1] Rí amra ro boí for Laignib .i. Rónán mac Aeda, & Ethni ingen
2]
Chummascaig maic Eogain do Désib Muman na farrad. Co
3]
rruc mac do .i. Mael Fothartaig mac Rónáin, mac is amru
4]
tánic Laigniu riam. Is immi con-éirgitis fri dála & dúnada &
5]
cluichi ocus céti & tressa ocus díbircthi. Ba hé menmarc a n-ingen
6]
ocus lennán a n-ócban uli Maíl Fothartaig.
7] Marb a máthair. Baí Rónán cen mnaí fri hed cían.
8] Cid na tucai mnaí? or a mac. Ropad ferr duit ben it
9]
arrad.
10]
Ad-fiadar dam-sa, ol Rónán, a-tá ingen chóem la h-Echthaig
11]
(.i. rí Dúin Sobairche an-túaid).
12] Nida céili ingine ém, or in gilla. Nach ben forusta do-bére?
13] Ba córu lim duit ol-dás scintline ingine.
14] At-rós a thairmesc, co n-dechaid coro foí lee a-tuaid ocus
15]
conda tuc lais i-lle. Do-chóid Mael Fothartaig immorro co
16]
mbaí ar cuairt i n-desciurt Lagen. Tic-si a-túaid.
17] Cade do mac-su, a Rónáin? or sí. Ad-fiadar dam-sa a-tá mac
18]
maith lat-so.
19] A-tá immorro, ar Rónán, mac as dech fil la Laigniu.
20] Congarar dam-sa didiu, conom ragba ocus co rragba mo
21]
muntir ocus mo maíni ocus mo séotu.
22] Do-raga immorro, ar Rónán.
23] Tic-side iar sin ocus feraid fáilti móir frie-si.
24] Rot bia grádugud, or in gilla. A n-at-chotfam-ni do Sétaib &
25]
maínib, is duit ragas ar grádugud Rónáin.
26] Is maith lim-sa, or sí, mo les do dénam duit-siu.
27] Ócben chóem ina h-inaltus-si. Ros faíd chuci fo-chÉtóir dia
28]
athchungid (.i. Maíl Fothartaig). Níro lam ind ócben a rád, ná
29]
ros marba Mael Fothartaig, coro báig-si frie a cend do béim di
30]
acht mani aprad. Fecht and baí Mael Fothartaig oc imbirt
35] Cid ass áil duit-siu do rád? ar Congal frisin mnaí.
36] Ní dam ass áil, or sí, acht do ingin Echach rop áil Mael
37]
Fothartaig na cardess.
38] Ná h-apair, a ben, or Congal. Bia marb dianat chluine Mael
39]
Fothartaig. Do-gén-sa do les-su féin fris-seom chena, mad áil
40]
duit.
41] At-beir ind ócben frie-si.
42] Is maith lem, or si-si, ar ro-léma-su a rád ind aithisc acht co
43]
comrís féin fris; ocus déna mo les-sa iarum friss.
44] Do-gníther. Foid ind ócben leis .i. la Mael Fothartaig.
45] Maith tra, or si, ní dingne-su mo les-sa a fecht-sa. Is ferr
46]
let in fer ucut t'oenur. Bet marb-so dano lim-sa.
47] Feccaid in ben laa n-and ic coí fri Male Fothartaig.
48] Cid daí, a ben? or sé.
49] Ingen Echdach oc báig mo marbtha frim, olsi, uair nach
50]
dénaim a lles frit-so, co comairsed frit.
51] Dóich dano, or sé. Ní sechbaid duit, or sé, ro gabais chom-
52]
mairchi. Dianom bertha-sa, a ben, or sé, i cualchlais tened fo
53]
thrí co ndernad min & luaith dím, ní chomraicfind fri mnaí
54]
Rónáin, cid ed nomm ainsed airi sin uile. Regat-sa dano, or sé,
55]
for a h-imgabáil.
56] Luid iar sin coícait laech co m-baí hi crích Alban. Fo-geib
57]
fálti móir la ríg n-Alban. Coin le[s]-side fri míla maige, coin fri
58]
muca, coin fri h-aige. Nos marbtais immorro Doílín ocus Daithlend
59]
cach toffond ar úair ar a m-bélaib-side .i. dá choin Maele
60]
Fothartaig. Cach cath ocus cach immarec no maided re ríg
61]
Alban, is Mael Fothartaig nod mbrissed.
62] Cid so, a Rónáin? or Lagin. In tussu ruc Mael Fothartaig
63]
as tír? Beat marb-so lin-ni mani thora a-ridisi.
64] At-fiadar dó-som ón; do-thaot-som an-air a-ridisi.
65] Is ed do-rala an-air, do Dún Sobairchi. Ferthair fáilti mór
66]
friss. Is olc duit-siu, a Mael Fothartaig, nác[h] ruí fri ar
67]
n-ingin-ni. Is duit dos-ratsam, ocus ní dont Senaithiuch ucut.
68] Olc ón immorro, ol Mael Fothartaig.
69] Do-tháet Mael Fothartaig co Laigniu, ocus ferait fáilti móir
70]
fris. Foid ind ócben chétna leis.
71] In fer uait dam-sa, or ingen Echdach fria sétchi, nó bás fort
72]
béolu!
73] Ad-fét-side do Mael Fothartaig.
74] Cid do-gÉn friss so, a Chongail? or Mael Fothartaig.
75] Tuc a lóg dam-sa, or Congal, ocus dingébat in mnaí dít
76]
connáchat imráidfe etir.
77] Rot bia mo ech cona Srian ocus mo dechelt, or Mael Fothartaig.
78]
79] Ní géb, ar Congal, acht na dá choin, co rraib mo Selb forru
80]
na-mmá.
81] Rot biat, or Mael Fothartaig.
82] Airg-siu ám i-mbárach, ar Congal, co m-bé oc Buaib Aífe
83]
oc taffond.
84] (Bae Aífi .i. clocha filet la tóeb int Sléibe. It cosmaile fri bú
85]
finna do chéin. For aífe int Sléibe a-taat.)
86] Eirg-siu didiu co rrabais oc mílruth and. Ocus dálfaid in ben
87]
a ssétchi chucund, ocus no cureb-sa dít.
88] Ba fír són. As-bert a sétig frie. Ba fota lee co matain. Do-llotar
89]
arna-bárach ina n-urdáil. Co n-accatar Congal ar a ciund.
90] Cia leth so, a dorman? or sé. Ní maith duit imthecht
91]
t'oenur, acht mani[d] dáil fir no théig. Eirgg dot tig, ar sé,
92]
ocus beir miscaid.
93] Luid Congal lee coa teg. Co n-accatar cuccu do-ridisi.
94] Amein, ar Congal, is imdergad ríg Lagen iss áil duit, a
95]
drochben! Dianat accur-sa do-ridisi, or sÉ, bÉrat do chend co
line numbering is incorrect in text
99] Ro gab echlaisc di conda fargaib ina tig.
100] Ro-bér-sa dano, or sí, loim fola it beolu-so.
101] Tic Rónán dia thig. Do-thaet a munter ria Maíl Fothartaig
102]
is-tech. Anaid-seom a oenur a-mmaig oc mílruth.
103] Cade Mael Fothartaig i-nnocht, a Chongail? ar Rónán.
104] A-tá i-mmaig, ar Congal.
105] Fé amai mo mac-sa do bith i-mmaig a oenur ocus a lín dia
106]
tabair mathius.
107] Ro bodrais sind, or sí, oc imrádud do maic.
108] Is cóir a imrádud, ol Rónán, ar ní fil i n-Hérinn mac as ferr do
109]
réir a athar. Ár is cumma a ét immon fer & immon mnaí oc
110]
Áth Clíath & oc Clár Daire Móir & oc Drochiut Charpri amail
111]
bid a anim fessin no beth mom dágin-se, corop sám dam ocus
112]
duit-siu, a ben, ar Rónán.
113] Ní étann úam-si ám, or si-si, in sámchaire ass áil dó .i.
114]
comrac frim dot chind-so. Nocha beo-sa iarum oc gabáil fris
115]
ní bas síriu. Rom-uc-sa Congal chuci co bo thrí ó matin co
116]
n-erlós ar écin assa lámaib.
117] Mallacht fort beolu, a drochben, ar Rónán. Is gó duit.
118] At-chicera didiu comartha airi inn-ossa, or si-ssi. Géb-sa
119]
lethrand dús in ba cubaid frissa ngéba-som.
120] Do-gníth-som ón cech n-iadchi do airiuc thuli di-ssi. No
121]
gaibed-som lethrand, no gaibed-si a lleth n-aill.
122] Do-lluid-som didiu a-mmaig co m-boí oc tírad a cholptha
123]
frisin tenid, ocus Congal inna farrad. Buí in drúth Mael Fothartaig
124]
.i. Mac Glass, oc clessaib for lár in taige. Is and as-bert,
125]
ar rop úar in laa
- 126] Is úar fri cloï ngaeithe
127] do neoch in-gair Bú Aífe.
- 129] Is úar fri cloï ngaíthe
130] do neoch in-gair Bú Aífe.
131] Iss ed ingaire mada, or si-se
132] cen bú, cen nech no chara.
(.i. sech ní ránac-sa, ní thucais-siu na bú lat.)
134] Is fír són a fecht-sa, ol Rónán.
135] Caur ro baí for láim Rónáin .i. Aedán mac Fiachnai Lára.
136] A Aedán, or sé, gaí i m-Mael Fothartaig, ocus riced ní uait
137]
dano Congal.
138] Ó ro boí a druim friu frisin tenid, nod clanna Aedán ind
139]
in gaí, co rruc a rrindi triit, co tarlai ina Suidi. Oc éirgiu do
140]
Chongal dos-beir Aedán in ngaí ind co tarla trína chride. Ro
141]
leblaing in drúth. Dos-léce Aedán in gae ina diaid co rruc a
142]
inathar ass.
143] Is lór, a Aedán, immot-beri forna feraib, or Mael Fothartaig
144]
assa Suidi.
145] Sirsan dúib ám, ar Rónán, ná fuarais-[s]iu mnaí do guidi
146]
acht mo ben-sa.
147] Is truag in bréc sin, a Rónán, or in gilla, do-ratad immut,
148]
marbad d'oenmaic cen chinaid. Dar th'ordan-su ocus darsin
149]
dáil i tiag-sa .i. dál báis, ní mó mo chin-sa do imrádud comraic
150]
frie ol-daas con-rísainn frim máthair, acht a-tá ocom chungid ó
151]
thánic a tír-se, conda tuc Congal fo thrí i-ndiu for cúlu nácham
152]
rosed-sa. Ní buí cin a marbtha la Congal.
153] No bered immorro in fiach a inathar ón drúth for irdrochiut.
154]
No fencad a beolu. No thibtís ind athig. Mebul la Mael
155]
Fothartaig. Is and as-bert-som
- 156] A Mic Glais
157] timthais t'inathar inniut,
158] cid ná fetar-su náire?
159] athaig oc gáire immut.
160] Marba iarum a triur. Ructha i tech fo leith. Luid Rónán co
161]
mbuí fó chind a maic tri laa & teora aidche.
162] Luid immorro Dond comalta Mael Fothartaig, bráthair
163]
Congaile, fichit marcach co Dún Sobairche, co tartsat bréic im
164]
Echdaig do thuidecht co h-or críche ar cend Mael Fothartaig ar
165]
tabairt a ingini-seom for aithed, co tucsat a chend & cend a
166]
maic ocus a mná.
167] Is and as-bert Rónán fo chind a maicc:
- 168] 1] Is h-uar fri clóï ngaíthe
169] 2] do neoch in-gair Bú Aífe;
170] 3] iss ed ingaire mada
171] 4] cen bú, cen neoch no chara.- 172] 1] Is úar gaeth
173] 2] i n-dorus tige na llaech;
174] 3] batar inmaine laoich
175] 4] bítis etrainn ocus gaíth.- 176] Cotail, a ingen Echach,
177] is mór aichri na gaíthi;
178] saeth lim-sa Mael Fothartaig
179] do guin i cin mná baíthe.- 180] Cotail, a ingen Echach;
181] ní sám lim, cen co tola,
182] aicsin Mael[e] Fothartaig
183] inna léni lán fola.
184]Ingen Echach:
- Mo-nuar, a marbáin chúili, or si-si
185] immon-rualaid lín súle,
186] a n-do-ringénsam do chul
187] rop sí do phian iat t'athchur.
188]Rónán:
- 189] Cotail, a ingen Echach,
190] nídat mera na doene;
191] cia broína-so do brattán
192] ní hé mo maccán chaíne.
193] Is and-sin trá tánic Dond co tarlaic cend a h-athar for a
194]
brunni-si, & cend a mmáthar & cend a derbráthar. At-raig
195]
suas iar sin co tarlaic imma scín co m-buí triana druim suas iar
196]
sin. Is and as-bert Rónán.
- 197] Ro gab Eochaid oenléni
198] iar mbeith i lleind loborde;
199] in brónán fil for Dún n-Áis
200] a-tá for Dún Soborche.- 201] Tabraid biäd, tabraid dig
202] do choin Maoile Fothartaig,
203] ocus tabrad nech aile
204] biäd do choin Chongaile.- 205] Tabraid biäd, tabraid dig
206] do choin Maíle Fothertaig,
207] cú fir do-bér(e)ad biäd
208] do neoch, cid luaig no criäd.- 209] Saeth lim cúrad Dathlinne
210] flescaib tinne dar toebu;
211] ní fil ar n-aithber fuirri
212] ní sí ro rir ar coemu.- 213] Doíléne
214] acum-sa fo-rroígéne;
215] a cend fo choim cáich ar uair
216] oc cungid neich ná fogébe.
- 217] Ind fir, ind óïc, ind eich,
218] bítis im Mael Fothartaig,
219] níptís formtig caemnai neich
220] i m-bethaid a n-airchinnig.- 221] Ind fir, ind óïc, ind eich,
222] bítis im Mael Fothartaig,
223] do-gnítis cen cosc a-maig
224] fo-fertais graffaind graigig.- 225] Ind fir, ind óïc, ind eich
226] bítis im Mael Fothartaig
227] batar menci-som uaraib
228] fo ilaig iar m-bithbuadaib.- 229] Munter Mael[e] Fothartaig
230] cet lim cenptís desruithe;
231] ní maith ro gabsat oc fir
232] do-ficed a n-esbuide.- 233] Mo mac-sa Mael Fothartaig
234] diambo adba fid fata,
235] ní scoirtis cen immaire
236] ríg ná rígdomna aca.- 237] Mo mac-sa Mael Fothartaig
238] im[me]-réid Albain oraig,
239] ba laech etir laechradaib,
240] im-bered a baind foraib.- 241] Mo mac-sa Mael Fothartaig
242] ba hé cunnid na cuane,
243] eo find fota for lassair
244] ro gab adba co n-uare.Is uar.
245] Iar sin trá bátar Lagin im Rónán ocon cháiniud. Roíntir
246]
Rónán dar a ais. Tiagair for tairr Aedáin ocus air-gabthair la da
247]
mac Mael[e] Fothartaig .i. Aed ocus Mael Tuile. Nod goin int
248]
Aed co n-derna criathar focha de.
249] Nom léicid suas, a ócu, or sé, manip mo marbad as áil dúib.
250] In marb in fer? or sé.
- 251] Marb immorro, or ind óic.
252] Cia rod marb? or sé.
253] Rod marb Aed, ar ind óic.
254] Mael Tuile in rubai? or sé.
255] Náthó, ar ind óic.
256] Níra gona duine co bráth! or sé. Buaid ngaile immorro &
257]
gaiscid don mac rod m-bí.
Is and as-bert Rónán
- 259] Is mór bríg
260] do mac aithig guin maic ríg;
261] ba mend ina ló dála
262] d'Aedán mac Fiachnai Lára.
263] Tucad trá iar sin in cocad chucai-seom co dorus in taige.
264]
Is and as-bert-som
- 265] [In] cocad-so forsin maig
266] anim cen Mael Fothartaig;
267] toeb frisin cocad nuä
268] ní fulaing in senruä.
269] La sodain maidid a loim fola for a beolu ocus at-bail fo
270]
chétóir.
271] Fingal Rónáin in sin.
272] Mac dano do Rónán Mael Fathardaig; is eside ro marbad la
273]
athair tria h-ét, amal is irdairc, & ní fárcaib claind; tamen inuenitur
- 277] 1] Is mór gním
278] 2] do mac aithich guin meic ríg;
279] 3] is mend hi llaithiu dála
280] 4] Aedán mac Fiachnae Lára.
281] Eochaid Iarlaithe rí Dáil Araidhe do marbad do chomhailtibh
282]
Maoil Fothartaigh mic Rónáin. Uair ingen d'Eochaid Iarlaithe
283]
ro bháoi ag Rónán, ag rí Laigen; óg an ingen, sen an Rónán, go
284]
ttug sí grádh do mac Rónáin .i. do Mhaol Fothartaig, agus go
285]
raibh si ga ghuidhe go fada agus ni fhuair uaidh a faomhadh; agus
286]
ór ná fúair, as eadh dorigne, cumdach a cinn do mhionughadh,
287]
agus a h-aighidh do sgríobadh, agus fuilredh ma h-aighidh, agus
288]
toidheacht d'ionnsoigh Ronáin amhlaidh sin.
289] Créd sin, a ingen? ar Ronán.
290] Do mhac súgachsa, ar sí, Maol Fothartaig, dom shárughadh
291]
agus mo bhrisiodh dhó, agus comhrac frium.
292] Marbthar [Maol Fothartaigh] la Ronán iar sin. Tiaghaid dano
293]
comhaltadha Maoil Fothartaigh iar sin go nuig bail i raibhe
294]
Eochuidhe Iarlaithe agus gairmid leo amach é ó chách agus
295]
marbhaid i gcionta na nerna a ingen. Unde Flaittir cecinit:
- 296] 1] Indiú dellioghair lige
297] 2] Eochaidh mic Fiachach Lurgan;
298] 3] i n-úir Cille Coindeire
299] 4] o gabh roithes a ghulban.- 300] Ra gabh Eochaidh aoncaimse
301] ina linn leabairthe;
302] brónan fil for Dhún
303] atá for Dún Sobhairche.