Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 37


894]

Atróchair éimh Suibhni asin iubhar ó rochuala
895] tásg a éinmhic, gur ro-iadh Loingseachán a dhá
896] láimh thairis & rochuir cuibhreach fora lámhaibh.
897] Ro-innis dó iaromh a muinter do mharthain uile &
898] rug leis é gusin ionadh i rabhadar maithe Dhál
899] Araidhe. Tucaid dono glais & gébhenna eaturra
900] aca-somh faoi Suibhne & roherbadh do Loingseachán,
901] a breith leis co cenn caocaoisi ar mhís. Ruc-sumh
902] iarum Suibhne leis & robhádar maithe an chúigedh
903] chuigi & úadha frisin ré sin. Táinic trá a chiall & a
904] chuimhne dhó a ffoircenn na rée sin. Táinic bheós
905] a chruth & a dhealbh budhdhéin dó. Robhenaid a
906] chuibhrighe de & rosamhlaidhedh a ríghe fris.
907] Táinic ionbaidh fhoghamhair ann fáoi sin & luidh


p.33


908] Loingseachán cona muinter do bhuain lá n-ann.
909] Rocuiredh eision a ttuilg Loingseacháin iar mbéin
910] a glais de & ar ttecht a chéille dhó. Rohíadhadh an
911] tuilg fair & níor fágbadh neach ina fharradh acht an
912] chailleach namá .i. cailleach an mhuilinn & rohaithnidhedh
913] dhí gan comhrádh do shoighin ar Suibhne.
914] Ara áoi sien roshoigh sí cóir chomhráidh air-siomh co
915] rofhiafraigh ní día imthechtuibh dhe oiread robhaoi
916] ar gealtacht. ‘Mallacht for do bhél, a chailleach,’
917] ar Suibhne, ‘as olc a n-abra, ní léigfi Día mo bheith-si
918] for gealtacht doridhisi.’ ‘Maith a fios agum-sa,’ ar
919] an chailleach, ‘gurab é sárugudh Rónáin fodera duit
920] dul for gealtacht.’ ‘A bhen,’ ar sé, ‘is gránna duit
921] beth gom brath & gom bíathadh.’ ‘Nocha brath
922] edir,’ ar sí, ‘acht fírinne’; & adúbairt Suibhne: