Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 26


535]

Seacht mbliadhna comhlána do Suibhne ar
536] fud Érenn as gach aird go aroile go ttoiracht aon na
537] oidhche ann co Glenn Bolcáin, fobith is ann robhaoi
538] a dhaingen & a dhúnárus comhnaidhe-siumh & ba
539] haoibhne leis oirisiumh & aittreabadh ann inás i
540] ngach ionadh a nÉrinn ina égmuis, úair doshoichedh
541] chuige as gach aird d'Éirinn & ní théighadh úadh
542] acht re huaman & re huiregla mhóir. Roairbhir
543] bhith Suibhne ann an aghaidh sin co ttoirracht
544] Loingseachán fora iarraidh isin maidin arnamhárach.
545] Adberat furenn ann gurbho mac máthar dhó-sumh
546] Loingseachán, adberat furenn eile ba comhalta, acht
547] cena cibé dhíbh sin é roba mór a dheithidin uimesiumh,
548] uair dochuaidh-siumh fo thrí for gealtacht &
549] dusfug-sumh fo thrí for ccúlaibh. Robhaoi Loingseachán
550] aga iarraidh-siomh don dul sin isin ghlionn,
551] co bfuair sliocht bharr a throighedh a mbruach na
552] glaisi isa biorar noithedh & fós fuair na craobha
553] nomheabhtaís fó a chosaibh ag aitherrach do bharr
554] an chroind for aroile. Ní bfuair-siumh dono an gheilt
555] an lá sin co ndeachaidh a faisteach folamh isin glinn
556] gur tuit a shúan toirrchim codalta fair ann iar
557] mórshaothar luirg Suibhni forsa raibbe iarair. Doluidh
558] iaromh Suibhne fora shliocht-somh go mbúi forsan
559] teach co ccúalaidh iarum srainn Loingseacháin ann;
560] conadh iarsin adbert an láoidh-si: