h-oirer
1147] mBregh & co bruachaib Bóinne. Táncatar tuatha Temrach
1148] & clanna Feidlimidh Rechtmair dá n-agallaim ann sin
1149] & do innisedar a n-éigen & a n-anforlann dó.


p.45


1150] 49Agus do ghabh ag gresacht mhac Fedhlimidh go
1151] fíor-dhíochra & go fuireachair, & id-bert an laoidh mbig si
1152] ann:—


    1. 1153] A chlann Fheidhlimidh Rechtmhuir

      1154] do chinedh Thuathail Techtmhuir,

      1155] do chosuin Eógan gan acht

      1156] ó Áth Chliath cóigedh Connacht.

    2. 1157] Gidh fada dhamh a tTemhraigh

      1158] nocha dingén deigh-mhenmuin

      1159] ón ló ro h-innisedh dhamh

      1160] ceirt-leath Éirenn ag Eógan.50

    3. 1161] Go bfhaghar sochruide sluaigh

      1162] go mac Mogha Néid nert-bhuain ,

      1163] go ccomhruiciom ceann a ccend

      1164] go bráth nocha síodhuighfem.

    4. 1165] Uathadh loingios an rígh ráin

      1166] dhá ionnarbadh a n-Easbáin;

      1167] fuair sochruide dhí-mhór dhe

      1168] chugaibh, a chlann Fheidhlime .


1169] Is ann sin táinic Conn Céd-chathach, ó
1170] 't-chualaid nuall-guba na n-ainder & na n-anbhfhann,
1171] gerán na mban & na mbaeth-naídhen, sestén na míled
1172] ag commaídhem a creach, bó-ghéimnech na mbuar & na
1173] mbó-tháintedh; & it-chonnairc na feólmaighi & na
1174] fulachta do-rinnedar sluaig Ulad; & at-chonnairc an
1175] cnám-chomach coitchenn do-rónsat ar a uaislib & ar
1176] a ard-maithib; & at-chonnairc crích Bregh i n-a lasrachuib
1177] lethna lebar-thiugha luath-aidhbli, & i n-a dumaduib
1178] smúid-lethna smáil-ísle smúr-luaithrig; is ann sin rucastair
1179] Conn céim coim-nertmhar gan comairle dá chairiugad


p.46


1180] sin. Sillis rí Ulad dá éisi, & at-chonnairc meirgi ard
1181] ill-dathach an aird-rígh & sgiath coim-nertmhar Cuind
1182] agá chongbáil, & cath crom crann-ruad cédfadach i
1183] n-a coimlenmuin, & doire loim-thiugh lasamail laighnech
1184] ós na laochaib, & rí tenn tidlaicthech agá thennad. Is
1185] ann sin do h-ordaiged ag ríg Ulad i n-a n-agaid cath
1186] sanntach saigthenach dá sód, & laom sleigech sestán-beg
1187] dá soigin, & sluag dúr dí-choimsech i n-a mbróin
1188] chobhsaidh chrann-línmair dá cosnam gan uamhan
1189] báis nó beg-shaogail. Gur lingsed in dá chléith
1190] gháibthecha sin a cenn araile, gur h-ordaiged acu san
1191] flaithi re fosugad & maithi re mughugad & treóin re taphach
1192] {folio 9a. I} & gairg re gresacht & déin re díchennad & éigis re
1193] h-adhmolad; gurbo léibenn fosta fuirmithi na firu dona
1194] fedmannuib sin


1195] Is ann sin ro éirigh cuingidh congbhála cáigh,
1196] & cenn táthaighthi gacha tíre, & éigne ríghdha ro-gráinemail
1197] na ríghi, & stiúir chert chobhsaidh congbála
1198] conáich na cóiged, & buachaill tenn taistil na Temrach
1199] .i. Conn Céd-chathach mac Feidlimid Rechtmair; & do
1200] agair a fhích & a aimréir ar Ulltaib, & do chromastair
1201] le n-a chraísig fá na cathaib, gurbo tolla taíb leis &
1202] gurbo roinnti righthi & gurbo cirrthi cuirp


1203] Is ann sin do éirghedar caoga comalta Cuind do
1204] léchuib nertmara nemnecha, do neoch ar nach claithteá
1205] cath & ar nach maidhteá mór-theiched, & nach tréigedh a
1206] tigerna a n-airc nó a n-éigen .i. Eochaid Én-shúla mac
1207] rígh fer Foirtreann; & Cédgein Cruachna mac Conaill
1208] Chruachna, mac ríg Connacht; & Corc & Connla, dá
1209] mac eile Conaill; Eochaid Glúin-geal & Fiachaid Láimghel
1210] dá mac Crimthainn Cúl-buide, rí Oighli & Umaill


p.47


1211] i. ríg-rechtaire na Cruachna eisén, & Gáirech ingen
1212] Chrimaill a máthair-séin - dá derbh-chomalta chíghi
1213] & coim-leptha do Chonn iad; dá Eochaid & Fiachaid
1214] & Art Corb; Eochaid Finn & Fiachaid Súighdhe ;
1215] Fóidghein & Tibraidi; Maine & Dairbre, dá mac rígh
1216] tenna Teabtha; & Ros mac Imchada mac ríg Ulad;
1217] Oilill agus Énna; & Asal mac Cuinn Fhéinnedha , taíssech
1218] teglaig ríg Érenn. Agus rucatar sin fuirmedh fairsing
1219] foir-lethan re ferg na flatha


1220] Gidh trá acht ó 't-chonnairc rí Ulad ruathar
1221] an aird-rígh i n-a fhogus & díberg na ndeig-fher ar a
1222] daínib, rucastair sidhi mer mórdhálach dá chosc dá
1223] chéduib & dá chathuib. Co nach táras áth ná anacul
1224] ar na h-aird-rígaib, gur sháidhedar a ndá chraísig catha
1225] isna cnesuib, gurbo ruibnedha ruadh-derga a rengaib
1226] {folio 9a. II} na rígh na ruadh-chroinn, & gurbo fuindeóga
1227] sotla srib-derga na slesa dona sár-gonuib. Agus ní
1228] ráinic leó-sum acht imlaíd an dá álad sin do thabairt
1229] d'aroile, in uair rángatar dá chéd laoch do maithib a
1230] muinntire ar a mbélaib, & do gabsat-séin ag rodhbad &
1231] ag ro-thollad aroile, gurbo linnti lethna lebar-thiugha
1232] loch-móra gach láthair fána laochaib le h-imad na sreabh
1233] & na sruthán risna slesuib. Co nárbo lór51 leis na laochaib
1234] álad a n-ard-chraísech mar oided ag rochtuin a colcc
1235] dá combualad aroile, gur thorchratar i n-a cosrachaib
1236] cirthi céd-marbtha a fiadhnaise a dhá thriath ar toitim
1237] lé chéile


1238] Is ann sin ráinic Conn do-ridhisi & rí Ulad
1239] d'innsaigidh aroile isin irghail, & tucastair Conn tulgán


p.48


1240] toirrsech ann don manaís móir-lethain móir-neimhnigh boíi
1241] n-a láim, go tarla isin chobraid medhóin isin móir-sgiath
1242] ón toimde sin, & gurbo doras díchra doman-chirtha dergruathar
1243] lethan na laigne trésin laoch; go tarla an tsleg
1244] gan tshechna i n-a cléith chró & i n-a h-eochair oslaicthi
1245] agá thrén-fhormna. Agus ní riacht le Conn an tsleg
1246] do tharraing an tan do sháidhetar a chaoga comalta sleg
1247] mhór gacha míledh, co rabatar i n-a cosairmidh chró
1248] tré chorp an churadh amail bíd cuillesga tria
1249] churchais. Agus tucastair Conn féin béim náimdidhi
1250] niath-mhisgnech sech cimais an chroim-sgéith don
1251] chath-mílid, gurbo ball díchra díbraicthi ó chaol na
1252] colla an cend ar toitim an laích dá leth-taob i n-a asglaind
1253] sgailtighthi ar sgáth a sgéith. Is ann sin co críchain
1254] Conn féin frithecht flatha co fosad as a h-aithle, gur
1255] fhágaib gach bó 'gá bóthar & gach broid 'gá baile an
1256] adaigh sin ; & do impó co Temraig an adaigh sin do chodlad
1257] innti, uair nír shaíl {folio 9b. I}an lá roime sin codlad én-oidhchi
1258] a Temraig re ré Moga Nuadad & rígraide Ulad


1259] Táncatar chuigi-sem an adaigh sin a charaid
1260] chumachta do Thuathaib Dé Danann .i. Aodán a Sídh
1261] Dabilla, & Aodh Édair, & Crimthann Callaindi, & Derg a
1262] Sídh Deirg,& Aongus an Brogha, & an Ruadh Rebach
1263] ó Chuillinn, & an Craebach Cairn Chuip , & Septhann
1264] Átha Sige
, & Maon-dornd Maídmech co n-a macuib, &


p.49


1265] 52Séimh-sheng & Móir-sheng dá ingin Maon-dhuirn
1266] Maídhmig , & Goth Gaíthi Glan-uallach , & Aífe
1267] ingen Gotha Gaíthi; & tucatar sin losa leighis i n-a
1268] ledarthaib & urchoisg cabartha 'n-a chnedhaib
1269] & luibe íce 'n-a áladhaib , gurbo calma coirp-shlemain
1270] cnedh-íctha Conn co n-a churadhuib um tráth éirghi
1271] do ló ar n-a márach. Táinic Conn ar faithchi na Temrach
1272] iar sin, & táncatar dá agallaim ann sin a thrí lennáin tshíde
1273] .i. At & Lann & Léna , trí h-ingena Truaghna Treagha, &
1274] do gabatar 'gá gresacht d'innsaigid Maighe Léna


1275] 53Agus ad-bertadar an laoi:—


    1. 1276] Annamh let luige re níth ,

      1277] a Chuinn muige na trí ráth

      1278] do benad dít, fír ro-fes,

      1279] in leth sa thes Gaoidhel gnáth.

    2. 1280] Do roinnedh rit Éire fhial

      1281] ó rian Léime Con na gcuan,

      1282] ó Áth Chliath Medruighe mbinn

      1283] gusan linn ag Édar uar .

    3. 1284] Do chinnsat curaidh Clíu Máil,

      1285] na fir as an Mumain móir,

      1286] co claoidhfidís talmain truim

      1287] comadh oil ar Leith Chuind chóir.

    4. p.50


    5. 1288] Éirig, a tháthóir na dtuath,

      1289] a ua Thuathail chabras cách,

      1290] & roich co Magh Léna láin

      1291] dá comhaillir báigh co bráth.

    6. 1292] Do marbais mac Máil co mbuaidh

      1293] & a shluaig ar an leir g;

      1294] do ríoghuis mac Imchaid áin

      1295] tar éis an áir nár gabh d'fheirg .

    7. 1296] Ná h-éircched uait Eócchan oll,

      1297] an leócchan lonn cuairt na clann ,

      1298] co raiph ar Muigh Léna a leacht ,

      1299] a sccéla, & a fhert ann .

    8. 1300] A. n.dam.


1301] Is ann sin ráinic Conn roime co nÁth Luachra
1302] a crích Thulach an adaigh sin, & do gabad longphort
1303] aigi ann gan gráin ré ngábadh & gan uaman ré n-imarcaid.54
1304] Uair an adaigh do gein Conn a Temraig do fháiltighedar
1305] trí tonna Fódla fris .i. Tonn ogla osnad-mer Inbir ag
1306] freagra Thuinne ruide rith-ghairbe Rudhraige, & Tonn
1307] chorrach chubar-bhán Chlidhna ag freagra in dá thonn


p.51


1308] ard-engach uas aídech oile ag fáilti na flatha fós . Agus
1309] do genetar isin oidhchi chédna croinn toraidh tré thalmain
1310] .i. Bile Tortan & Eó Rosa & Craebh Mughna & Craebh
1311] Dhaithi. Ro muidhsed trí h-aibne uaisle tré thalmain
1312] isin oidhchi sin fós .i. Siúir & Beóir & Berba; & trí locha
1313] uaisle .i. Loch Riach, Loch Léin, Loch n-Echach , amail
1314] at-bert an file:—

55


    1. 1315] [.r.] An adhaigh ro génair Conn

      1316] ba faílidh fris Ére oll

      1317] is innti ro geinset trá

      1318] Bile Tortan, Eó Rosa.56

    2. 1319] [.r.] An adhaigh ro génair Conn

      1320] ba faílid fris Ére oll;

      1321] innti ro maidset fá rath

      1322] Loch Riach, Loch Léin, Loch n-Echach .

    3. 1323] An adaigh ro génair Conn

      1324] ba faílid fris Ére oll;{folio 9b. II}

      1325] innti ro maidhset dona

      1326] Siúir & Beóir is Berba


1327] Agus cid ná budh imghuin re sgáth57 cathugad
1328] fris, ó tá adhaigh Luain a rucadh hé a Temraig gusan


p.52


1329] 58Máirt i n-ar básaiged é ag Druim Tuirléime ? ut dixit
1330] Senchán 59:-

    1. 1331] .r. Adhaigh Luain rucadh an rí,

      1332] mál Midhe, mac Feidhlimi;

      1333] Dia Máirt60 ar n-éirghi gréine

      1334] fuair bás a nDruim Tuirléime


1335] Agus do chaithestair a urraind d'Érinn re
1336] fiche bliadan
, amail as-bert in file:—


    1. 1337] Conn cóig bliadna fá chethair

      1338] rob iarla co n-aird-chrechaib ;

      1339] do-rochair Conn cláir Midhe

      1340] le mac Máil mic Rochraidhe .61


1341] Is ann sin táinic Conn ar fód fégtha fáth iar sin,
1342] & táncatar dá agallaim 'm an am sin a threóin & a thaísigh,
1343] a mháil & a maithi, & táinic ann Conall mac Aonghusa
1344] Feirt, a oide; & do gabh Conn agá thaisbénadh dóib gach
1345] ní budh dóig leis do thecht i n-a chenn, & do iarr comairle
1346] um dháil na caingne sin. Agus do fhregair Conall é &
1347] is ed do ráidh, ‘Déna-sa,’ ar sé ‘gach ní bus cóir uime
1348] sin, uair is ort féin atáit na teora buadha ratha rígh mad
1349] co trásta .i. tírthi do tháth & catha do clódh & conáach
1350] cosgair ar do churadhuib re coimérghi.’ ‘Is egail
1351] lim-sa ámh,’ ar Conn, ‘colamain ria Temrach do
1352] thuitim lé náimdaisg->ib a n-asgaidh, & sluag Connacht do


p.53


1353] chirrbad gan a n-oired d'échtuib i n-a n-agaid. Eagail
1354] lim fós mo bás nó mo baeghlughadh féin, nó maidm foram,
1355] nó m'indarbad a h-Éirinn, ní nach dernad form as
1356] m'oigedas
; & is ed do-gén-sa, do-bér maidm ar mh'aghaidh
1357] ó nach dín ar ég a ingabáil
’.


1358] ‘Déntar agad-sa, a aird-rí,’ ar Conall, ‘fostacht
1359] re ferg & taí re tagra & éistecht re fiarfaigidh & cruas re
1360] cogad & calmacht re cathaib. Dóig do-géba tú colamhain
1361] Temrach dod chosnam gan dícheall don dula sa; uair
1362] is iad sin cuailledha tréna Tuathail & uaithneda fíchdha
1363] Feidhlimidh & cletha cosanta Cuind Chéd-chathaigh;
1364] & do-ghéba-sa sluag Connacht dod chosnam. Uair
1365] gach nech is sine inaí-siu acu, is oidedha duit iat, & gach
1366] comhaís is comalta, & a macáimh i n-a ndaltaib {folio 10a. I}
1367] dílsi duit;62 & nár léigis uasal a n-inadhaibh ísil, ná daor
1368] a flaithes flatha, ná cam do chaithem re cóir, acht gach
1369] nech for a díre & for a dúthchas, ó tucais timchellad flatha
1370] for Fódla .i. ó thuitim Chathaír Mhóir co táinic Eógan


p.54


1371] a h-Espáin d'fhuadach Érenn as ar láimh-ní. Agus
1372] is deimin lim-sa nach ba h-áillecán a láim leinib big Éire
1373] a n-urláimh Eógain co n-a allmarchaib, uair ní fuighther
1374] gan congháir chatha uatha hí. Agus ná sechain-si
1375] an cath, a Chuinn,’ ar Conall, ‘uair atá clár talman fár
1376] troighthib-ne aníss & atá faircle fuar-fhliuch na
1377] firmaiminti foraind anuas; & is briathar dúinne, nó go
1378] sluigi an talam síss sinn, nó go tuiti an fhirmaimint
1379] anuass oraind, nach béram oired ordlaig tar ar n-ais nó
1380] céim ar cúlaib 'gut chosnam-sa’


1381] ‘Léig as ai-le, a Chonaill,’ ar Conn, ‘is medhair
1382] fhir re for-éigen na focail sin, & is tagra re borb nó
1383] re baoth-chinedh na briathra sin. Dóig ámh is dortad
1384] ratha do ríg ro-uaiti, & is doras báis beg-shluag, & is
1385] comartha fainde uathad sochraidi. Is uime sin is áil
1386] dam-sa techta do chur le comadaibh eile co h-Eógan.’
1387] ‘Cársat comadha sin?’ ar Conall. ‘Na trí cúigidh
1388] fuilit aige féin dó gan imreasain d'Érinn, & an cethramadh
1389] cóiged uaim-si dó mar chomaidh a n-a cenn sin .i. cóiged
1390] Uladh; & do-bér dó ré comall sin grian & ésga, muir &
1391] tír, gan fogail gan ingreim gan anforrán rem ré uaim-si
1392] air; & léiged dam-sa crícha Teftha gan toirmesc & Temair
1393] & cóiged Connacht.’ ‘Is mór an choma sin,’ ar Conall.
1394] ‘Gidh mór,’ ar Conn, ‘cedaim-si d'Eógan í ó nach fuilim
1395] lín catha do chédaib nó do churadhaib dó.’‘Cia
1396] rachas leis na comadhaibh sin?’ ar cách. ‘Eochaid
1397] Glúin-gel & Fiachaid Láim-gel, dá mac Crimthainn
1398] Chúl-bhuidhe, rí Oighle & Umhaill.’ ‘Dobo >córa 63
1399] filid & aos dána do chur leis sin,’ ar cách. ‘Ní
1400] chuirfem,’ ar Conn, ‘ar nach abradaís allmaraig &


p.55


1401] Érennaigh comad a n-athchiuingidh do-gébhdaís filid
1402] urraind d'Érinn dúinn’


1403] Is ann sin ráncatar na techta sin {folio 10a. II}rompa
1404] co h-airm a roibe Mog Nuadad, & do léiged a pupall an
1405] aird-rígh iat, & do innsedar a n-aithesga don aird-ríg.
1406] ‘Ní gabtha sin,’ ar Flann mac Fiachrach. Ro
1407] fhreagair an t-aird-rí iad & is ed ro ráid, ‘Robudh aíbhnes
1408] gan eocha dam-sa sin,’ ar Eógan, ‘& robudh chuirm
1409] gan chorna 64, & robudh chonách gan cheól, & robudh thigernas
1410] gan taithighe , & robudh iasacht gan indlacad dam-sa,
1411] imlecán 65oirechais Érenn am ingnais & Temair co n-a
1412] tuathaib; & ní fhúicéb-sa an bern sin dom chonách gan
1413] caithem, uair dobudh aisg ar m'fhine tar m'éisi sin, & ní
1414] ghéb-sa na comada sin.’


1415] ‘Is ed ad-chualamair-ne ó Chonn,’ ar na
1416] techta, ‘nach dlegar saigin tar síth ná cath tar comaidh
1417] ná mire tar móir-réir.’ ‘Cia sibh-si féin, a
1418] óga?’ ar Eógan. ‘Eochaid Glúin-ghel & Fiachaid Láim-gel
1419] sinne,’ ar siad, ‘dá mac rígh Oighle & Umaill, dá
1420] chomalta do Chonn.’ ‘In budh geall re oirechas nó
1421] re umhla dam-sa sib?’ ar Eógan. ‘Ní budh edh,’ ar
1422] siad, ‘uair doba díchur flaithesa dó-san oirechas Érenn
1423] d'inggabáil ar aba anma én-deisi; uair do-geib mac maith
1424] muinnter,66 & atá & biaid Ére aigi sin, uair is é baránta
1425] is ferr dá caithem & dá cosnam é ; & is briathar dúinne
1426] do réir ar n-aithni-ne ar Conn, acht gé tharcaid comaid


p.56


1427] uadh nach léicfedh baile biataigh d'Érinn duit-si, acht
1428] gurb áil leis do dhul-sa tar cóir & tar comaid.’ Ro
1429] fergaiged Eógan uime sin & at-bert,67 ‘Beiridh libh na
1430] techta úd,’ ar Eógan, ‘co mullach na tulcha & riaghthar
1431] lib iad’ Do-rónadh amhlaid sin friú, conid uatha aderar
1432] na Riagha Mhaigi Léna beós


1433] Is ann do-chuala Conn a chomaltada do
1434] chrochad an tan fá com-dorcha fér re fidbaid; & do gab
1435] agá caínedh do chnedaib & d'éigmib mar do-ghénadh ben
1436] nó baoth-ingen. ‘Coisg dínn do chuma’ ar Conall,
1437] ‘uair do-géba tairisi madhid trén; & díghail a cert chatha
1438] nó claidimh do charaid.’ ‘Is amlaidh is cóir’ ar Conn,
1439] ‘& ag so mo briathar ris,’ ar sé, ‘dámadh amlaidh do-génadh
1440] Eógan mo dhá chomalta {folio 10b. I} do ghabáil
1441] & a léigen beó lim a h-Érinn, nach ticfaind én-oidhchi a
1442] n-Érinn re beathaid Eógain ; & is briathar eile damh, dá
1443] léiged-san Éire uile dam co cethramain baile biataigh,
1444] nach gébaind sin uadha nó co ndíghlaind mo dhá chomalta
1445] air’


1446] 68‘Agus as dursan damh an toisg lér chuirios iad;’
1447] & adubhairt an laoidh ann:—-


    1. 1448] Dursan, a Eochaidh go n-aoibh,

      1449] dortadh fola ar thuinn do thaoibh,

      1450] gan bheith léd ré ad ruire ,

      1451] a mhic Criomhthuinn Chúl-bhuidhe.

    2. p.57


    3. 1452] A Fhiachaidh mhic Criomhthuinn chais

      1453] a h-iath Aidhne imiol-ghlais.

      1454] do loisg mo chroidhe gan cheilg

      1455] do chorpán fo chrú chró-dheirg.

    4. 1456] Dearg bhurr n-aighthe, fionn bhur ccúil,

      1457] soillsi dreiche, doirche rúin,

      1468] garbh bhur lámhach a ccath chain,

      1459] mín bhur ndálála le h-ainnribh.

    5. 1460] Dar nemh is dar talmhuin tréin ,

      1461] dar éuscca, dar gaoith, 's dar gréin,

      1462] nocha béarad céim ar ccúl

      1463] nó go ndernar cách d'iompúdh.

    6. 1464] Éirigh, a Chonuill Chruachna,

      1465] gabh do sgiath fhor-dhercc fhuachdha,

      1466] roich go Magh Léna, líth ngal,

      1467] go nderna gníomh bhus dursan.


1468] Is ann sin do gab Conn a eirred catha uime .i.
1468] a chneis-léine chiartha chom-daingen co n-a teora.
1470] réltann do derg-ór fuirre; & do gab a inar do shróll
1471] il-breac ingantach Thíri Tairrngire co ngabad dó ó fhosadh
1472] a chinn co a cholpa ; & do gab a lúirig truimm treabraid
1473] trén-daingin co n-a cennait chom-dhaingin don chinél
1474] chédna; & do gab a chois-éidedh do chaol-fhinnruine
1475] fá chosuib; & do gab a dhá lámhaind lúthmara im a lámhuib
1476] nach fes cá mitall dóib, acht a fagáil a sídh dó & dath
1477] snechta re sith-shilledh orra-séin, & buaid coscair ar in
1478] tí fá mbídís, & ní tabarthaí urchar n-imraill eistib &
1479] do gab a muince mín-édtrom im a muinél & a minn aird-rígh
1480] um a chend, a rabatar caoga gemm carrmogail do
1481] chlochaib tíre na h-Innia - ba com-sholus lá & adhaigh
1482] as-séin; & do chengail a chlaidhem69 dá leith chlí &


p.58


1483] do gabh a sciath cimais-derg comramach fair; & do
1484] thóccbustair a dhá chraísigh chrand-ramra catha co
1485] mbunchoraib óir deirg im a mbráighdib


1486] Is and sin do fhiarfaig Conn do chách, ‘An
1487] súntach bar sin nó in urlam bar n-óig dochum in
1488] chatha sa?’ ar sé. ‘Is ed ón, a aird-rí,’ ar siad. Is
1489] ann sin ráinic Conn roime co fosad Droma Dam, risi
1490] ráiter Druim Sduagha ar Maigh Léna, áit ar sduaghatar
1491] catha Cuinn croinn a slegh ar léigen a truim forra re h-edh
1492] a comairli. ‘Cáit a fhuil Finn mac Cumaill?’ ar Conn.
1493] Ro fhregair Finn dó. ‘Éirigh,’ ar sé, ‘an fiche céd
1494] curad ataí, do thesargain Temrach co n-a tursgar, &
1495] madam beó-sa do-géba luach a taisgedha dá tarba; minbam
1496] beó imorra atáid géill & eitiri Érenn innti, & caithfi féin
1497] do ruithen dá rath.’ {folio 10b. II}Imthighis Finn roime co
1498] Temraig, & do thuic nach le tairisecht do chuir Conn
1499] uadha é


1500] Is ann sin do fhiarfaigh Goll mer míleta mac
1501] Morna, ‘An edh is áil lib oirrlech no imbualad oidhchi
1502] do déna?’ ‘Is ed ón,’ ar Conn, ‘ó nach fuilmít
1503] coim-lín cath nó céd nó curadh re h-Eógan.’ ‘Tucus
1504] féin fám bréthir,’ ar Goll, ‘an lá do gabhus airm laích
1505] am láimh, nach dingninn imbualadh oidhchi dom dheóin,
1506] uair ní fhuil mo rosg co rinnamail, & ní foráil lim soillsi
1507] an laí agum; & gidh edh, an comlann is cruaidhe in bar
1508] cinn-si, dingébhad-sa ar ló da bar laochaib é’. ‘Eógan
1509] sin,’ ar siad. ‘Léigidh dam-sa é, ar Goll’


1510] ‘Cúich agaib dingbhus dím,’ ar Conn, ‘Fraech
1511] mac rígh na h-Espáine atá fiche céd curadh a longphort
1512] ar leith ó chách ?’ ‘Misi sin,’ ar Eochaid Én-shúla


p.59


1513] mac ríg fer Foirtreann. ‘Cúich agaib dingbhus dím
1514] secht mic Shicir co n-a sluagaib?’ ‘Sinne sin,’ ar trí
1515] mic Conaill Chruachna. ‘Cúich agaib dingbhus dím
1516] secht mic Dhoghair co n-a sluagaib?’ ‘Sinne sin,’ ar
1517] dhá mac Fheidhlimidh .i. Eochaid Finn & Fiachaid
1518] Súighdhe
. ‘Cúich agaib dingbhus dím na deich céd
1519] curadh d'ócbaidh na h-Aisia filed araon re h-Eógan, &
1520] do gabatar do láim nach rachdaís i n-a ndúthaig & a tigerna
1521] d'fhágbáil gan bás d'fhagáil i n-a fhochair?’ ‘Sinne
1522] sin,’ ar trí deichneabhair do macuib menmnacha Morna:
1523] ‘ó dha fhaomh ar mbráthair comracc Mogha Nuadad,
1524] cidh dhúinne nach dingébhmaís a theghlach?’ ‘Cúich
1525] agaib dingbhus dím na trí céd curadh do laochraid Lochlann
1526] fuiled a farradh Eógain, uair do gabatar do láimh nach
1527] léigfidís tocrádh a tigerna tairsib?’ ‘Sinne sin’, ar
1528] colamain teanna na Temrach. ‘Cúich agaib dingbhus
1529] dím Tresmaol mac Dolair & Laighnenn Tuir Breoghain
1530] & Oilill Tuir Nemruaid?’ ‘Sinne,’ ar triar tréin-míledh
1531] do chlainn Fheidhlimidh Rechtmair .i. Brec & Soradh
1532] & Mogh Corb. ‘Cúich agaib dingbhus dím Nuadha
1533] Derg mac Dáirine, oide Eógain?’ ‘Misi sin,’ ar Ros
1534] mac Imchada mac ríg Ulad. ‘Cúich aguib dingbhus
1535] dím Flann mac Fiachrach sen-athair {folio 11a. I} Moga
1536] Nuadad .i. athair a mháthar?’ ‘Misi sin,’ ar Asal
1537] mac Cuinn Fhéinnedha, taísech teghlaigh ríg Érenn.
1538] ‘Créd léicthi am chomair-si & a comhair Chonaill?’
1539] ar Conn. ‘Léig as ai-le, a aird-rí,’ ar iad-sumh, ‘ní
1540] bia comrac cotruma áirithi foraib-si, acht cothugad &
1541] commaídem écht & laídhedh laochraidhe’


1542] Imthúsa Moga Nuadad, do-berar ós aird. Do-chuaid
1543] a n-inadh oirechtais & tángatar maithe a muinntire


p.60


1544] chuigi, & do gabh 'gá n-agallaim, & is ed do ráid riú‘An
1545] fhuil a fhis aguib-si,’ ar sé, ‘nachar damadh síst nó
1546] sealaidhecht da bar sinnseraib um an oilén sa ó dha bádar
1547] dá mac Mhíled igá h-imchosnam re 'roile .i. Éiber &
1548] Éiremón, ar éigin, & nár damadh cunnradh nó comroinn
1549] dúinn di; & dá thrian ar leithe féin d'Érinn i n-ar n-agaid-ne
1550] tré fhuath & tré fhír-mhisgais? Agus dá derbadh sin
1551] dobudh ferr dúinne trí catha egair i n-ar n-agaid iná tegasg
1552] mí-rúnach Maicniadh & comairle chealgach Chonaire,
1553] & sinn ar ngabáil a ngiall , & a feidhm & a fognamh le
1554] Conn i n-ar cert-agaidh. Gurub aire sin tucus-sa
1555] Espáinigh & allmaraigh lim a n-Érinn, ós iad nach tréicfedh
1556] sinn amail do-rinne Maicniadh ar sechnai-ne le sanasuib
1557] Saidhbhi & mar do díchuir Conaire ar cairdes le suan-laighi
1558] Sáraidi ; & dob éigen damh-sa, an tan do recsad Leth
1559] Moga m'anam & mh'inmhe ar dhá ingin Chuinn, imarcraidh
1560] allmarach do thabairt lim do chaithemh & chosnam Érenn
1561] do Leth Moga & do Mhuimhnechuibh, ar teithed co
1562] ndingnedh Conn biataigh iar mbunadhas díb & co cuirfed
1563] fo daír-chís dúr-fhoghnamha iad. Agus is ed dob
1564] áil dam-sa don dula sa, gan dochar ná daír-chís d'
1565] fhágbáil ar mh'fhine tar m'éis, acht nert Érenn do beith
1566] againd gan imresain, madh rathmar ar réim, & a beith ag
1567] Conn gan chuideachad más aigi anfas; & ar fír bar n-einigh
1568] rib-si,’ ar sé, ‘cosnaidh co maith an flaithes sin da bar
1569] tuathaih & da bar n-oighredhuib’


1570] Do fhreagradar-sum sin dó & is ed adubhradar,
1571] ‘Fúicfidir sinne uile ar fódaib nó ar faon-laighib nó
1572] fáicfemait oirechas agat-sa, a aird-rí, don dula sa.’
1573] Dóigh ámh fá báidh bráthairsi leó-sum ann sin, & fá rún


p.61


1574] {folio 11a. II} urlam én-duine, & fá crithnugad troim-threóid
1575] re muc-báidh a mór-thorc
. Agus nírb ingnad dóib-sim
1576] sin, dóig ba loisi lítha luamairecht an tí do boí ann sin, & ba
1577] h-édáil chabartha do churadhuib a chosnam, & rob
1578] indeóin cothuigthe do Leith Mogha an mílidh sin. 70Uair
1579] dob é in ail fhuirmedha & an uaitne óir & an leg lóghmar
1580] & in dos dídin & an fhulacht fhínemhna co fírindeach
1581] an flaith sin; ba lán na talmanna dia thairm, ba faílid
1582] muir & tíir dá thoidhecht.


1583] Is ann sin ráinic Eógan d'innsaighi a phuibli,
1584] & nír chian dó ann in tan ad-chonnairc dá indsaigid na
1585] trí badhbha bél-ginacha, & na trí h-arrachta fuachdha
1586] frithire folt-gharba.71 Trí mailgi fraochda for-garbha,
1587] gan deithbhir gan dealugad, ar fiarlaíd gacha h-aighthi
1588] ainmhigi odhar-duibe, ag tuitim & ag tathaighidh ar
1589] n-a glenn-shúilib geil-derga gruadhlaig-ísli. Trí sróna
1590] creimennacha cuas-fhinnfadhacha ag na caillechuib. Trí
1591] tengtha lista labarthacha lán-doilghi leó, co ngráin nguil
1592] & co n-uathmaire n-éighme & co neimib naithrech for a
1593] n-éighmhibh. Sé láma brodla bun-chaola barr-gránna
1594] buidh'-ingnecha ag na badhbhuib sin. Sé cosa caol-arda
1595] cnámh-lomma cam-ladracha ag na caillechaib sin. Gur
1596] gráinighedar na flaithi risna fuathaib sin


1597] ‘Can as tegaid na mná úd?’ ar na maithi.
1598] ‘Táncamar a céin lér cumachtuib,’ ar siad. ‘Ráidhidh
1599] rinn bar cumachta,’ ar Eógan. ‘Adérum,’ ar iad-sum
1600] ‘.i. muir for arduib, & snechta for talmain, & lasracha


p.62


1601] lethna for lebar-maighib, & claochlód crotha for cenélaib,
1602] & siabradh sídhi for saor-chlannuib, ar n-eladhain-ne,’
1603] ar siad. ‘Dar ar cubhais ámh,’ ar Eógan, ‘ní dísgirecht
1604] deg-ban sin; & ráidhidh rinn bar n-anmanna.’ ‘At &
1605] Lann & Léna sinne, trí h-ingena Truaghna a tréiniathaib
1606] Treagha , & táncamar do thaisbénad do bháis
1607] duit-si, mar thuitfi isin chath sa.’‘Oraib féin & ar
1608] Chonn bar célmuine,’ ar Eógan, ‘.i. bar n-aird-mes a
1609] n-aér, & bar corbad a crannaibh, & neimh bar célmuine ar
1610] clochaib, & ar tonnuib {folio 11b. I}mara bar mí-rún.’ ‘Ní
1611] fír duit,’ ar siad, ‘nír sechnadh & ní sechóntar sinne, &
1612] ní fáistine ar luach nó ar lán-chomaidh do-nímaíd ná
1613] luadhmaíd , & ní techtairecht do chinn chomadh
1614] chanmaíd.’ Agus at-bertatar so ann:—


    1. 1615] Sgél lim dúib ,

      1616] éistidh ris,

      1617] fír do grés ,

      1618] treathan truagh ,

      1619] greathal gér;

      1620] mairg gus tic

      1621] laithi in Luain;

      1622] tonn tar tír

      1623] mar Chonn cruaidh,

      1624] nír 72 gab aon

      1625] aslach uadh.

      p.63


      1626] uadhmar magh,

      1627] magh medh sgél;73

      1628] biaidh imad nguil,

      1629] biaidh imad ndér;

      1630] mairg d'fhir ro-s-an

      1631] nár nár sgar re sgél

    2. 1632] Sgél


1633] Ráncadar na h-arrachta sin iarum co h-airm a
1634] raibi mac ríg na h-Espáine, & adubhratar so ann74:—


    1. 1635] Cloistecht re cruadh-maidin

      1636] co mesgfaither corr-shlega

      1637] re fighar fidhbaidhi ;

      1638] fir Midhe mí-roinnfidh

      1639] imad óg oirrlighfidh ,

      1640] cirrfaither cruadh-churaidh ,

      1641] sluaigh Chruachna coibéra ,

      1642] do shéla dil daltasa,

      1643] máil Mumhan maidhfider ,

      1644] nert Mogha mór-thoirnfidh ,

      1645] taoth Fraech a fer-chosgar

      1646] le mac Úna innsaigech ;

      1647] daíb ní ceól cloistechta .

    2. 1648] Cloistecht.


p.64

‘As, as,’ ar Fraech, ‘ní fír dhuit, ní fis fuarais; romad
1650] dod ro-grádh, tar h'éis t'écraide’.

Ráncatar na trí mná serbha siblacha sídhe sin
1652] rompa co h-airm a roibe Conn, & is ed adubratar75 agá
1653] gresacht, ‘A aird-ri,’ ar siad, ‘do les ad lámhuib, & do gráin
1654] it gnúis, & do chonách id chémanduib, & do chosnam
1655] id chath, & do rath at réimennuib. Uair atá oirechus
1656] Érenn etarbuas uasad mar bís fód fabaill ar folumain;
1657] uair do lenatar dá ainm oirderca Éiri da bar coiméirghi
1658] don chur sa .i. Leth Chuinn & Leth Mogha’


1659] 76Agus adubhairt Lén an laoidh so sios ann :—


    1. 1660] Táinic maidin, maith an sgél,

      1661] mar adeir Lann agus Lén

      1662] do-bhéara an sgél cédna cain

      1663] iomrulla écca Eóghain .

    2. 1664] As í Leath Chuinn, id-chluine,

      1665] budh thuaith go Tuinn Rudhraighe ;

      1666] 77 an leth oile, soirbh an slad,]

      1667] as í Leath Mhogha Nuadhad.

    3. 1668] As mithidh dol i n-a ccenn ,

      1669] a mhic Morna na mbéimenn ;

      1670] an mhaidin chaomh go nglóir ngrib,

      1671] as maith dhíbh an tráth táinig.


1672] Cidh trá acht ó 't-chonnairc Conn néll na maidne
1673] muiche suil do fhágaibsed réltanna aér, ráinic roime


p.65


1674] gan fis gan airiugad cusan longphort a roibe Fraech
1675] fithnasach mac ríg na h-Espáine, & sé féin & a fiche céd
1676] Espáinech a longphort ar leith ó chách i n-a shuan
1677] chodalta; & ro gáiredh umpa & do gab sluag Cuinn
1678] agá n-oirlech co h-arrachta. Agus is ris do éirigh{folio 11b. II}
1679] Fraech, re sestán na fer & na faobar, na n-écht & na
1680] n-espad i n-a thimchell. Ro éirigh Fraech co
1681] h-aithmélach as a phupaill, & ní thárraidh a threalam
1682] acht in lám-arm do bí fá láim aigi, & do chaithestair
1683] eisen co h-arrachta re h-imbualad & re h-urlaidhe ar
1684] curadhaibh Cuinn, co torchratar céd laoch don ruathar
1685] sin le mac rígh, na h-Espáine. Co tarrla Conn & Eochaid
1686] Én-shúla i n-a agaid dó, gur fhothraicedar in dá laighin
1687] le nertuib a lámh isin laoch-mhílid; & tuc-san dá ghuin
1688] áithesacha orro-sum, gur bris a n-éidedh gan fuirech &
1689] gorbo baogal báis re féghadh gach áladh díb sin; & ní
1690] comthrom a comrac, uair ní roibe acht léine il-delbach
1691] ór-shnáith fá mac rígh na h-Espáine, & do bátar in dá
1692] laoch eile éidighthi ó bhonn co bathais. Co torchair mac
1693] ríg na h-Espáine isin chomlann sin le Conn & re h-Eochaid
1694] Én-shúla


1695] Agus tucsat sluaig Chuinn gáir chommaídhme a
1696] cosgair ós aird, & is í an gáir sin do dhúisig Mog Nuadad
1697] co n-a shluagaib, & do éirghedar ann sin, & ní ráinic leó a
1698] trealmha catha do chórugad nó do chengal an tan do
1699] gabatar catha Cuinn ar a n-oirlech. Agus ní ar tlás dó
1700] do-chuaid sin ag Eógan co n-a ard-shluagaib, acht ro
1701] thuaircsed catha Cuinn a cédóir, & ro chathaighedar co
1702] fuilech créchtach cró-linntech re forbartuib ferg & re
1703] medhrachuib misgne & re h-anfad a n-aignidh. Gur
1704] suidiged um gach rígh dona rígaib sin sonn lethan leabar-daingen
1705] do roighnib sgiath n-óir-thiug n-eochair


p.66


1706] chraobach co macuib aird-ríg agá n-imarchor, & do bocóidib
1707] dealb-núidhe dath-imdha, & do thuluib sgiath sreth-chaín
1708] slabhradach, & d'fhaobraib colg & craísech & corr-shleg


1709] Gurbho cenn a loisi luaimnigh lebar-deirg le
1710] mór-gaothaib Márta, & gurbo h-áradh re h-olc, & gurbo
1711] dréim re díberg, cenn do chur in gach mbróin sesmuigh
1712] sleg-aigbéil díb sin re gresachtuib uathmara a n-urradh
17103] & a n-aird-rígh ac laoidhed na laochraidhe, & re
1714] caismertuib com-arda a curadh, & re gréchaib & re
1715] golfadaig na mbadhb siblach sian-gránna, & re saíb-
1716] eitellaib na mbrain-én mbreic-cícar {folio 12a. I}oc innisin
1717] uilc & oc urnaidhe áir, & re tighe na cethand dona caolarmaib
1718] ro díbhraigedar na curaidh dá céd-chuindscleó


1719] Gurub ann sin ro toirned leó-sum doire ruadh-
1720] ghlas ro-neimhnech d'fhedhaib cruaidhe crann-tréna sech
1721] bhilibh na sgiath mbadhba isna bruinnib; gurbo crannach
1722] réidh righin ro-thrén recht-aigbéil mar do seólad & mar do
1723] suidhiged na h-airin límhtha lethan-géra a formnaib & a
1724] fír-thaobaib araile, gur fosaighid cosa curadh re comlann
1725] & gur luathaighid lámha re luath-builledaib. Ro médaighid
1726] ferga fer ris na fedhmannuib sin, & ro minaighid lúirecha
1727] lán-derbhtha re bruth & re tesbach na trén-míled ó imarcaid
1728] a n-imbualta; gurbo fuinneóga siltecha súgh -ruadha
1729] ochta na n-ánradh ar n-a tollad le h-imarcaid na n-arm
1730] isin imghuin, & ro cheisedar na flatha ar n-a fedhmannaibh;
1731] gorbo saigin buirb ar baoth-mhacaib a mbéimenna, gur
1732] combrúighid cathbairr dá cruadh-buillib & gur h-athchumaid
1733] aighthi na míled móir-menmnach ó aithighidh arm &
1734] faobar 'gá n-urlaidhe. Gurbo linnti
1735] tiugh-fhuara téchtaidhe a n-íslib & a n-eitrighibh , na


p.67


1736] linnti & na srotha fola foir-deirgi ro shilestair i n-a
1737] mbuinnedhaibh borb-ruadha a h-áladhaib na curadh
1738] díb línuib. Gur thoirnetar brain-eóin chír-dhuba
1739] craes-derga ar corpaibh curad & ar ochtuib ánrad isin
1740] irghail sin, & ro fháiltigedar badbha béil-derga re fairsinge
1741] na feóil-édála fuaratar. Acht atá ní chena, fá luinne
1742] air an esargain
sin & fá h-ár gan áirem & fá cepach
1743] gan céill & fá coimh-fherg gan cobair & fá díghal díthaighthi deg-daíne an bráth céd & cenn & colann
1745] do fágbadh ann sin a fothraicthib fola & a n-adhartuib
1746] uilc & a sruth-linntib cró


1747] Is ann sin táncatar secht mic Shicir co n-a sluagaib
1748] ó chath Eógain Taídhligh fá throim-fherguib, nó co
1749] ráncatar ar lár-mhedón catha Cuinn, & do-rinnedh leó
1750] raona lethna do láithriugad & doirsi díchra don dergruathar
1751] sin. Go tarla riú trí meic Conaill Chruachna
1752] .i. Corc & Connla & Cédghein Cruachna, & is é tarla riú
1753] {folio 12a. II} ar tús do chlainn Chonaill .i. Cédghein Cruachna,
1754] & ro chaithestair re macuib Sicir a shaothar gur ghon
1755] gach én-laoch aca a chéile & eisin. Fá h-ingnad le macuib
1756] Sicir nert én-laích d'fhás nó d'fhorbairt orra féin mar
1757] sin, & tucatar secht ngona a n-énfhecht ar Cédghein; &
1758] do thuigestair Cédghein nár thrén tabaigh a aicme ar
1759] cairdib clainni Sicir, & nár fherr leis lucht a érca agá
1760] agra iná sé féin dá innechad orra 'm an am sin; & tuc
1761] secht ngona gáibhthecha orra-séin gurbo doras báis gach
1762] guin díghla díbh-séin. Is ann sin táncatar dá mac oile
1763] Conaill gusan cath-láthair catha sin .i. Corc & Connla, & do
1764] thógbatar mic Conaill a n-aignedh ós cách ann sin, &
1765] tucatar tuarcain fherdha fhortamail do béimennuib


p.68


1766] troma ar na tréin-fheruib sin, gur fhágbatar i n-a
1767] tamhnaib sgaílti sgiath-roinnti an móir-sheiser míled sin
1768] ar mbuain a cenn dá collaib


1769] Is ann sin táncatar secht mic Doghair co n-a
1770] dámhaibh ó chath Mogha Nuadad co lár-medón catha
1771] Cuind, & do-ratsad comach coitchend ar na curadhaib,
1772] co tarla dá n-indsaigid cóig mic fherdha Feidhlimidh
1773] .i. Fiachaid Araidhi & Bícis Caoch & Curraíne, Eochaid
1774] Finn & Fiachaid Súighdhe ; & gérb iat-séin nírbhu urusa
1775] fritháilem a ferg co n-urraind dá n-athardha umpa. Ro
1776] gonait & ro dergait, ro marbait & ro mughaighid secht
1777] meic Doghair don debaid sin


1778] Cidh trá acht ó 't-chonnairc Eógan Taídlech a
1779] maithe agá mughugad & a dheigh-fhir 'gá ndíthugad & a
1780] churaid 'gá cirrbadh78 & a óig 'gá n-uaitiugad, ro lingestair
1781] buinde rod rechta isin rígh-mílid, co nár thuill i n-a chorp a
1782] chédfaid re áirem a écht & a esbadh i n-a fhiadhnais;
1783] & táinic roime i n-a thoraind fhergaigh fhorránaigh
1784] fhaobhraig fheochair -galaig dá n-agra. Uair is é a
1785] thres fá tend, & a chith fá cruaidh, & a fherg fá h-egal,
1786] & a thuinnsium fá teidhm, & a ghaisged fá gábadh, & a
1787] a dhíberg fá díth. Mairg tarla fá imlat a arm & a aigenta
1788] an uair sin, mana thegmadh chuigi cath coim-thiugh, &
1789] cind chroma, & cliath choim-neirt, & sgéith gan scuchad,
1790] {folio 12b. I} & freagartha ferg, & nert-ghabáil námhad, &
1791] aigenta uaille, díchracht díbergi. Gur fhácaib dá éis ar
1792] cuartugad an chatha an t-ár-shlecht oirlighthi, & na
1793] colla cirrtha cró-thesgtha, & na buidhni feósacha faonmarbtba
1794] díchendta dubh-gorma droch-cóirighthi; & rob


p.69


1795] imdha uadha re h-edh n-ath-gairid féinnidh fras-ghonta,
1796] & treóin ar tuisledhaigh, & beóil ar mbán-ghlasadh, & dóiti
1797] drom-ghonta, & cosa ar cam-luamain, & brugaid broinntesctha,
1798] & baoith ar buadhnasaigh, & óig a ndíth
1799] bhethad


1800] Ó 't-chonnairc Conn an ainigin tuc Mog Nuadad
1801] ar a chathaib & ar a chéduib & ar a churadhuib, ro
1802] fhuagair do Gholl míleta mac Mhorna Mog Nuadad do
1803] chosg do chách amail ro gheall ; & ro shechain féin a
1804] chomrac, uair do thimchill Mog Nuadad fá naí an
1805] cath agá iarraidh do dhígail a fheirgi & a anfholad air.
1806] Agus is é leth do-chuaid Conn ar a imgabáil a mesg
1807] chlainni mire Morna, uair tuc Eógan dá bréithir dá
1808] faghadh Conn a n-inat ghona nó imbualta nach bérdaís
1809] fir Érenn uadha é & ro mharbh imarcaidh laoch i n-a
1810] lenmhuinn


1811] Ó 't-chualaid Goll mac Morna guth in aird-rígh
1812] agá gresacht, táinic roime i n-a ruathar churadh co h-airm
1813] a roibhe Mog Nuadad, & sé ag traethad thrén & ag bádhadh
1814] bidhbadh & ag uaitiugad aicmedh & ag díthugad deig-cenél;
1815] & ó ráncatar in dá leóman lonna ledarthacha luathgnímacha
1816] sin dochum araile, tucatar dá thoimhde
1817] fherdha fheramhla dácraísechuib crann-remra isna croimsgiathaib,
1818] gurbho h-oirbedha tretholla tres-brúiti na
1819] troim-sgéith ó na toimhdibh sin, co nach roibe dín fir re
1820] ferg nó re fognamh isna sciathaib sin, acht a tuitim uile
1831] i n-a mbomannaib fiar-bristi dona feruib. Agus ó
1822] 't-chualatar sin na deich céd curadh do macuib rígh
1823] uaisle na h-Aisia ro bátar a teglach Eógain, táncatar a
1824] furtacht Eógain, & ro marbsat mórán do míleduib Cuinn
1825] & do chlannuibh Morna, & do thuitsed i n-urmhór féin and


p.70


1826] Do éirigh menma Moga Nuadad ann sin, & do-rinnedh
1827] leóman uasal Afracdha dhe fá coiméirghid
1828] cuanarta, {folio 12b. II}nach lamhthar do lámhugad; & do
1829] chruadhaig in comhlann ar Goll, gur ben a iachtadh
1830] míled as. Ó 't-chualatar clanna Morna sin fá doilig
1831] leó Goll do beith isin éigin sin, & táncatar co dána
1832] dúthrachtach a fóirithin Guill, & tucatar guin gach aín-fhir
1833] ar Eógan, & tuc Eógan comaín a ghona do gach laoch aca-san,
1834] ampersir; do fhreagair a chomlann do Gholl. Is ann sin
1835] táncatar a fóirithin Eógain na deich céd laoch Lochlannnach
1836] ro bátar i n-a theglach, & do-rinnedh leó sin forrán ar
1837] flaithib & comach coitchend ar curadhaibh, & do thuitset
1838] a n-urmhór féin ann a fiadhnaise Eógain


1839] Is ann sin táncatar trí rígh roda rechtmara do
1840] chairdib Moga Nuadad isin irgail .i. Tresmhaol mac
1841] Dolair & Laighnend Tuir Breogain & Ailill Tuir Nemhruaidh ,
1842] co tarla dá n-innsaighe trí h-onchoin ogla échtacha
1843] do chairdib Cuinn .i. Breac & Soradh & Mogh Corb; &
1844] do gon cách a chéile díb dá craísechuib crann-remra,
1845] gurbo créithir chom-tholla na cuirp ó imghonuib na
1846] craísech, co dtorchradar díb línib i n-a cosrachaib
1847] cró. Is ann sin táncatar dá rígh mera menmnacha
1848] d'fhírchairdib Eógain dá n-innsaighe .i. Flann mac Fiachrach ,
1849] a shen-athair, & Nuadha Derg mac Dáirine, a oide; &
1850] do-rinnedar sin urlaidhi agarbh ainiarmartach & cepach
1851] cirrthi do churadhuib cros-roinnti a timchell a tigerna.
1852] Co tarla dá n-innsaighe Asal mac Cuinn Fhéindedha,
1853] taísech teglaigh rígh Érenn, & Ros mac Imchada mac
1854] rígh Uladh, & do thuaircset a chéile co gáibhthech
1855] guasachtach, co rabatar taíb & ochta & asnach co h-eslán


p.71


1856] esbadach acu ón imghuin & ón urlaidhi sin; co torchradar
1857] urmhór na céd & na curadh 'sin chom-thuitim isna
1858] comlannuib sin i n-a n-esair an-abaid ar n-a n-athchuma


1859] Ar toitim na triath & na tigernad do gach
1860] leith do na laochaib sin ar an láthair sin, do thuicistair
1861] Mog Nuadad imad a escarat i n-a fhogus, & a threóin
1862] & a thréin-fhir ar tuitim, a allmaraigh & a dheóraidh ar
1863] n-a ndíthugad. {folio 13a. I}Do línustair uaill & méd menman
1864] in mílid sin risin móir-éigin sin, & do ruithnighedar a
1865] gruaidhe amail gnáth corcra , & ní thuc dá úidh decra
1866] ná doilges na cnedh & na n-álad boí fair, gérbo h-imdha
1867] iad-séin uair doba náirighe leis iná cath do chlódh fair
1868] & a muinnter do mughugad and, in tan do-beiredh dá
1869] úidh co tuitfed le h-amhus nó le h-aon-laoch nó le fer
1870] formála isin doman uile; & is ed do ráidh, ‘Comrac fir
1871] re fer co trásta agum,’ ar sé, ‘& comrac fir re feruib anois;
1872] & ag so mo briathar ris, ámh,’ ar Eógan, ‘co mbia 'n-a
1873] dhí-chreidem & 'n-a éiliugad ag sochaidib re deiredh
1874] ndomuin amail díghélat-sa m'fherg & m'anfholaid isin
1875] ló bágha sa’


1876] Do éirigh a uaill & do ardaigh a aicnedh 'm an
1877] am sin & do fhiuchatar a fholanna uaisle, & do thuairc &
1878] do thimchill Goll amail thimchellas féthlenn fidh nó
1879] seabac énlaith, co tuc Goll a osnadh écomhlainn ós aird.
1880] Is ann sin táncatar trí deichneabair diana dásachtacha
1881] dá choirp-fhine féin a fóirithin Guill .i. clanna Morna
1882] móir mic Garaidh Glún-duib, & tucsat arís guin gach énlaích
1883] ar Eógan, & ní dechaid duine díbh-séin gan guin
1884] díghla ó Eógan; & do fhregair a chomlann do Gholl.
1885] Táncatar colamain tenna na Temrach co nertmar
1885] náimdidhi d'innsaigid Eógain, & tucatar a n-uaisle-séin


p.72


1887] uile guin gach én-fhir ar Eógan, & riacht nech acu san
1888] gan álad ó Eógan; & do fhreagair a chomrac do Gholl.
1889] Táncatar comaltadha Cuinn iar sin co h-Eógan & tucatar
1890] guin gach éin-fhir fair, & tuc Eógan cumaín a ghona
1891] nó ní is uille do gach én-laoch aca san; & do fhregair
1892] comrac Guill gan fhuarad dá éis. Is ann sin tuc Goll a
1893] ilach míled ós aird, & freagrais Conall Cruachna, rí
1894] Connacht, sin, & gonais Eógan, & {folio 13a. II}ath-ghonais
1895] & tres-gonais Eógan eiséin ar n-a aithne gurbo h-othar
1896] eacute;ga dá éis é. Bliadain dó agá leighes a Cruachain, &
1897] fuair bás fá deóidh do neimh na n-áladh sin Eógain


1898] Is and sin táinic Conn Céd-chathach a coinne
1899] Eógain ó 't-chonnairc an ainigin tuc ar a mhuinntir.
1900] & Goll isin éigin chomlainn a roibe, & Conall Cruachna
1901] i n-a écht uadha, & in t-ár tuc ar clainn Fheidhlimidh
1902] Rechtmair & ar clainn Morna & ar teglach Cuinn féin.
1903] Agus nírbo coinne sgíth-beg sgáth-uaimnech in dá aird-rígh
1904] sin ag rochtain araile, acht ba sádhudh dá chloch ndílend
1905] mar do chongbatar a croidhedha re cruas & re coimfherg
1906] a chéile; & nó go n-áirimhther gainem mara nó
1907] duille fedha no fér faithchi, ní ráinic & ní ro árimh ar
1908] thuit do láim Eógain isin irghail sin. Agus do thinóiledar
1909] an sluagh uile 'n-a urthimchell agá oirlech, & táncatar
1910] trí caogaid mac ríg Muimnech .i. do Mairtine Muman,
1911] chuigi, & ro sháidsed sleg gacha fir ann, & do marb-sum
1912] caoga díb-sium


1913] Is ann sin tuc Conn tulcán toirrsi uadha ann
1914] don chraísigh catha ro boí i n-a láim, co ndechaid
1915] trít ó ucht co formna; & ní ráinic leis an tshleg do
1916] tharraing an tan do thoit féin a cosair chró & manaís
1917] mór-nemhnech Moga Nuadad trít ón taoph co araile de.


p.73


1918] Agus nírb ingnadh a thuitim isna táim -néllaib sin, uair
1919] do bhí caoga cnedh com-marbthach neoch fá cnedha
1920] báis & baogail fair ó láimh Moga Nuadad ó bonn co a
1921] bathais, gurbo fuighell gae & claidim d'Eógan hé. Do
1922] sháidhset a slega uile a n-Eógan an lín do thuill i n-a
1923] thimcheall díb, gur thóguibset a n-airde ar a slegaib
1924] hé & do-rónsat guin ghalann de, co torchair leó ar in láthair
1925] sin; & do léigset a ilach cornmaídhmi ann sin. Agus
1926] adubairt Goll, ‘Léiccidh ar lár an laoch{folio 13b. I}-mílid,’
1927] ar sé, ‘& ní bás midh-laích aige.’ Agus ar toitim
1928] Eóghain do thuitset dá oirrígh Muimnecha dá leth-taíb
1929] .i. Laighell Luath-builledach & Fiacha Baicedha . Ro
1930] imthighedar ar mhair do Muimhnechuib & d'allmarchaib,
1931] & nír lenadh iad, uair gach nech nár marbadh do chathaib
1932] Cuinn ro bátar a ngonuib & a fuilibh innus nach roibe
1933] naonbhar in-gnímha nó in-shibail díbh


1934] Ro éirigh Conn as a thaisib iar sin, & do gabad
1935] longphort leis ar Muigh Léna an adhaigh sin; & do bátar
1936] ag tabairt tesmolta Eógain Taídhlig ós aird, & gach nech
1937] ag adhlacadh a charad & a dheirbh-fhine féin aca; & doba
1938] mhór an-aíbhinn in obair sin. Ro fhácaibset eólaig gur
1939] mó do thuit do Leith Chuind ar Muigh Léna iná do
1940] Leith Moga, cidh ar Leith Moga do muid & gidh é a tigerna
1941] do thuit. Agus is ed deimhnigid ughdair gur mó do thuit
1942] le Mog Nuadad i n-a aenar díb iná leis in tshluag uile ó
1943] shin amach. Agus ro bátar co subach dubach amail
1944] fher serraigh an adhaigh sin .i. subach Conn in tan do-beiredh
1945] dá úidh Eógan do thuitim leis & Éire do
1946] chosnamh dó féin dá térnódh dia ghonaibh; dubach dobrónach
1947] uile iad, cnedach, osnadhach, o theinnes a cnedh & a


p.74


1948] n-áladh & ó díth a carat, & ó; mbeith féin ainmhech
1949] esbadhach. Táinic Conaire mac Mogha Lámha chucu
1950] ar n-a mhárach, & do fher Conn fáilti fris & ro fhiarfaig
1951] de cáit a roibe Maicniadh mac Luigdech. ‘Atá ag
1952] Rosaigh na Rígh thes ’, ar Conaire, ‘ & ní thibra sé
1953] taeb rib-si nó go fagha sé éraic Eógain Mhóir ampersir maithe
1954] Muman uaib, & Sadhb ingen Chuinn mar mhnaí’


1955] 79Iar sin do fhiafraigh Conaire sgéla an chatha
1956] dhíobh, & do innis Fer Doghair draoi sin dó; & id-bert an
1957] laoidh ann:—


    1. 1958] Mo-chean Conaire cuanna,

      1959] níorsum duine do éra ;

      1960] inneósad mar do-chuala

      1961] sgéla an chatha ar Magh Léna.

    2. 1962] An80 torc trom ar ghoil ngníomha

      1963] do ort Conn ar Magh Léna

      1964] dreach Mogha fá grís ghlámha,

      1965] dámha & fir fá mhéla.

    3. 1966] Do thuit ann aon-mhac Éibhir

      1967] ó thángadar toisg uabhair

      1968] fuairsiod ann a ndíthughadh

      1969] ó churadhaibh a Cruachain .

    4. 1970] Do thuit Eógan lonn linne,

      1971] agus Flann tré ghlonn ngoile

      1972] do thuit an taoibh-sheng tinne,

      1973] agus Laighneann Thuir Breoghain .

    5. p.75


    6. 1974] Ader-sa81 riot gan rubha

      1975] do thuitsiod saoithe seana,

      1976] bfuilmíd sunn ar subha

      1977] do theacht sonn is mo-cheana .

    7. 1978] M o.ch.


1979] Tarcaidh Conn ríghe Mumhan do Chonaire
1980] ann sin. ‘Ac etir’, ar Conaire, ‘tabair do Maicniadh
1981] an ríghi, uair is é atá aimhriarach {folio 13b. II}duit, & is lór
1982] lem-sa rígh-dhamnacht Mumhan.’ ‘Beir-si bennachtain,
1983] dá chinn sin,’ ar Conn, ‘& gura tú fén gabas cennas
1984] Érenn & Alban tar mh'éisi-si.’ Agus do fíradh ar chan
1985] Conn ann. Do chuirset sein-Eochaid éiges uathaib co
1986] Maicniadh, & táinic tar a comadhuib dó .i. éraic Moga
1987] Nuadad & ríghe Mumhan, & Sadhb ingen Chuinn do mhnaí;
1988] & ad-bert sein-Eochaid éiges in laíd ann :-


    1. 1989] 82A mic, déna síth re Conn,

      1990] fó a ghlonn, imat a thriath

      1991] co nach tuca fraig re fraig

      1992] ná colg fri colc don mál liath .

    2. 1993] Éta duit céd ngabar ndonn

      1994] co cúl trom ó sech gach aín

      1995] éta duit, a dhegh-dhóid dheis ,

      1996] ao fri feis, ferr gach maín.

    3. p.76


    4. 1997] Éta duit céd ferb re h-as

      1998] ar in leirg, ro-fes, a fhir ;

      1999] éta duit céd ech as srian

      2000] co nert niadh, is coisg do ghoil.

    5. 2001] Éta éraic Fhideic Móir ,

      2002] sgiath óir & imell n-uim ;

      2003] éta iath re h-Eiscir n-Uill

      2004] le méd do ghluinn sceó do muir .

    6. 2005] Éta duit céd mogad ndaor

      2006] re dénam aodh co nirt chruaidh

      2007] éta duit céd colg is sleg

      2008] a ndóitib fer re díth sluaig 83

    7. 2009] Éta duit Sadhb ingen Chuinn,

      2010] fó a boill dingbála deit ;

      2011] techt a rígh Themrach dod réir

      2012] ná meadhradh do chéill, a meic.

    8. 2013] a. mic. d. en. a


2014] Is amhlaid imorra do baí Maicniadh ann sin &
2015] deiscert Muman84 uime ó Shliab Chaín co fairgi; & tuc
2016] Maicniadh seóid & maíne do shein-Eochaid éiges; & táinic


p.77


2017] Maicniadh & maithi clainni Dáirine co Magh Léna leisin
2018] éiges, airm a roibe Conn, & do-rónsat sídh ann sin. Targas
2019] dá chóiged Muman do Maicniadh ann sin, & nír ghab-sum
2020] sin, acht a roind co cert etir sé & Conaire; & do roinnedh
2021] Mumha ar dhó dóib ann sin, & tucsat gialla do Chonn.
2022] Agus táncatar co Temraig iar sin, & tucadh Sadhb ingen
2023] Chuinn do Maicniadh, & tucadh seóid {folio 14a. I}& maíne
2024] do mhaithib Muman, & táncatar dá tighib; & do bí Éire
2025] ann sin ag Conn gan cumsgugad.85


2026] Ráinic Derg Damsa draí Eógain roime iar sin
2027] co h-airm a roibe Sída ingen Fhloind mic Fiachrach,
2028] máthair Moga Nuadad, & sí co taidhiúir tuirsech déis a
2029] fir & a h-athar & a mic maith, a Ráith Chianaigh a
2030] Feimhen-mhuigh a n-oirrther Muman; & ní ráncatar
2031] sgéla derbha Eógain nó a oidhedha d'innsaigid a máthar
2032] co táinic in draí. Agus do ghabh sí 'gá agallaim, & ad-bert:-

    1. Sída
      2033] 86Sgéla let, a Deirg Damsa,

      2034] imthús in dá anglonn-sa?

      2035] Cinnas térnadar na tuir,

      2036] Conn is Eógan a h-én-muigh?


  1. 2037] A ben, ná fiafraigh dím sgél,

    2038] fann sinn gé dho bámar trén;

    2039] co bráth ní fhaicfi do mac,

    2040] aird-rí Mumhan, Mogh Nuadhad.


  2. p.78


  3. 2041] 87Créd do-chuaidh in mhedair mór

    2042] do bídh um Eógan ag ól,

    2043] curaidh Cliach, cobhlach fer Fáil ,

    2044] loinges armach a h-Espáin?


    1. 2045] Fichi céd táinic ó thigh

      2046] Fraoch Mílesach mac Éibhir

      2047] do thuitsed le mac Úna

      2048] is le h-Eochaid Én-shúla.

    2. 2049] 88An uair do bámar, fá gnaí,

      2050] ar caín-mhaighlerg Maighe h-Aí ,

      2051] mac amail inac Mogha Néid

      2052] ní fríth d'éis Logha a lethéid.

    3. 2053] Fuaramar Conn a n-uathad

      2054] a Tuillsci do thaobh Chruachan ;

      2055] dob uathad a cenn naí cath

      2056] curaidh Cruachan, fir Themrach.

    4. 2057] Adubairt Conall re Conn,

      2058] 'roinnem in chrích co comthrom;89

      2059] do mac Mogha Néid andes,

      2060] léig a rogha red reimhes

    5. 2061] Do éirig ferg a Conn chas,

      2062] do chagain crann a gaí ghlais,

      2063] do shámaig a ég fo secht

      2064] ré n-Érinn do roind éinfhecht .

    6. p.79


    7. 2065] Atracht Conn ré n-a chath chruaidh

      2066] co tuc a chlé re Coill Ruaidh,

      2067] gur gab longphort 'n-ar comair

      2068] a taíb Ghlaisi Imomhain.

    8. 2069] Eagail linne Conn Cruachan.

      2070] do léim oraind le h-uathad;

      2071] egail le sluagh Cuinn chubaidh

      2072] na dronga sa a Des-mumain.

    9. 2073] {folio 14a. II}Atracht 'n-a réim Conn Cnodhbha

      2074] co tuc a druim re h-Odhbha;

      2075] léigmíd-ne a lenmuin na fer

      2076] co h-imlib oirrthir Laigen.

    10. 2077] Ann sin do roinnsem Éire

      2078] ó tá in t-Áth Cliath go a chéile

      2079] gur ghabsum a Muigh Léna

      2080] bámar cuibhdhe cóim-thréna.

    11. 2081] Ní sgaramar dár ngail ngúir

      2082] gur chlaidhemar aile n-úir;

      2083] gor thógsamar trí rátha

      2084] robsad buana bith-ghnátha.

    12. 2085] Do-riacht chugaind Conn cródha

      2086] ceithre catha com-móra ;

      2087] gabadh longphort - nír lugh lem—

      2088] mar throm-thorc dó, mar dílend.

    13. 2089] Conaire Caem cliamain Cuinn,

      2090] is Maicniadh nár fhaom urruim,

      2091] do thréigedar gan bháigh mbreth

      2092] Eógan caom tairbthech Taídhlech.

    14. p.80


    15. 2093] Táinic Conn na céd curadh

      2094] co moch fá maithib Muman

      2095] & na tréin-fhir ro thagh,

      2096] as suil do éirigh Eógan.

    16. 2097] Atracht Fraech, ór buidech badhb,

      2098] do chaith co luath a lám-arm

      2099] a tús an gábaidh go gar,

      2100] ó nach tárraidh a threalamh.

    17. 2101] Tucatar sin, leth ar leth,

      2102] aghaid ar Eógan Taídlech;

      2103] a thorann nír mhaoth 'sa magh,

      2104] gur thaoth Conall le h-Eógan.

    18. 2105] Air cur air Connacht um Chonn

      2106] d'Eógan Mór fá cruaidh comlonn ,

      2107] ar ndíth a deóradh fá sech

      2108] do fríth Eógan go h-uaignech.

    19. 2109] Trí caogaid dár dual ríghe

      2110] do rígraid Muman míne,90

      2111] gur gonatar mál Midhe

      2112] do shluag mer na91 Mairtine.

    20. 2113] T'athair-si Flann, mór in sgél,

      2113] cath ar maigh don rígh ro-thrén ;

      2115] Fiachaid Baiced, Eochaid tenn,

      2116] atáid na laighell : : .92

    21. 2117] Ní mór :::::: :::: :::::: 93

      2118] Conn mac Feidhlimidh arm-ruaidh;

      2119] ní biú nís sia 'gá séna,

      2120] is iad sin ar n-aird-sgéla.


    2121] S.G.E.L.A.