Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 45

    1. 1358] Duairc an bhetha-sa
      1359] bheith gan maeithleaptha,
      1360] adhbha úairsheaca,
      1361] garbha gáoithshnechta.
    2. 1362] Gaoth uar oighreata,
      1363] sgáth fann fainnghréine,
      1364] fosgadh éinbhile,
      1365] a mullach maighshléibhe.

    3. p.49

    4. 1366] Fulang fraissíne,
      1367] céim dar aisseóla,
      1368] imthecht glaismhíne,
      1369] madain ghlaisreódha.
    5. 1370] Gáir na damhraidhe
      1371] ar fhud fidhbhuidhe,
      1372] dréim re hoisbherna,
      1373] fogar fionnmhuire.
    6. 1374] Maith, a mórChoimdhe,
      1375] mór an meirbhnéll-sa,
      1376] duilghe an duibhlén-sa,
      1377] Suibhne an seingbhlén-sa.
    7. 1378] Rith dar breicbhernaibh
      1370] Boirche boithleaptha,
      1380] osnadh geamhoidhche,
      1381] coss i ccloichshneachta.
    8. 1382] Luighe fliuchleapthach
      1383] learga LoichÉirne,
      1384] menma ar mhuichimthecht
      1385] madan mhuichéirghe.
    9. 1386] Rith tar tuinnbeinnaibh
      1387] Dúine Sobhairce,
      1388] clúas re tromthonnaibh
      1389] Dhúine Rodairce.
    10. 1390] Rith ón rathuinn-si
      1391] co tuinn mbaéithBerbha,
      1392] feis ar crúadhcholbha
      1393] Dhúine caéimhChermna.

    11. p.50

    12. 1394] O Dhún caoimhChearmna
      1395] co Beinn mbláthmBoirne,
      1396] clúas re clochadhart
      1397] Crúacháin ghargOighle.
    13. 1398] Utmhall mh'imirce
      1399] a muigh na Bóruime,
      1400] ó Bheinn Iughoine
      1401] go Beinn mBóghoine.
    14. 1402] Táinic chugum-sa
      1403] neach romlámhaigh-si,
      1404] ní romsíodhaigh-si
      1405] bean romsáraigh-si.
    15. 1406] Rug mo chuidigh-si
      1407] d'éis na cionadh-sa,
      1408] truagh an monar-sa,
      1409] adúas mo bhiorar-sa.
    16. 1410] Biorar bhuingim-si,
      1411] biadha fionndlochtán,
      1412] ceithre cronnghlacáin
      1413] Glinne fionnBholcáin.
    17. 1414] Sásadh saicch m-si,
      1415] suairc an monarán,
      1416] deoch don uisgi-si,
      1417] thiobrad fhionnRonán
    18. 1418] Corra mh'ingni-si,
      1419] maeth mo chreasa-sa,
      1420] toll mo chosa-sa,
      1421] lom mo leasa-sa.

    19. p.51

    20. 1422] Béraitt oram-sa
      1423] fían co talchuraibh,
      1424] cían ó Ultachaibh,
      1425] triall a nAlbanchaibh.
    21. 1426] D'éis an astair-si
      1427] truagh mo shanuslaidh,
      1428] bith a ccrúadhchomaidh
      1429] Chairrge Alastoir.
    22. 1430] Carraig Alastair,
      1431] adhbha d' fáoilennaibh,
      1432] truagh a Dhúilemhain,
      1433] uar dhá háoidheadhaibh.
    23. 1434] Carraig Alastair,
      1435] cloc na cruthailde,
      1436] lór a leathairde,
      1437] srón re sruthfhairrge.
    24. 1438] Truagh ar ccomhraic-ne,
      1439] días chorr crúadhluirgnech,
      1440] misi crúaidhleadhbach,
      1441] sisi crúaidhghuilbnech.
    25. 1442] Fliuch na leaptha-sa
      1443] itá mh'áras-sa,
      1444] beg doshaoiles-sa
      1445] gur chreg chádhasa.
    26. 1446] Olc do chláonChongal
      1447] cath do tharrachtain,
      1448] mar chuing n-imeachtair
      1449] rothuill mallachtain.

    27. p.52

    28. 1450] A cath RathMuighe
      1451] tráth do rúachtas-sa
      1452] re nguin mh'échta-sa
      1453] ním dluigh dúarcusa.

      D.

    29. 1454] Truagh an turus-sa,
      1455] ní ma tánag-sa,
      1456] cían óm eólus-sa,
      1457] críoch gusa ránag-sa.
    30. 1458] Tiucfaidh Loingseachán,
      1459] truagh a thurusa,
      1460] gé romlena-sa
      1461] ní ba hurusa.
    31. 1462] Caille comhfhada,
      1463] cladh na cúarta-sa,
      1464] tír gus ránag-sa,
      1465] ní gníomh dúarcusa.

      D.

    32. 1466] Duibhlinn dúnBhoirche,
      1467] trén romfúasnaidh-si,
      1468] aidhbhle a hiochtair-si,
      1469] daingne a húachtair-si.
    33. 1470] As ferr fúarus-sa
      1471] coillte cosmhuile,
      1472] roighni ruisMhidhe,
      1473] aidhbhle Osraighe.
    34. 1474] Ulaidh fhoghamhair
      1475] im Loch Cúan critheólaigh,
      1476] tadhall samhrata
      1477] Cheineóil mbithEóghain
    35. 1478] Imthecht Lughnasaidh
      1479] Taillten tiobraidhe,
      1480] iasgach earrchaidhe
      1481] Sionna siobhlaighe.
    36. 1482] Minig riccim-si
      1483] tír conúachtus-sa,
      1484] buidhni barrchasa,
      1485] druimni dúarcusa.

      Dúairc.