Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 61

    Suibhne

    1. 1783] Mór múich a ttú-sa anocht,
      1784] rotreaghd mo chorp an gháoth ghlan,
      1785] toll mo throighthiu, glas mo ghrúadh,
      1786] a Dhé mhóir, atá a dhúal damh.
    2. 1787] I mBeinn Bhoirche dhamh aréir,
      1788] romthuairg bráoin in Echtga úair,
      1789] anocht robhretait mo bhoill
      1790] i nglaic chroinn i nGáille ghlúair.
    3. 1791] Rofhuilnges mór ttreas gan tlás
      1792] ó rofhás clúmh ar mo chorp,
      1793] ar gach n-oidhche is ar gach ló
      1794] as mó sa mhó fhuilghim d'olc.
    4. 1795] Romchráidh sioc, síon nach súairc,
      1796] romthuairg snechta ar Sléibh mhic Sin,
      1797] anocht romgeóghain an ghaéth
      1798] gan fraech Ghlenna Bolcáin bil.

    5. p.64

    6. 1799] Utmhall mh'imirce in gach íath,
      1800] domríacht bheith gan chéill gan chonn,
      1801] do Muigh Line for Muigh Lí,
      1802] do Muigh Lí for Life lonn.
    7. 1803] Saighim dar seghais Sléibhi Fúaid,
      1804] rigim im rúaig co Ráith Móir,
      1805] dar Magh nAoi, dar Magh Luirg luinn
      1806] rigim co cuirr Chruacháin chóir.
    8. 1807] Ó Sliabh Cúa, ní turus tais,
      1808] riccim go Glais Gháille ghrinn,
      1809] ó Ghlais Gháille, gidh céin cían,
      1810] riccim soir go Slíabh mBreagh mbinn.
    9. 1811] Dúairc an bhetha bheith gan teach,
      1812] as truagh an bhetha, a Chríosd chain,
      1813] sásadh biorair bairrghlais búain,
      1814] deogh uisge fhúair a glais ghlain.
    10. 1815] Tuisledh do bharraibh chraobh ccríon,
      1816] imthecht aitin, gníom. gan gháoi,
      1817] seachna daoine, cumann cúan,
      1818] coimhrith re damh rúadh dar raéi.
    11. 1819] Feis oidhche gan chlúimh a ccoill
      1820] i mullach croinn dosaigh dhlúith,
      1821] gan coisteacht re guth ná glór,
      1822] a mhic Dé, is mór an mhúich.
    12. 1823] Reithim rúaig re beinn co báoth,
      1824] uathadh rotráoth a los lúith lu§,
      1825] dosgarus rem chruth gan clódh,
      1826] a mhic Dé, is mór an mhúich.

      Mór


p.65