Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 16

    Domhnall

    1. 264] Cionnus sin, a Shuibhne sheing?
      265] robadh tóiseuch mór ndíreim
      266] an lá tugadh an cath clóen,
      267] ar Macc Rath robadh rochóemh.
    2. 268] Cosmhuil do ghnúis érgna iar n-ól
      269] re corcair no re coemhór,
      270] cosmhuil do chúl gan chaire
      271] re clúimh nó re casnaidhe.
    3. 272] Cosmhuil gné do chuirp choidche
      273] re sneachta n-úar n-(r)[macr ]æcnoidhche,
      274] do rosg rogormadh mar ghloin,
      275] mar oighreadh séimh snúadhamail.
    4. 276] Áluinn cuma do dá chos,
      277] dar liom ní trén th'urradhus,
      278] t'airm rathmara, ruicthis fuil,
      279] robsat athlumha i n-iomghuin.{folio 84a}
    5. 280] Targaidh Colaim Cille dheit
      281] nemh agus ríghe, a romheic,
      282] díogháir tángais isin Magh
      283] ó príomhfháidh nimhe is talmhan.
    6. 284] Adubairt Colum Cille,
      285] fáidh fosaidh na fírinne,
      286] líon ticcthi tar tuile theinn
      287] ní riccthi uile a hÉirinn.
    7. 288] Targus-sa do Chongal Chlaon
      289] tan robámar imaráon
      290] bennacht fer nÉrenn uile,
      291] ba mór an t-ioc énuige.

    8. p.11

    9. 292] Muna gabha uaim-si sin,
      293] a Chonghail chaoimh mic Sgannail,
      294] ga breith bhéire, mór an modh,
      295] orm-sa, más eadh, it aonor?
    10. 296] Gébhad-sa úait madh maith lat,
      297] tabhair dhamh-sa do dhá mac,
      298] do lámh dhiot is do bhen mbas,
      299] t'ingen is do rosg rinnglas.

  1. 300] Nocha Béra acht rinn fri rind,
    301] béd-sa choidche in bhar n-oirchill,
    302] as é ar ccomhrádh iman ccacht,
    303] beir-si lomnán mo mallacht.

  2. 304] Bidh cuid do chuifir do chorp,
    305] beittid fiaich ar do thromthocht,
    306] nodgonfa ga dremhan dubh
    307] agus beir-si faon folumh.
  3. 308] Atáoi it áonar seach gach rígh
    309] gum aimhles ó thír do thír,
    310] rodlesaighes thairis sin
    311] ón ló rondug do mháthair.
  4. 312] As ann fós tugadh an cath
    313] ar an maighin a Muigh Rath,
    314] robhúi bráon dar claideamh nglas,
    315] torchair Congal Cláon cionnus.

    Cionnus.