Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

p.92

Brussels MS. 3410. fo. 59a to 61b. De S. Ronano Mac Beruigh as Echtra Suibhne

(Cap. I.)


1]

Naomh uasal oirdnidhe robaoi sunn a ttír nEirenn .i. Ronán
2] Fionn mhac Beraigh mhic Criomhtainn mhic Coluim Cúile mic
3] Eirc Logha mic Laoghaire mhic Neill Naoighiallaigh. Fer
4] chomhaillte tiomna & congmhala cuinge an Choimdedh & fuilngthi
5] inghrema & treabhlaide ar gradh Dé. Ba mogh naoimhdhiles da
6] anmain & ba crochaidh a chuirp & ba scciath dídin ria drochaimsibh
7] diabail an fer min moronórach sin. Ro tórainnedh ceall lais feacht
8] n-áon .i. ceall Lainni a nDail Araidhe a ccoiccedh Uladh. As
9] aicce robaoi ferannus & forlamhus Dháil Araidhe .i. ag Suibhne
10] mhac Colmáin Chuair mhic Cobthaigh. Rochuala sein guth cluig
11] Ronáin aít a raibhe ag tórainn a chille & ro fíarfaigh dia muinntir
12] ciodh adchúaladar. Ronán Fionn mhac Beraigh atá ag tóruinn
13] a chille ad chrích-si & at ferann. As e guth a chluig adchluni-si,
14] anosa. (As follus de sin nar chedaigh an naomh do Shuibhne an
15] ecclas do thionnsgana.)

in brackets in MS.

Et rolonnaigedh & ro fergaighedh go mór
16] imón rígh & ro éirigh go dian deinmnedach do díchur an chleirigh
17] on chill. Roglac a bhen .i. Eórann ingen Chuinn Chíannachta
18] err an bhruit robhaoi uime & rotriall affosdadh gur sgeinn fon teach
19] an tsibhall (.i. dealg) argaitt robaoi isin brut & fágbhais a bhrat
20] agan rioghain & dochuaidh lomnocht do dhíochur an chleirigh on
21] chill go riacht airm (.i. áit) a raibhe ina réim roretha go ffarnaic
22] (.i. go bfuair) antí Ronán ar a chionn. Is amhlaidh robaoi an
23] cléirech ag moladh Rí nimhe et talman & ag solasghabháil a shalm
24] & a shaltair líneach lánálainn ina fhiadhnaisi. Tuargaibh (.i. do
25] thógaibh) Suibhne an tsaltair & teilgis uadha í a bfúdomhain an
26] locha lindfhuair robáoi ina bfiadhnaisi gur baidhedh an tsaltair ann.
27] Gabhais láimh Ronáin íaromh & tairrngis na dhiaigh tar an ccill
28] amach é et nir léicc lamh an chléirigh fós uaidh go ccúala an
29] t-éighemh. As é dorinne an t-eighemh sin giolla Chongail Claoin
30] mhic Sccannláin rí Uladh arna thoidheacht ar cenn Suibhne o
31] Chongal Claon do cath Muighe Rath.

(Cap. II.)


32]

Doruacht an giolla go Suibhne & adfed (.i. roinnis) sccela dhó
33] o thús go deiredh. Téid Suibhne lais & fagbais Ronán go dubhach
34] dobrónach ar mbáthadh a shaltrach & ar ndénamh a dhímigne & a
35] easonóra. Día mbói ló go n-oidche iarsin doriacht dobharchú
36] asin loch go Ronán & a shaltair lais gan milledh líne nó litre innte.
37] Doroine Ronán altugadh buidhe do Dhia do chenn na míorbuile
38] sin & mallaighis Suibhne iarsin. Mo ched-sa for ced an Choimdhe
39] chumhachtaigh ar sé amhail tainic Suibhne dom dhíochur-sa & sé
40] lomnocht gurab amhlaidh bhias doghrés (.i.do ghnáth) lomnocht
41] ar fáoindel & ar foluamhain seachnóin an domhain & gurab bás do
42] rinn bhéras fo dhéoigh & mo mallacht fair & mo bennacht for Eórainn
43] rothríall a fhasdadh & an la adcífet clanna Colmain an tsaltair
44] robáidhedh gurab díth & dílgenn dóibh & dorinne an laoidh:

    1. 45] Suibhne mac Colmain rom-cráidh,
      46] romtarraing leis ar lethláimh,
      47] d'fhágbháil Cille Lainne lais,
      48] dom beith athaigh na heccmais.
    2. & rl.


49]

Dochúaidh Ronán iaramh go Magh Rath do dhénamh síthe idir
50] Dhomhnall mhac Aodha mhic Ainmireach .i. rí Erenn et Congal
51] Claon mhac Sccannláin rí Uladh & nir fhét a siodhugud. Doberirti
52] immorro an cleirech a ccomairce ettorra gach laoi go nách marbhthaoi
53] neach ettorra on uair rotoirmesgtha an cathughud no go ngabhtha
54] doridhisi. Ticcedh thrá Suibhne tar lamha an chleirigh gacha
55] trátha oir gach sídh & gach osadh doníod Ronan idir fhiora Erenn
56] gach n-oidhce nomhilledh Suibhne ria ttráth éirghe gach laoi oir
57] no marbhadh fer ria ttráth an chomhlainn gach laoi & fer eile ar
58] sccur an chomhlainn gach n-oidhce. An lá immorro rocinnedh an
59] cath mór do thabairt tainicc Suibhne re ccách dochum an catha
60] & tarla Rónan dó & ocht sailmchedlaigh dia muinntir ina fharradh
61] & iad ag ur uisge coisrectha tar na sluaghaibh & rochuirset tar
62] Shuibhne a ccuma cháich. Dar laisiumh bá dá fochuidbhed rocuiredh
63] an t-uisge fair & dorad a mher a shuainemh na sleighe robháoi ina
64] laimh & rodiubhraic do shailmceadlaidh diobh go romarbh. Dorad
65] an t-urchar tanaisi do chum an cleirigh féin gur bhen isin clocc
66] báoi for a ucht go roscceind a chrann as a n-airde isin aiér.
67] Gonadh ann adbert an cleirech: ‘Guidim-si an Choimdhe,’ ar sé
68] ‘i n-airde dochoidh an crann isin aiér & a nellaibh nimhe go ndeachair-si
69] ar gealtacht amhail gach n-eathaid & na bás roimris for mo dalta-sa,’
70] ar se ‘gurab edh nosbérai-se fa deoigh .i. bas do rinn & mo mallacht
71] fort & mo bhennacht for Eórainn & Furadhrán & Teille uaim
72] in aghaidh do shiola uile & chloinne Colmán cúair,’ & dorinne an
73] laoidh:

    1. 74] Mo mhallacht for Suibhne
    2. & rl.

(Cap. III.)


75]

Ciodh trá acht ó rochomraicsiot na catha fochedóir robhúirsett
76] & rogairset na sluaigh da gach leith: ódchuala Suibhne na gáire
77] mora sin & a bfreccartha & a bfuaim & a macalla a néllaibh nimhe
78] & a bfroighthibh na firminnte rofech súas & rolíon némhain & dásacht
79] & fáindeal & fualang & foluamhain é & miosgais gach ionaidh a
80] mbiodh & serc gach ionaidh nogo roichedh. Romheirbhlighsett a
81] mheóir & rochrithnaigset a chosa, roluathadh a chridhe, roclaochlá
82] a chédfadha, rosáobadh a radharc, rothuitset a airm as a lamhaibh
83] go ndeachaidh la breithir Rónain ar gealtacht amhail gach n-eathaid
84] & gach n-én bfoluaimhneach & antan ráinic as in cath amach ba
85] hainminic notaidhledh a chosa an talamh as conntabairt go mbenfadh
86] a dhrucht don fhér ar a ettroma & ar a aierdacht an cheime
86] rocingedh & nir fhan don reim roretha sin gu nar fhagaibh magh
88] no machaire nó coill nó moin no mothar i nEirinn gan taisteal
89] an lá sin & rochaith a aois & a aimsir ar gealtacht i nEirinn & a
90] mBretain an ccein romair, gan furtacht gan fóiridhin gan taobh
91] do tabairt le dáoinibh amhail dherbhas an leabhar sgriobhthar air
92] fein darab ainm Buile Shuibhne. Oir a n-aon uair tainicc taom
93] ceille chuicce & dosanntaigh taobh do tabairt le dáoinibh tre mhed
94] gach bochtachta da bfúair an fedh dobaoi ar gealtacht & docuaidh
95] roimhe d'ionnsuidhe a tíre; dochuaidh ar an aithgealtacht
96] doridhisi oir dofoillsigedh do Ronán táomh ceille do techt cuige
97] & a bheith ag dol d'ionnsuidhi a thíre dúthaige & d'fanamhain
98] aca & adubhairt Ronán: ‘Aitchim-si (.i.guidhim-si) an ri uasal
99] uilecumhachtach nár léiccther an t-ingreinntigh & an sgriostoir
100] sin na hecclai si da hingreim no da sgríos doridhisi amhail dorinne
101] (.i.dotriall) roimhe.’ Et an tinneachadh tuccadh fair na raibhe
102] furtacht na fóridhin dó dhe nogo scara a ainm re a chorp. Roeist
103] Dia an itche sin Ronain óir antan tainicc Suibhne go medhon
104] Sleibhe Fúaid tarfás taidbsi iongantach dó a medhonoidhce .i.
105] méidheadha maoildearga & cinn gan colla & síad ag síangal & ag
106] gréchaigh imón slighidh anonn & anall et antan rainic-siumh ettorra
107] a medhón atcualaidh ag comhradh iad dar lais & asedh roraidhsett:
108] ‘Geilt é’, ar an céidchenn; ‘geilt Ultach’, ar an dara cenn; ‘a
109] lenmhain’, ar an tres cenn; ‘gurab fada an lenmain’, ar an cetramhadh
110] cenn; ‘nógo ría an fhairrge’, ar a cúiccedh cenn. Rofhersat an
111] guth a n-aoinfeacht chuige uile. Rothóguibh rompa da gach
112] muine for a chéile & gerbó mor an glenn nothegmadh fris ni
113] shiubhladh-somh é acht nolingedh do bheinn na tolcha for a céile.
114] Acht ata ní cena rocaith-siumh a aimser an ccein romhair ar buile
115] & ar gealtacht tré easgaoine Ronain, & fuair bas do rinn (amhail
116] innises a stair féin)
amail doshir Ronán ar Dhía gonadh é sin adhbar
117] bhuile Suibhne tre easonoir an chléirigh.

(Cap. IV.)


118]

As amhlaidh so fuair Suibhne bás do rinn. Feacht n-aon dia
119] ndeachaidh Suibhne & sé for a gealtacht gonicce an áit a bfuil
120] Tech Moling mar a raibhe Moling. Is annsin robhaoi Moling ag
121] teccuscc luchta an léighinn & tainicc an gheilt for srath na tioprad
122] & robaoi ag ithe bioruir. ‘As mochlongadh sin, a ghealtacáin,’ ar
123] Moling, & doronsatt an láoidh:

    1. 124] Mochtráth sin a ghealtacáin
      125] ré cceileabhradh cóir.

  1. 126] cidh moch lat-sa a chleirecáin
    127] táinicc teirt ag Roimh.

  2. & rl.


128] Et doraidh Moling ris: ‘Ca fios duitsi cá cuin (.i. uair no aimser)
129] tig teirt ag Roimh.’ ‘Fios dogeibhim om tigerna,’ ar se, ‘gacha
130] maidne & gacha nóin.’ ‘Innis duinn sgela do Día,’ ar Moling. ‘Ata
131] fios aguibh fein, a Moling,’ ar sé. ‘Cred fodera duitsi mh'aithne?’
132] ar Moling. ‘As meinic me ar an bfaithche-si,’ ar Suibhne, ‘& ni deinim
133] comnaidhe i n-áonáit.’ ‘Cionnus eile,’ ar Moling, ‘a bfuighe tú
134] trocaire?’ ‘Dogébh,’ ar Suibhne,‘óir ni thabhair pein form acht
135] beith gan fos nó comhnaidhe. Dia ttegthá asteach dogebtha
136] proinn aguinn. As doilghe lem a bheith gan brat,’ ar eisiumh.
137] ‘Dogebhair-si mo chochall-sa nó mo bhrat,’ ar Moling, ‘madh áil let.’
138] Doronsat tres iomagallmha & chainnte re ceile mar sin & dofhiarfaidh
139] Moling de:‘cáit a ttig do shaoghal?’ ar se. ‘Aodhaire dod muinntir-si
140] marbhus mé,’ ar Suibhne. ‘As fochen do thoidheacht,’ ar Moling,
141] ‘óir atá a ndán duit bheith annso & do sgela & th'imtheachta
142] d'fagbáil ann, & th'adhnacal a reilicc fíreoin & cid mór shirfi-si (.i.
143] do shiubhal) gach láoi,’ ar se, ‘tair gach easparta chuccam-sa go
144] sgriobhthar do sgéla lem.’ Robaoi Suibhne ré bliadhna fon samhla
145] sin & gibé haird d'áirdibh na hErenn a ttéigedh gach laoi nobíodh
146] um easpurta gacha nóna ag Moling.


147]

Roordaigh Moling don bhanrechtaire proinn bhecc do thabhairt
148] dó risin ré sin & as amhlaidh doniodh an bhanairgheach, dosháitedh
149] a cos a mbualtrach do leith imeal na búailedh & dodhoirtedh bainne
150] a n-ionaidh a coise & dothigedh Suibhne dia caithemh sin go faitech
151] fuireachair, go ttárla lá airithi íarsin iomcháinedh idir mhnaoi an
152] bhuachalla & ben eile go roraidh an bhen eile fria-si gurab olc an
153] gniomh doghniadh narbh annsa le a fer féin iná an gheilt dobaoi
154] aga tahaidhe risan mbliadhain sin. Co rochuala siur an bhuachalla
155] sin roinnis dó amhail adchuala & san laithe arnamarach táinic
156] Suibhne amhail dognathaigedh & baoi ag ól bainne & innisidh a
157] shiur don bhuachaill anní cedna amhail roinnis roimhe et tig an
158] buachaill amach & lethgha lais & fuair Suibhne ina luighe & sé ag
159] caithemh a phroinne & tucc sathadh don lethgha fair as a láimh
160] gur cuir tríd. Adchonnairc cleirech do muinntir Moling dobi ag
161] búain cluig primhe anni sin & dorinne an laoidh:

    1. 162] Truagh sin a mhucaidh Moling
      163] dorignis gniomh talcair tinn
      164] mairg do marbh a los a neirt
      165] an rí, an naomh, an naomhgeilt.
    2. & rl.


166]

Dochuaidh an cléirech mar a raibhe Moling & roinnis dó amhail
167] rogonadh Suibhne. Tainicc Moling guna chleirchibh gus an áit a
168] raibhe Suibhne & rohongadh leo é & tuccadh corp Christ dó &
169] roaltaigh-siumh a caithemh. Tainicc an bhuachaill cuca & adubairt
170] Suibhne fris gurab olc an gniomh dorinne a marbadh gan adbar.
171] Da ffesainn-si go madh tu nobheith ann ní ghonfainn tú, ar an
172] buachaill. ‘Mallacht Chriost ort,’ ar Moling ris an mbuachaill, ‘as
173] olc an gniomh doronais & gairde saoghail duit & ifrenn fa deoigh.’
174] ‘Ni fhuil tarbha damsa dhe sin,’ ar Suibhne. ‘Dogebhair-si éraic
175] mhait,’ ar Moling ‘.i. beith i nimh maille frim-sa duit.’ Tainicc
176] nell do Shuibhne iarsin & rotoccbadh a leacht le Moling & leis na
177] cléircibh. Eirgis Suibhe as a nell & rogabh Moling a lámh ina
178] l;áimh & rangattar rompa go dorus na cille & tucc Suibne a guala
179] re dorus na cille & roleicc osna mór as & dochuaidh a ainim dochum
180] nimhe & rohadhlaicedh a chorp go n-onóir & go n-airmidhin ag
181] Moling, gurab amlaidh sin fuair bás do rinn tre mallacht Ronáin.