Corpus of Electronic Texts Edition
Cormac mac Cuillenáin and the jesters (Author: Unknown)

paragraph 3

Is ann adubairt Gegan, an brathair ba h-amhra & ba h-aireghda dibh: ‘Druididh cuccainn ille,’ ar se, ‘et an f-fedabair cuin do-gabhabair do laimh airfittedh do denam do mac Cuilennain et as mor an feidhm a dingbáil airfidigh do denam dó, & dá madh beo sinde, do-génmais a airpeitedh & do-cedaigh in Coimdhe dún a airfidedh-somh et sind marbh.’ Et at-bert Gegan na roinn-si:

    1. Truaghan sin, a Rí na righ,
      a Rí firen fichtib sluaigh,
      is eolcaire na gach ceol
      ceol na c-cend in aidche fuair.
    2. A chind Gégain, druid ille,
      co n-dernamais coinircle,
      mór inní fa t-tuccsam láimh
      airfeitedh mic Cuilendain.
    3. Ar t-triur brathar dúin aréir
      maith ar lathar imon sluagh,
      anocht ge 'táit ar tri cind
      acc airfittedh co tim truagh.
    4. Uch monuar on uch monuar,
      ge gerr ó dhomnach go luan
      as giorra bíos rí na nell
      ag denam trein go m-ba truagh.
    5. Do-rat uball cech fir dún
      flaith do-bí ag fulang na sluagh,
      agus do-naiscc oirn da deoin
      co n-dingnemis ceol bud truagh.

    6. p.10

    7. O do-tuit Pol le Neir
      sgel mor isa domhan toir—
      nochar faccbadh ar in n-glend
      indsamhail chinn Corbmaic cain.
    8. Uchan, ach,
      do-tuit Cormac isin cath,
      o thesta a sil asin m-bith,
      maisi righ Caisil at-bath.
    9. Corbmac a Tulach na righ
      do-badh rí ar Mumain muadh
      gach ni do-fuighill a bel,
      do-fuiling gach tren is grach truagh.
    10. Maith do suidhe dabach mór,
      maith do dluighe ralach ruadh,
      maith do tabairt laich i l-lén,
      maith do denamh trén do truagh.
    11. Camhair-so, coisccidh bhar c-ceol,
      mithid dibh eistecht monuar,
      beiridh bennachtain anocht
      is eirgidh chum bhar c-corp truagh.