Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Almaine (Author: Unknown)

Recension 1

Cath Almaine Brussels MS. (normalised).

1


1] Cath Almaine etir Laigniu ocus Uí Néill. I teirtíd Decembris rocuired in cath-sa. Cauis in chatha-sa .i. in bóroma romaith Fínnachta do Mo-Ling a tobach d'Fhergal, ocus is ed ón ná rofhuilngetar Laigin. Nís-tucsat Laigin do Loingsech mac
5] Áengusa
ocus ní tucsat do Chongal Chinnmagair, cia rofuilngetar mór d'imned ó Chongal, ocus ní mó dno rop áil dóib a tabairt d'Fhergal, uair rotairisnigset i m-briathraib Mo-Ling rogell ná bertha uathu tré bithu in bórama ó Laignib.

2

Ba trom trá la Fergal sin .i. Laigin do nemchomall a
10] n-gellta fris, co rofhuacrad sluaiged dírecra dímór uad for Leith Chuinn .i. for Eogan ocus for Conall ocus for Airgiallaib ocus Mide in cethramad bliadain a fhlaithiusa féin, nó i tres bliadain déc ut quibusdam placet, do thobach na bórama. Ba fata trá robás ocin tinól-sain; uair is ed at-beired cach fer do Leith
15] Chuinn
cosa roiched in fuacra .i. 'dia tí Donn Bó arin sluagad, ragat-sa'.

3

Donn Bó immorro mac baintrebthaige eiside d'Fheraib Rois, ocus ní dechaid lá ná aidche a taig a máthar immach riam, ocus ní raibe i n-Éirinn uile bud caíme nó bud ferr cruth nó
20] delb nó dénam inás. Ni raba i n-Éirinn uile bud gríbda nó bud ségainne inás, ocus is uad bud ferr rann espa ocus ríg-scéla for doman. Is é bud ferr do glés ech ocus do innsma shleg ocus d'fhige fholt, ocus bud ferr fri aichne 'na einech de quo dicitur:

.r.

  1. Áille macaib Donn Bó báid,
    25] binne a laíde luaidit beoil,
    áine ócaib Inse Fáil,
    rotócaib táin trilse a threoir.
Nír léic dno a máthair Donn m-Bó la Fergal co tucad Máel mac Faílbe meic Erannáin meic Chrimthainn, comarba Coluim
30] Chille
fria aisec beo, ocus co tuc-saide Colum Cille dno dia chinn co rísed Donn Bó slán dia thaig féin a crích Laigen.

4

Tochomla dno Fergal for sét. Robátar dna lucht eolais reime; nírbo maith int eolas do-ratsat dó .i. i cumgaib cacha conaire, ocus i n-aimréidib cacha conaire co ráncatar Cluain
35] Dobail
i n-Almaine. Is ann boí Áedán, clam Cluana Dobail, ar a chinn. Do-rónsat dno na sluaig míchostad .i. a áen-bó do marbad ocus a fuine ar beraib 'na fhiadnaise ocus a thech do breith dia chinn ocus a loscad.

5

Co n-érbart in clam comba dígal co bráth for Uíb Néill
40] in dígal do-bérad in Coimdid for sin. Ocus táinic in clam reime co pupall Fergail ocus bátar rígrad Leithe Cuinn uile ar a chinn 'sin phupall in tan-sin. Roboí in clam oc acaíne a imnid 'na fiadnaise; ní táinic cride neich díb fair acht cride Con- Brettan meic Congusa, ríg Fer Rois, ocus is ed ón nába aithrech
45] do Choin-Brettan, uair ní térna rí do nech roboí isin phupall acht Cú-Brettan mac Congusa a áenar asin chath. Conid ann at-bert Cú-Brettan:

.r.

  1. At-ágar cath forderg flann,
    a fhir Fhergaile at-glinn,
    50] brónaig muinter Meic Maire
    iar m-breith in taige dia cinn.
  2. Bó in chlaim,
    rogáet i n-degaid a daim,
    mairg láim rotholl a bratt,
    55] ar ní timchomart mac m-Brain etcetera.

6

Is ann-sin as-bert Fergal fri Donn m-Bó: ‘déna airfited dúin, a Duinn Bó, fo bíth is tú as dech airfitid fail i n-Éirinn .i. i cúisig ocus i cuislennaib ocus i cruittib ocus rannaib ocus
60] ráidsechaib ocus ríg-scélaib Éirenn, ocus isin maitin-se imbárach do-béram-ne cath do Laignib.’ ‘Acc,’ ar Donn Bó, ‘ní cumcaim-se airfited duit-si innocht ocus ním-thá áen-gním díb-sin uile do thaidbsin innocht, ocus cipsí airm i rabai-si imbárach, ocus i m-beo-sa do-dén-sa airfited duit-si. Dénad
65] immorro in ríg-drúth, úa Maigleine, airfited duit innocht.’

7

Tucad úa Maigleine chucu iar tain. Rogab-saide oc innisin chath ocus chomrama Leithe Cuinn ocus Laigen ó Thogail Tuama Tenbath, .i. Denna Ríg, in romarbad Cobthach Cáelbreg conice in n-aimsir-sin, ocus níba mór cotalta
70] do-rinned leo in aidche-sin la mét ecla leo Laigen ocus la méit na doininne .i. uair aidche fhéile Finniain gaimrid sin.

8

Imthús Laigen do-lotar-saide i Cruachan Cláenta, dáig ní maid for Laigniu dia n-dernat a comairle ann, ocus corop a saide tísat dochum in chatha. Lotar iar sain co Dinn Canainn.

9


75] Con-ráncatar trá isin maitin arnabárach na catha cechtarda, naí míle do Laignib, míle ar fhichit immorro do Leith Chuinn. Is cruaid ocus is feochair rocuired in cath-sa leith for leith, ocus rogab cách 'na chomraicib ann. Roba dímór la innise comrama na láech Laigen ocus láech Leithe Cuinn.

10


80] As-bert co n-accas Brigit ós cinn Laigen: at-ches dno Colum Cille ós cinn Úa Néill. Romemaid iaram in cath ré Murchad mac Brain, ocus ré n-Áed Menn mac Colcan, ríg Laigen Desgabair. Romarbad Fergal ann. Áed Menn ocus Dúnchad mac Murchada romarbsat Fergal fadeisin ocus Bile
85] mac m-Báin
, ríg n-Alban; is uaid ainmnigther Corrbile i n-Almaine. Is é dno Áed Menn romarb Donn m-Bó. Ní torchair immorro Fergal co torchair Donn Bó.

11

Romarbad dno sesca ar chét amas in dú-sin. A coimlín féin romarbait Laigin 'sin chath-sin do Leith Chuinn .i. naí
90] míle ocus naí n-geilte díb do dol for geltacht ocus cét ríg do rígaib. Atá Cnocc Fergail ann-sin. Rocuirset Laigin ilaig commaídme ann dno.

12

Unde dixit:

  1. 95] Deod laithe Almaine,
    iar cosnam buair Bregmaine,
    ro-lá badb bélderg birach
    ilach im chenn Fergaile.
  2. Scarais Murchad fri midlaig,
    brogais a triúna i talmain,
    100] do-sói fáebar fri Fergail
    co féin dermair des Almain.
  3. Bath ann cét ruirech rathach,
    cruadach costadach carnach,
    im naí n-gelta cen míne,
    105] im naí míle fer n-armach.

13

Rogabad ann-sain in drúth, uá Maigleine, ocus do-ratad fair géim drúith do dénam ocus do-rigne. Ba már ocus ba binn in géim-sin , co mair 'géim uí Maigleine' ó shin ille oc drúthaib Éirenn. Rogatad a chenn iar tain d'Fhergal, ocus rogatad a chenn
110] don drúth. Roboí mac alla géime in drúith 'sin áer co cenn trí lá ocus trí n-aidche. Is de as-berar ‘géim uí Maigleine oc tafann na fer 'sin mónaid.’

14

Do-luid dno Áed Laigen mac Fithchellaig, rí Úa Maine Connacht, i ráen madma, ocus teichid co n-epert fria macaib:
115] ‘nácham-fhácbaid, a macu, bud ferrde bar máthair frib mo breith-se lib.’ ‘Nít-bérat’, ar Laigin. Conid ann-sin romarbad Áed Laigen, rí Uá Maine. Ro-siachtatar immorro a meic Áeda Laigen im Áed n-Alláin mac Fergaile co Lilcach airm i m-boí Mo-Díchu mac Amargein ocus in Gall Cráibdech. Conid ann-sin
120] claidisit Uí Néill ocus Connachta clad na cille ocus iat i richt na cléirech, ocus is amlaid-sin rosáerait trí mírbaile na náem, co fail cotach Úa Néill ocus Chonnacht ó shin ille 'sin chill-sin. Unde Áed Alláin cecinit:

  1. Ní fuaramar ar talmain
    125] Almain badid réidithir,
    Ní ráncamar iarsin chath
    Lilcach badid néimithir.
Ba buadach trá in lá-sin do Laignib. Roanacht immorro Cú-Brettan mac Congusa, rí Fer Rois, arna runnu do-rigne in
130] aidche reime.

15

I Connail na ríg bátar Laigin in aidche-sin oc ól fhína ocus meda, iar cur in chatha, co subach soimenmnach, ocus cách díb oc innisin a chomrama is iat medraig, medarchaín. Is ann-sin roráid Murchad mac Brain: ‘do-bérainn carpat ceithre
135] cumala ocus mo ech ocus m'errad don láech noragad isin n-ármach ocus do-bérad comartha chucainn as’. ‘Ragat-sa,’ ar Báethgalach, láech di Mumain. Geibid a chath-errad catha ocus comlainn imme, co ráinic co airm i m-boí corp Fergaile; co cuala ní, in n-escaire isin áer ós a chinn
140] co n-epert, ar roclos uile: ‘timarnad dúib ó ríg secht nime; dénaid airfited do bar tigerna innocht .i. d'Fhergal mac Maíle-dúin, cia do-rochrabair sunn uile in bar n-áes dána etir cuislenn-chu ocus cornaire ocus cruittire; ná tairmescad airfhuath nó écomnart sib d'airfited innocht d'Fhergal’. Co cuala iaram int
145] óclach in cúisig ocus in ceol sírechtach, co cuala dna 'sin tum luachra ba nesa dó in dord fiansa ba binne ceolaib.

16

Luid int óclach 'na dochum. ‘Ná tair ar m'amus’, ar in cenn fris. ‘Ceisc, cia tú’, ar int óclach. ‘Ní ansa, mise cenn Duinn Bó’, ar in cenn, ‘ocus naidm ronaidmed form irraír
150] airfited in ríg innocht, ocus ná airchóitid dam’. ‘Caide corp Fergail sunn?’, ar int óclach. ‘Is é do-aitne frit anall’. ‘Ceisc, indat-bér lem?’, ar int óclach. ‘Is tú as dech lem nom-bera’, ar in cenn, ‘acht ráth Críst dot chinn dianom-ruca, co tuca mé ar amus mo cholla doridise’. ‘Do-bér éicin’, ar int óclach.

17


155] Ocus impói int óclach ocus in cenn lais conice Connail. Ocus fuair Laigniu oc ól ar a chinn 'sin aidche chétna. ‘In tucais comartha lat?’, ar Murchad. ‘Tucas’, ar int óclach, ‘cenn Duinn Bó’. ‘Foraim arin uaitne út thall’, ar Murchad. Tucsat in sluag uile aichne fair, corop é cenn Duinn Bó, ocus is ed
160] roráidset uile: ‘Dirsan duit, a Duinn Bó. Ba cáem do delb. Déna airfited dúinn innocht, feib do-rignis dot thigerna imbuarach’.

18

Impaigther a aiged dno, ocus at-racht a dord fiansa attruag ar aird, co m-bátar uile oc caí ocus oc tuirse.

19


165] Idnaiccid in láech cétna in cenn dochum a cholla amal rogell, ocus cóirgid é ar a méide. Cid trá acht, ráinic Donn Bó co tech a máthar. Uair is iat trí inganta in chatha-sa .i. Donn Bó; do rochtain 'na bethaid conice a thech dar cenn m-bréithre Coluim Chille, ocus géim in drúith, uí Maigleine, trí lá ocus trí
170] aidche 'sin áer, ocus na naí míle do fhoruaisligud in míle ar fhichit. Unde dicitur:

  1. Cath Almaine, ard in gein,
    mór in gnim Decembeir
    robris Murchad, mórda crech,
    175] mac Brain la láechraid Laignech.
  2. Memaid ar Fergal Fáil,
    ar mac Maíle-dúin dermáir
    co meiltis muille fo leirg
    ar lintib fola fordeirg.
  3. 180] Ocht ríg ochtmogat iar fír,
    naí míle cen imairím
    do Leith Chuinn, comal n-gnáe,
    do-rochair ann ar áen-cháe
  4. Naí n-geilte for geltacht de,
    185] lotar díb for Fid n-Gaible,
    rocláechlaigset dath iar tain
    ara n-gléthe Cath Almain.

C.

20

Haec sunt nomina regum qui interfecti sunt in hoc bello. Hi sunt quidem do Shíl Chuinn:
190] Fergal mac Maíle-dúin cum .lx. militibus suis; Forbasach, rí Bógaine; Fergal úa Aithechda; Fergal mac Echach Lemna, rí Tamnaige. Congalach mac Conaing; Éicnech mac Conaing; Coibdenach mac Fiachaid; Conall Cráu; Fergus Glút; Muirges mac Conaill; Lethaithech mac Con-charat; Anmchaid mac
195] Con-charat
; Áedgein úa Maithgne; Nuada Uirc, rí Guill ocus Irguill; decem nepotes Maíle-fithrig. It é-sin ríg Úa Néill in Tuaiscirt. Hi autem qui sequuntur Uí Néill in Deiscirt. Ailill mac Feradaig; Suibne mac Congalaig; Áed Laigen úa Cernaig; Nia mac Cormaic; Clothgna mac Colcan; Tadc mac Aigthide;
200] Dub-dá-chrích mac Duib-dá-bairenn; Menchosach mac Gamnaig; Élódach mac Flainn ó Scice; Dúnchad úa Fiachrach; mac Con-loingse; mac Maíle-móna; Doiriad mac Conla; Flann mac Áda Odba; mac Con-choingelt; mac Tuathail meic Fháelchon; Innrechtach mac Taidc; mac Garbáin; dá úa
205] Maíl-cháich; dá mac Ailéine; Fócarta úa Domnaill; Ailill mac Conaill Graint; Fidgal mac Fithchellaig; Dub-díl úa Daimíne et fratres ejus; dá mac Muiredaig meic Innrechtaig; Nuada mac Duib-dúnchuire; Rechtabra úa Cumascaig; úa Maine Cer Cer Cera; Fergus úa EogainLeogain; Flaithemail mac
210] Dlúthaig
; Donngalach úa Áengusa; Conall Menn, rí Ceinéil Chairpre; Mac-Erca mac Maíle-dúin; trí uí Nuadat; Flann mac Írgalaig; Áed Laigen mac Fithchellaig; Niall mac Muirgesa: Dolore autem et frigore mortui sunt clxxx tar éis chatha Almaine i t-torchair Fergal mac Maíle-dúin etcetera.