- 1715] Fuar anocht Benna Boirche,
1716] as ionadh fhir anfhoirfe,
1717] ni hionadh bídh ná blechta,
1718] re sín is re sírshnechta.- 1719] As fuar mo leabaidh oidche
1720] a mullach Bheinne Boirche,
1721] am fann, nímfulaing édach
1722] ar chrann chuilinn crúaidhghégach.- 1723] Ó romgeibh fúacht isind aigh
1724] tigim go háith 'na aghaidh,
1725] beirim daiger don gháoith ghlé
1726] dar leirg Laigen Laoghaire.- 1727] Glenn Bolcáin an tobair gloin,
1728] as é mh'árus re hanmoin,
1729] ó thicc lá Samhna, ó téid sam,
1730] as é mh'árus re hanadh.- 1731] Gacha sirinn thíar is toir
1732] seachnóin ghlenntadh Glanamhraigh,
1733] bídh síon cruaidhshnechta im cheann,
1734] i ndíon úairghealta Éirenn.- 1735] As é sin mo ghlenn grádha,
1736] as é m'ferann comhdhála,
1737] as é mo dún ríogh re roinn,
1738] as é mo díon ar dhoininn.- 1739] As é sin m'fulang oidhche:
1740] cnúasach mo dá chrobh choidhche,
1741] benoim a ndoiribh doirchibh
1742] do luibibh, do lántoirthibh.
- 1743] Mian lium na mónainn co mbloidh,
1744] at millsi ná maothnatoin
1745] fothlacht, femar, as mían damh,
1746] an lus bían is an biorar.- 1747] Ubhla, caora, cna cuill chain,
1748] sméra, dercain do dharaigh,
1749] subha craobh, is fíach féile,
1750] sgeachóra scíach scenbhgére.- 1751] Siomsán, samhadh, creamhlus cain
1752] agus biororáin bharrghlain,
1753] benuidh dhíom géire malle,
1754] dercain sléibhe, bun melle.- 1755] Meisi i ferann ghlas nach glenn,
1756] a Chríst, ní rochomhraceam,
1757] ní fhuil mo dual-sa re a dul
1758] acht gidhim fúar-sa, is fúar-sum.
1759]Fuar anocht.