Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 73

    1. 2048] All Fharannáin, adhbha náomh,
      2049] co n-iomad call crann§caomh is cnúas,
      2050] uisge tinnesnach can tess
      2051] ag snige snaoidhe§re a chness anúas.
    2. 2052] As iomdha ann eidhnech ghlass
      2053] agus meass re mberar le a mberar§geall
      2054] agus abhall chenntrom chaomh
      2055] ag filliudh a craobh fa cheann.
    3. 2056] Imdha broc ag dol fa a dhíon,
      2057] ann is míol muighe nach mall,
      2058] is édan rionntanach roinnteach§róin
      2059] ag techt ón muir móir anall.
    4. 2060] Mé Suibhne mac Colmáin chóir,
      2061] mór n-oidhchi reóidh bhím co fann,
      2062] romthruaill Rónán do Druim Gess, domhuin§
      2063] codlaim fa chraoibh 'san ess tall.

      All.