Suibhne
- 360] 'Bliadhain gus aréir
361] dhamh fó chiamhair chraobh
362] eitir tuile is tráigh
363] gan tuighe fom tháobh.- 364] Gan cerchaill fóm chionn
365] eitir ferchloinn fhinn,
366] baeghal, a Dhé, dhúinn,
367] gan fhaobar, gan rinn.- 368] Gan comhthocht fri mnáibh,
369] acht madh fothlacht fían,
370] as cuid iodhan óg,
371] biolar, as é ar mían.- 372] Gan rúathar co rígh
373] am úathadh im eól,
374] gan airgni go hán.
375] gan chairde, gan cheól.- 376] Gan chodladh, monúar,
377] go n-abrar a fhíor,
378] gan chobhair co cían,
379] as doraidh mo dhíol.
- 380] Gan tegh lomnán lán,
381] gan comhrádh bfher bfhíal,
382] gan rígh riom da rádh,
383] gan lionn is gan bíadh.- 384] Trúagh romthearbadh sunn
385] rem shlúagh trealmach trom
386] im geilt géir tar gleann
387] gan chéill is gan chonn.- 388] Gan bheth ar cuairt rígh
389] acht rúaig ar gach ráon
390] as í an mhire mhór,
391] a rí nimhe naomh.- 392] Gan áos comhlán ciúil,
393] gan comhrádh fri mnáibh,
394] gan tiodhnacal séd,
395] tuc mh'ég, a Chríst cháidh.- 396] Robádhus-sa feacht,
397] ge béo mar 'tú anocht,
398] ba neamhfhann mo nert
399] ar ferann nárbh olc.- 400] Ar eachaibh co hán
401] i mbeathaid can bhrón,
402] ar mo ríghe raith
403] robsam rígh maith mór.- 404] Beith mar 'tú 'na dhíaid
405] dot chreic, a Chríst cáidh,
406] im bhochtán gan brígh
407] a nGlionn Bolcáin báin.
- 408] An scé nach máoth barr
409] romthraoth is romtholl,
410] súaill nach ttuc mh' oididh,
411] an craobh droighin dhonn.- 412] Cath Congail co cclú,
413] ba liach dhún fo dhí,
414] ba día mairt an maidhm,
415] lía ar mairbh 'náid ar mbí.- 416] Ar faéinnel go fíor
417] gerbham saéirfher séimh,
418] isam triamhain trógh
419] bliadhain gus aréir.'Bliadhain