Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 71

    1. 2014] Sádhail sin, a gealtagáin,
      2015] a mbarr na géige iubair
      2016] do leathtáobh mo mennatáin, bennatáin§
      2017] docaithis mo chuid biolair.

    1. 2018] Ní sádhail mo bhetha-sa,
      2019] a chléirigh Droma hIaroind,
      2020] atá do mhéd m'eagla-sa
      2021] súil dom shúilibh nach íadhaim.
    2. 2022] Fir domhain dá bfaicinn-si
      2023] chugum, a fhir an cheóláin,
      2024] is comhmór dotheithfinn-si dotheichfinn-si§
      2025] ríu is re heitil an dreólláin.
    3. 2026] Truagh gan tusa im inmhe-si,
      2027] is meisi im chléirech chrábaidh,
      2028] nó co ttuigedh th'inntinn-si
      2029] nach cerd geilte beith sádail.
      2030]

      Sádail.