Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 32

    1. 682] 'Súanach sin, a Eorann án,
      683] i leith leaptha red lennán,
      684] ní hionann is misi ibhus,
      685] cian ó atú-sa ar anbfhorus.
    2. 686] Roráidhis, a Eorann oll,
      687] aithesg álainn iméttrom
      688] co ná beitheá it bheathaidh dhe
      689] sgaradh énlá ré Suibhne.
    3. 690] Aniú is suaithnidh co prab,
      691] beg let brígh do shencharad,
      692] te duit ar chlúimh cholcaidh cain,
      693] úar damh-sa amuigh co madain.

    1. 694] As mochen duit, a gheilt ghlan,
      695] tú is tocha d' feruibh talman,
      696] gidh súanach is suaill mo chlí
      697] ón lá itcuala tú ar neimhní.

    1. 698] As tocha let mac in rígh,
      699] beriustú d'ól gan imshníomh,
      700] as é do thochmarc togha,
      701] ní íarr sibh bhar senchara.

    1. 702] Ce nombéredh mac an rígh
      703] do thoigibh óil gan imshníomh,
      704] ferr liom feds i ccuas cháol chroinn
      705] let, a fhir, día notcaomhsoinn.
    2. 706] Dá ttuctha mo rogha dhamh
      707] d' feruibh Éirenn is Alban,
      708] ferr lem it chomair gan chol
      709] ar uisge agus ar bhiorar

    p.26

  1. 710] Ní conair do deghmhnáoi dhil,
    711] Suibhne sunn ar sliocht imnidh
    712] fuar mo leaptha ag Ard Abhla,
    713] nídot terca m' fhúaradhbha.
  2. 714] Córa duit serc agus grádh
    715] don fhior 'gá táoi th'aénarán
    716] iná do gheilt ghairbh ghortaigh
    717] uathaigh, omhnaigh, urnochtaigh.
    1. 718] Monúar ámh, a gheilt ghníomhach,
      719] do ueth éittigh imshníomhach,
      720] saoth lem do chnes rochlói dath,
      721] dreasa is droighin gut rébadh.

    1. 722] Ní dá chairiughadh dhamh ort,
      723] a mháothainder mháothéttrocht,
      724] Críst mac Muire, mór da cacht,
      725] é domrad a n-éccomhnart.

    1. 726] Robadh maith lem ar mbeth araén
      727] co ttigeadh clúmh ar ar ttaobh,
      728] co sirfinn soirchi is doirchi
      729] let gach lá is gach énoidhche.

    1. 730] Adaigh dhamh-sa a mBoirchi bhinn,
      731] ránac Túath Inbhir áloinn,
      732] rosirius Magh Fáil co fraigh,
      733] tairlius do Cill Uí Súanaigh.

    S.