Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 27

    Suibhne

    1. 561] 'An fer ag froig focherd srainn,
      562] súan mar soin nocha lámhaim,
      563] seacht mbliadhna ón mhairt a Muigh Rath
      564] nochar chotlus tinneabradh.

    2. p.21

    3. 565] Do chath rod,
      566] a Dhé nimhe, ní ma lott,
      567] bá Suibhne Geilt m'ainm iar sin,
      568] mh'aonar dhamh a mbarr eidhin.
    4. 569] Biorar thiobrad Drorma Cirb,
      570] as é mo shásadh im theirt,
      571] as aithnidh orm gnúis a ghné,
      572] as fíor is mé Suibhne Geilt.
    5. 573] Dearbh as misi Suibhne Geilt
      574] fer contuil fo choemhna ceirt,
      575] im Shlíabh Líag má do cló
      576] domseannad na fiora so.
    6. 577] An tan ba-sum Suibhne sruith
      578] arbhirinn bith a n-úarbhuith
      579] i seisg, a sesgonn, i sléibh:
      580] rorer m'eól ar eidirchéin.
    7. 581] Atlochar don rígh-si thúas
      582] las nach gnáth an t-iomarchrúas,
      583] as edh romucc as mo riocht
      584] a mhéd robhá for écciort.
    8. 585] As fuit, fuit damh ó nach mair
      586] mo chollan i n-eidhnechaibh,
      587] feraidh mór do shíonaibh air
      588] agus mór do thoirneachaibh.
    9. 589] Gidh im beó ó gach dinn do dhinn
      590] isin slíobh ós iubairghlinn,
      591] áit i fargbadh Congal Cláon
      592] monúar ná romfargbadh faon.

    10. p.22

    11. 593] Meinic m'ong
      594] cían óm relic mo theach toll,
      595] nídom nía acht im geilt ghann,
      596] Dia romchlann i cceirt gan chonn.
    12. 597] As mór báos
      598] a Glinn Bolcáin acht cé taés,
      599] fil mór do abhlaibh a nGlinn
      600] Bolcáin do éimhedh (?) mo chinn.
    13. 601] Biorar glas
      602] agus deogh d'uisge glain,
      603] nosibhim, ní thibim gen,
      604] ní hionann san fer ag froigh.
    14. 605] Eidir corraibh Cúailghne saimh,
      606] eitir chúanaibh ó thig gaimh,
      607] fó chéibh chaille gach re seal,
      608] ní hionann san fer ag fraigh.{folio 86a}
    15. 609] Glenn mBolcáin mbil bél re gáoith
      610] ima ngairid geilte glinne,
      611] ní chodlaim ann, monuar dhamh,
      612] am trúaighe ná an fer ag fraigh.'

    An fer