Corpus of Electronic Texts Edition
Buile Shuibhne (Author: Unknown)

paragraph 6

    Rónán

    1. 69] Suibniu mac Colmáin romchráidh,
      70] romtharraing leis ar leathláimh,
      71] d' fhágbháil Chille Luinne lais
      72] dom beith athaigh 'na hégmais.
    2. 73] Táinig chugum 'na rith rod
      74] amail rochóala mo chlog,
      75] tug leis feirg n-adhbhal n-anba
      76] dom athchar, dom ionnarba.
    3. 77] Leasg lem-sa mh'athchar abhus
      78] ón bhaile céda rabhus,
      79] gérbo lium-sa robadh lesg
      80] do Dhía táinic a thoirmesg.
    4. 81] Níor léig mo lámh as a láimh
      82] co ccóalaidh an éighemh n-áin,
      83] go n-ébreadh ris: 'tair don chath,
      84] doriacht Domhnall Magh ránRath.

    5. p.4

    6. 85] Dodheachaidh maith dhamh-sa dhe,
      86] ní ris rugus a bhuidhe,
      87] ó doriacht fios an chatha
      88] do shoighidh an ardflatha.
    7. 89] Ro-ionnsaigh an cath go cían
      90] dár chláon a chonn is a chíall,
      91] sirfidh Éirinn 'na gheilt ghlas
      92] agus bidh do rinn raghas.
    8. 93] Mo pshaltair doghabh 'na láimh
      94] dusfarlaic fón linn láin,
      95] dorad Críst chugum gan chair
      96] conár bhó misdi an pshaltair.
    9. 97] Lá co n-oidhche fán loch lán
      98] is nír mhisdi an breac bán
      99] dobhrán do dheóin Mic Dé dhe
      100] doroidhnacht damh dorisse.
    10. 101] An pshaltair doghabh 'na láimh
      102] fágbuim-se do chloinn Cholmháin,
      103] bídh olcl do chloinn Cholmáin chain
      104] an lá dochífed an pshaltair.
    11. 105] Lomnocht dodheachaidh sé sonn
      106] dom thochrádh is dom thafonn,
      107] as edh doghéna Día dhe,
      108] bídh lomnocht dogrés Suibhne.
    12. 109] Rogabh gá astadh a brat
      110] Eorann, ingen Chuinn Chiannacht,
      111] mo bhennacht ar Eorainn de
      112] is mo mallacht ar Suibhne.

    S.


p.5