Corpus of Electronic Texts Edition
Lebor na hUidre (Author: [unknown])


1938] [M] Fís Adomnán só sís


1939] [A] IS uasal & is adamraigthe in Comdiu na ndúla & is mor
1940] & is machdaígthe a nert & a chumachta. is cennais
1941] & is áilgen is trócar & is dearcach. ar tócurid dochum nimi
1942] chuci lucht na deirce & na trócaire na censa & na
1943] connircle. Tairbirid im & trascraid dochum n-iffirnd
1944] comtinól n-écraibdech n-étarbach na mac mallachtan.
1945] ar fuirid derritussa & focraice écsamla nimi dona bennachtnachaib.
1946] & tairbirid illatu pían n-ecsamail dona
1947] maccaib báis.


1948] [M] Sochaidi trá do naembaib ocus d'fírenaib in Comded na
1949] ndúla & d'apstalaib & desciplaib Isu Crist díaro faillsigtheá rúine
1950] & derritiusa flatha nimi fón cumma sin. & fochraice fororda na
1951] firén & dano díaro faillsigtheá píana écsamla iffrind cosna fíb filet
1952] intib. Ro foillsiged ém do Phetar apstal ind long cethararddidi
1953] doleced do nim & cethri suanimain esti. Binnithir cach ceól a
1954] héstecht. Conúargabad dano Pól apstal cosin tres nem co cúala
1955] briathra diasnéte na n-aingel & imacallaim n-adamraigthe
1956] muintiri nimi. Ructha dano beos ind apstail uli i llo estechta
1957] Muri co n-accatár píana & todérnama trúaga na ndaíne
1958] n-anfechtnach díaro forcoingair in Comdiu for ainglib ind fuinid
1959] oslocud in talman ríasna apstalu coro fégtais & coro innithmigtís
1960] hiffernd cona ilphíanaib amal dorairngertsom fessin dóib aní
1961] sin ré cían rena chésad


1962] Ro faillsiged dano fó deóid do Adamnán u Thinne do ardecnaid
1963] íarthair domain labairthir sund. Díaro escomlá a anim
1964] asa churp hi feil Iohain Baptist & día rucad dochum richid co
1965] n-ainglib nimi. & iffrind cona dáecorslúag.


1966] O ro scar íarom ind anim frisin corp ro arthraig fo chétóir di
1967] aingel a comaitechta céin bai hi colaind. & ros fuc leis ar thús do
1968] fegad flatha nimi.


p.68


1969] Is sí dano cétna tír coso rancatár tír na naeb. Tir sutach
1970] solusta iarom in tír sin. Airechta écsamla inganta and co
1971] caslaib lín gil impu co culpaitib glégelaib úasa cennaib. Naim
1972] airthir in {folio 27b} Misi vill^ o Flait
[gap: extent: uncertain]
Misi vill^
[gap: extent: uncertain]
Mul Dom. án. and. on. in domain ina n-airiucht fo leith i n-airthiur thiri na
1973] naem. Naim íarthair in domain dano i n-iarthur in tire cetna
1974] Naím thúascirt in domain dano & a descirt ina ndíb n-airechtaib
1975] dermáraib tess & tuaid. Cach óen íarom fil i tír ina náeb is
1976] cómfocus dó estecht inna ceól & innithmigud inna luinge hi
1977] failet .ix. ngrad nime íarna cémennaib & íarna n-urd.


1978] Indara fecht dano dona naebaib canait ceol n-adamra oc
1979] molad Dé. In fecht n-aill contúaset fri ceól muintire nime. Ar
1980] ní recat a les ind naim ní aile acht éstecht in ceóil risa coistet. &
1981] innithmigud inna soilse addécet. & a sásad don boltnogud fil is
1982] tír.


1983] Ata flaith adamra dano fri gnúis do gnúis dóib úathib
1984] sáerdes. & fíal glainide etarro & erdam orda fris anes. Is trítside
1985] immaiccetsom fúath & fóscugud muintire nime. Ni fil im
1986] fial no temel eter muntir nime & inna nóemu acht itát i foilse
1987] & i frecnarcus dóib i lleth friusom do gs. Circull tentide dano
1988] imón tír sin imma cuaird & cách ind & ass & ni erchótigend. Na
1989] da apstal déc im & Maire óg ingen ina haireocht fó leith imón
1990] Comdid cumachtach. Úasalathraig & fáde & descipuil Isu i
1991] comfocus dona apstalaib. Atát dano araile nóemóga do deis
1992] Maire & ré nách cían etarro. Noídin & maccaím impu do cach
1993] aird. & ceól enlathe muintire nime oca n-airfitiud. Buidna ana
1994] do ainglib coimthechta inna n-anmand oc umallóit & oc timthirecht
1995] eter na hairichtaib sin i fíadnaisi ind ríg do gs. Ni
1996] chumaic thra nech isin bith frecnairc sea túarascbail l^ innisin
1997] inna n-airecht sin. amal itát iar fír. Na buidne ocus na hairechta
1998] dano filet i tír na náeb amal ro radsem bidat marthanaig isin
1999] mórglóir sin co mordail brátha coros córaigea in brithem firén i
2000] llathe ind fugill isna sostaib & isna inadaib i mbíat oc déscin
2001] gnússe Dé cen fial cen forscáth etarru tria bithu na mbetha


2002] Cid mor im & cid adbul in taitnem & in tsoilse fil i tír na náem
2003] amal ro rádsem. is aidbliu fo mile ind etrochta fil i mmaig


p.68


2004] muintire nime im rígsuide in Comded fessin. Is amlaid iarom
2005] atá in rígsudi sin inna chathaír chumtachta co cethri colomnaib
2006] di liic lógmair foi. Cén co beth dano d'airfiteod do neoch acht
2007] cocetul comchubaid na cethri coloman sin ro{folio 28a}pad lor do glóir &
2008] d'aibnius dó. Trí éoin airegda im isin chathaír i fíadnaise ind ríg
2009] ocus a menma ina ndúlemain tria bithu iss é sin a ndán.
2010] Celebrait dano na ocht trath oc molad & oc adamrugud in
2011] Coimded co claischétol aircaingel oc tíachtain foí Ona hénaib
2012] iarom & ona harcainglib tinscetal in cheóil & nos frecat iar sin
2013] muinter nime ule eter nóemu & nóemoga.


2014] Stúag dermár dano os chind ind ordnide ina chathaír rigdai
2015] amal cathbarr cumtachta l^ mind ríg. Díanos faictís roisc
2016] dóenna no legfaitís fo chétóir Tri cressa ina mórthimchell etarro
2017] & in slúag & ni fes la túaraiscbáil cid atascomnaic. Sé míle do
2018] míledaib co ndelbaib ech & én imon cathaír tentide for lassad cen
2019] crích cen forcend.


2020] Aisneis iarom in Comded cumachtaig fil isind rígsuidi sin ní
2021] thic do neoch acht mád doneth féin. l^ mani ebrad fri grádaib
2022] nime. ar ní innisfea nech a bruth & a bríg a derge & a rofoillsi
2023] a anius & a aibnius a chunlacht & a chobsaidecht. imad a aingel
2024] & a árchaingel oc cantain chiúil dó. A thechtairi roimdai chuci
2025] & úad co n-athescaib rochumrib do cach budin ar úair. a mine
2026] & a rochendsa friarailib. a ainmíne & a roacairbe fri lucht aile
2027] díb


2028] Día mbé nech occá sirfegad imme anair ocus aníar anes &
2029] atúaid fogéba do cech leith aci agid n-airegda soillsithir fó secht
2030] andá grían. Ní aicfea dano delb ndune fair do chind l^ coiss
2031] acht na dlúim thentide for lassad fón mbith ocus cách for crith
2032] & for úamain remi. Is lomnán día soilse nem & talam & ruthen
2033] amal rétlaind ríg ina mórthimcell. Tri míle cheól n-écsamail
2034] cecha óenclaisse fil oc classchétol imme. Binnithir ilcheólu in
2035] domain cach óencheól fo leith dibside fessin.


2036] In cathir íarom ina fail in rígsudi sin is amlaid atá & uii. múir
2037] glainide co ndathaib écsamlaib ina thimcell. airdiu cach múr
2038] araile. Lebend im & fond iníchtarach na cathrach di glain gil
2039] atacomnaic co ngné gne fair iarna brechtrad di gurm & chorcra
2040] & úani & cacha datha archena


2041] Muinter bláith romín rochennais dano cen esbaid nácha


p.70


2042] mathiusa foraib is iat aittrebait in cathraig sin. Ar nís rochet &
2043] nís aitrebat do gs acht nóemóig l^ ailitrig dútrachtacha do Dia.
2044] A n-ecor im & a córugud is dolig a fiss cinnas forcáemnacair ar
2045] ní fil druim neich díb l^ a slis fríaraili. Acht is am{folio 28b}laid ros córaig
2046] & ros comét cumachta díasnéte in Chomded gnúis fri gnúis ina
2047] srethaib & ina corónib comardaib mórthimchell ind rígsuide
2048] immá cuaird co n-ánius & co n-aíbinnius & a n-aiged ule fri
2049] Día.


2050] Crand caingil di glain eter cach dá claiss co cumtuch
2051] derscaigtech dergóir & argit fair. Co srethaib sainemla di liic
2052] lógmair & co mbrechtrad gem n-écsamail & co cathairib &
2053] chorónib carrmocail forsna crunnu caingil sin. Tri leca lógmara
2054] dano co fogur bláith & co mbinne cheóil eter cach dá primairecht
2055] & a llethe úachtarcha ina lócharnaib for lassad. Uii. míle aingel
2056] i ndelbaib primcainnel oc soilsigud & oc inorchugud inna catrach
2057] má cúaird .uii. míle aile ina certmedón oc lassad tría bithu sír
2058] imón cathraig rígdai. Fir domain i n-óenbale cidat línmair nos
2059] fórfed do biud boltnogud cind óenchainle dina cainlib sin.


2060] Do neoch trá do daínib in domain nád rochet in cathraig sin
2061] asa mbíu & dianid érdalta a haittreb iar fugiull brátha is intib
2062] airbirit co anbsaid & co utmall i ndindgnaib & i cnocaib i sescnib
2063] & rrotaigib anaitreba co tí chucu bráth. Is amlaid dano atát
2064] na slóig sin & na hairechta & aingel comimtechta cacha hóenanma
2065] fil indib oc umallóit & timthirecht di.


2066] Fíal tened & fíal d'aigriud i prímdorus inna cathrach inna
2067] fíadnaisse & síat icomthúarcain cind ar cind tria bithu Fogur
2068] & fúamand dano na fial sin oc comríachtain atcluinter fón mbith.
2069] Síl nAdádaim dia cluintis in fogur sin nos gébad ule crith &
2070] úamun dofulachta remi. Itorsig thrá & it búadertha na pecdaig
2071] ocond fogur sin. Mád i lleth im fri muintir nimi ni cluinter din
2072] gárbthóraind sin acht lánbec do ráith. & binnithir cach céol
2073] atacomnaic.


2074] Is adbul íarom & is ingnad fria innisin sudigud inna catrach
2075] sin ar is bec di mór aní ro innisemár dia hordaib écsamlaib & dia
2076] ingantaib.


2077] Is andam trá lasin n-anmain iar comgnáis & comattrib na
2078] colla cona súan & cona sádaile & cona saíre cona sóinmige


p.71


2079] insaigid & dula co rígsuide in dúleman. acht mani dig la
2080] heo[gap: extent: 1 letter]chu aingel ar is docomail drém na .uii. nime. ar ní assu
2081] nach ai araili dib. ar itát .ui. dorais chóemtechta ar cind in
2082] chiniuda dóenna co rrice in ríched. Ro sudiged dano dorsioir &
2083] cométaid o muintir nimi do forcomét cach dorais díb.


2084] Dorus íarom ind nime as nesu ille is fair ro sudiged Míchél
2085] arcaingel ocus di óig ina farrad co flescaib iarnaidib {folio 29a} ina
2086] n-ochtaib do sroigled & d'esorcain na pecthach co comraicet iarom
2087] and sin na pecdaig fri cétglífit & fri cétchesad na conaire
2088] cengait. .i. tiagait


2089] Dorus im ind nime tanaisi Ariél arcaingel as chometaid dó &
2090] di óig inna farrad co sroiglib tentidib ina llámaib is dibside
2091] sraiglit na pecdachu dara ngnussib & dara roscaib. Ro sudiged
2092] dano sruth tentide co forlasair fair i fíadnaise in dorais sin
2093] Abersetus dano ainm aingil ingaire in tsrotha sin derbas & niges
2094] anmand na náem din chumtrumma chinad nos lenand. co rroichet
2095] comglaine & comsoillse fri etrochta rétland. Ro sudiged dano
2096] and sin topor taitnemach co mbláthe & boltonugud do glanad &
2097] dídnad anmand inna fírén. Ingrinnid im & loscid anmand na
2098] pectach & ní dingaib ní díb acht is tuilled péne & pennaite rosic
2099] and. Frisócbat íarom as sin nach pecdaig co mbrón & dubu dermar
2100] Na fíreóin íarom co subu & forbáelti co dorus in tres nimi.


2101] Sornd tentide dano for lassad do gss andside. Dá míle déc
2102] cubat iss ed rosoich a lassar i n-ardde. Tíagait dano anmand na
2103] fíren triasin sornd sin la brafad súla. Ergorid im & loscid and
2104] anmand na pecthach co cend dá bliadna déc. conos beir iar sin
2105] aingel in coímthechta cosin cetramad ndorus. Is amlaid dano
2106] atá dorus inotachta in chetramad nime & sruth tentide ocá
2107] thimchell amal in sruth remoind. Timchellaid dano múr for
2108] lassad lethet a thened fri dá míle déc cubat tomsithir. Cengait
2109] im anmand inna fírén taris amal nach beth etir. Ocus fastóid
2110] anmand inna pectach fri ré da bliadna dec. i tróge & i todérnam
2111] conos beir aingel in cóemtechta co dorus in chúced nime.


2112] Sruth tentide beos and andside acht is écsamail hé frisna
2113] srotha aile ar itá sóebchore sainraedach i mmedon in tsrotha sin.
2114] & impaíd immá cuaird anmand inna pecthach & nos fastand co
2115] cend se mbliadna déc. Rosoichet im ind fíreóin tairis fo chétóir


p.72


2116] cen nach furech. In tan iarom as mithig túaslucud inna pecthach
2117] ass benaid in t-aingel in sruth co fleisc dúir co n-aicniud lecdu
2118] co tócband inna anmand súas do chind na flesci. Berid dano
2119] Míchél iar sin {folio 29b} na anmand co dorus in tsessed nime. Ní
2120] armither im pían l^ thodernam dona anmannaib isin dorus sin
2121] acht forosnaiter and o soillse & o etrochta líac logmar. Rosoich
2122] dano Míchél iar sin co aingel na trinóite co taisfenat díb linaib in
2123] n-anmain i fiadnaise Dé.


2124] Is adbul tra & is dírim failte muintire nime & in Comded
2125] fessin frisin n-anmain in tan sin mád anim ennac firén hí. Mad
2126] anfírén im & mád anforbthe ind anim fogeib anmine & acairbe
2127] ón Chomdid chumachtach. & atbeir fri aingliu nimi. Tarrgid lib
2128] a aingliu nimi in n-anmain n-ecráibdig sea. & tabraid i lláim
2129] Lucifir día badud & día formúchad i fudamain iffirnd tria
2130] bithu sír. Is and sin iarom scarthair ind anim thrúag sin co
2131] áigthide & co hacarb & co adúathmar ri frecnarcus flatha nime &
2132] gnussi Dé.


2133] Is and dano dolléci in n-osnaid as trummu cach n-osnaid oc
2134] techt i ngnúis Díabail íar n-ascin oíbniussa flatha nime. Is and
2135] scarthair fri comairge inna n-árcaingel lasa tánic dochum nimi.
2136] Is and sin dano slucit na dá draic déc thentide cach anmain
2137] d'éis a céle co curend úadi in draic inichtarach i ngin Díabail.
2138] Is and sin fogeib comslaintius cacha huilc la frecnarcus Díabail
2139] tria bithu sír.


2140] O ro foillsig thra aingel in choimtechta do anmain Adomnan
2141] na físi sea flatha nimi & cétimthúsa cecha hanma iar techt assa
2142] curp. Rosfuc leis hí iar sin d'insaigid iffirn iníchtaraig co
2143] n-immud a pían & a ríag & a thodernam.


2144] Is é iarom cétna tír coso ránic tír ndub ndóthide sé folom
2145] follscide cen péin an etir. Glend lán di thenid fris anall.
2146] Lassar dermár and co teít dara oraib for cech leth. Dub a
2147] ichtur. Derg a medón & a uachtor. Ocht mbíastai and a súli
2148] amal bruthu tentidi. Drochet dérmár dano darsin nglend.
2149] Gabaid ond ur so arailli. Ard a medón isli im a dá n-imechtar.
2150] Trí sloig oc airmirt techta thairis & ní huli rosagat. Slóg díb
2151] is lethan dóib in drochet o thús co dered. co roichet ógslán cen
2152] uamun cen imecla tarsin nglend tentide. Slóg aile dano ocá


p.73


2153] insaigid cáel dóib ar thus he. lethan im fo deóid. co rochet iarom
2154] amlaid sin tarsin nglend cétna íar mórgábud. In slóg dedenach
2155] im lethan dóib ar thús in drochet{folio 30a} cóel & cummung fo deóid co
2156] tuited día medón isin glend ngaibthech cetna i mbrágtib na
2157] n-ocht mbiast mbruthach út ferait a n-aittreb isin glind.


2158] Is íat lucht díarbo soirb in sét sain áes óige áes atrige lere
2159] áes dergmartra dutrachtaige do Día. Is í dano fairend diarbo
2160] chumunc ar thús & díarbo lethan fo deóid iar sin in sét drem
2161] timairciter ar écin do denam thole Dé & soit a n-écin iar sin i
2162] toltanche fognoma do Dia. Is dóib im robo lethan ar thús in
2163] drochet & díarbo chumung fo deóid dona pecthacaib contúaset
2164] fri forcetol bréthre Dé & ná comaillet iarna clostin.


2165] Atát dano slóig dímórai ndichumung hi traig na péne
2166] suthaine risin tír n-etordorcha anall. Cach ra n-úair trágid in pían
2167] díb. In n-úair aile tic thairsiu. Is iat iarom filet amlaid sin in
2168] lucht dianid comthrom a maith & a n-olc. Ocus isin ló brátha
2169] midfidir etarro. & bádfid a maith a n-olc isind ló sin & bertair
2170] iar sin do phurt bethad i frecnarcus Dé tria bithu sír.


2171] Atat dano drem mór aile and hi comfocus dond lucht sin & is
2172] adbul a pian. Is amlaid iarom atát i cumriuch fri colomna
2173] tentide. muir tened impu connice a smecha. Slabrada tentide
2174] imma medón fo deilb natrach lassait a ngnússi osin péin. Is iat
2175] iarom filet isin phéin sin pecdaig & fingalaig & áes admillte ecailse
2176] Dé & airchinnig etrócair bíte ós inchaib martra na nnáeb for
2177] danaib & dechmadaib na hecailsi. & dogníat dona indmasaib
2178] selba sainrudcha sech aígedu & aidlicnechu in Comded.


2179] Atát dano and slóig móra ina sesam do gss i llathachaib
2180] círdubaib connice a cressa cochaill gerra aigreta impu. Ní anat
2181] & ní thairiset tría bithu. acht na cressa oca loscod eter úacht &
2182] tess. Slúaig demna na mórthimchiull & pluic thentide ina
2183] llámaib ocá mbúalad ina cend & siat ic sírthacra fríu. A n-aigthe
2184] uile na trúag fothúaid & gáeth garb goirt ina fíretan maróen ri
2185] cach n-olc. Frassa derga tentide oc ferthain forro chach n-aidche
2186] & cach laí. & ní chumgat a n-imgabáil acht a fulang tria bithu sír
2187] oc coí & ic dogra. Araile díb & srúama .i. tunni tened i tollaib a ngnússe.
2188] Araili cluí thened triana tengthaib. Araile tríana cendnaib


p.74


2189] dianechtair. Is iat iarom filet isin phéin sin .i. gataige & ethgig
2190] & áes braith & écnaig & slataige & crechaire & brethemain gúbrethaig
2191] & áes cosnoma {folio 30b} mná aupthacha & cánti. aithdibergaig &
2192] fir légind pridchait eris.


2193] Atát drong mór aile i n-insib i mmedón in mara tened. Mur
2194] argdidi impu día n-étaigib & dia n-almsanaib. Fairend trá sin
2195] dogníat trócaire cen dichill & biit araíde i llaxai & i téti a collai
2196] co crích a mbáis. & nos cobrat a n-almsana i mmedón in mara
2197] tened co bráth & foíditir do phurt bethad iar mbráth.


2198] Atát dano sochaide mór aile and ocus cassla derga tentide
2199] impu co lár. Rocluinter a crith & a nggáir fón firmimint. Drong
2200] discrútain do demnaib oca formúchad & coin brena lethoma leó
2201] ina llámaib oca nfuráil foraib día tomailt & día cathim.
2202] Rotha derga tentide for sírlasad imma mbrágtib. Bertair
2203] súas co firmimint cach ra n-úair. Telciter sís i fudamain iffirnd
2204] in n-uair aile. Is iat iarom filet isin phéin sin áes gráid tarmideocatár
2205] a ngráda & fúathcraibdig & brécaire brécait & sáebait
2206] na sluagu & gabait forro ferta & mírbaile nách fétat do dénam
2207] dóib. Is iat im na naídin filet ocá n-athchuma inn áesa graid .i.
2208] it é sin in lucht ro herbad dóib do lessugud & níros lesaigset &
2209] níros cairgetár imó pecdaib.


2210] Atat dano drem dermár aile and sair síar doib cen tairisem
2211] darna lecaib tentidib oc cathugud fri slúagaib na ndemna. At
2212] lir turim thrá frassa na saiget for dérglasad dóib ona demnaib.
2213] Tíagait inna rith cen turbród cen tairsem co rochet dublocha &
2214] dubaibne do bádud na saiget sin intib. Atodíuri thrá & at
2215] trúaga na gáre & na golgaire doníat in pheccdaig isna uscib sin
2216] ar is tormach péne ros tá dóib. Is iat trá filet isin phéin sin
2217] cerdda & círmaire & cennaige esinraice. brethemain gúbretaig
2218] na nIúdaide & caich archena & rig ecraibdig. aerchinnig claín at e
2219] colaig. Mná adaltracha & techtaire nos millet ina mígnímaib.


2220] Attá dano múr tened fri tír inna pían anall adúathmairiu &
2221] acairbiu hé fo secht andá tír na pían fessin. Acht chena ní
2222] aittrebat anmand co bráth ar is la demnaib a n-oenur a airichas
2223] co lathe mbrátha.


2224] Mairg thrá fil isna píanaib sin i comaittreb muintire Díabail
2225] Mairg nad foichlend in muintir sin. Mairg forsa mbía do
2226] thigernu demon díscir dairmitnech. Mairg bias oc estecht fri


p.75


2227] guba & fri golgaire na n-anmand oc tróge & oc neméle frisin
2228] Comdib im torachtain chucu laithe mbrátha co llúath dús in
2229] fugebtaís nach n-etarúarad isind fugiull. ar ní fagbat nach
2230] cumsanad co brath acht tri úara cach domnaig. Mairg diamba
2231] dognas díles in ferand sin tria bithu sir. ar is amlaid atá. Slebe
2232] tolla delgnecha and maige loma dano {folio 31a} is íat loiscthecha ocus
2233] locha bréna bíastaide. Talam garb ganmide iss e urcrom aigreta.
2234] lecca lethna tentide fora lár. mara móra co n-ainbthinib
2235] adhúathmaraib ina mbí aidde & aittreb Díabail do gs. Cethri
2236] sroth dermára dara lár. sruth tened sruth snechtaide sruth
2237] néimthe. sruth usci duib dorchai. is intib sin nos fotraicet slúaig
2238] digair na ndemna a haithle a n-oenaig & a n-aniusa oc píanad
2239] na n-anmand


2240] In tan trá canait slúaig nóema muintire nime claschetol
2241] comchubaid na n-ocht tráth co subach & co forbáelid ic molad
2242] in Chomded. Is and sin ferait ind anmand nualla trúaga
2243] torsecha oca tuarcain cen tairisem la drongaib na ndemna. Is
2244] iat sin trá na píana & na todernama ro follsig aingel in choimtechta
2245] do anmain Adomnán iar tascnam flatha nime.


2246] Roucad iar sin ind anim la brafad súla triasin n-erdam
2247] n-orda & triasin fíal nglainide co tír inna náem is inti
2248] cetarucadsi in tan conruloi a curp.


2249] O ro gab iarom ceill for anad & for airiseom isin tír sin
2250] atchúala ina díaid triasin fíal guth ind aingil no forcongrad furre
2251] co n-igsed ar cúlu doridisi cosin corp cetna asar escomloi. &
2252] coro innised i ndálaib & airechtaib & i comthinoltaib láech &
2253] clérech focraice nime & píana iffirnd feib ro follsig aingel in
2254] cóemtechta di.


2255] Is é seo iarom forcetul no gnáthaiged Adomnán dona
2256] slúagaib o sein immach céin buí na bethaid. Is é dano no
2257] pridchad i mmórdail fer nÉrend díaro fuirmed recht Adomnáin
2258] for Góedelaib. & diaro sáertha na mná la Adomnan & la
2259] Fínnachta Fledach la ríg nÉrend. & la mathib Herend archena.
2260] Is é dano cétscel no gnáthaiged Patraic mac Calpuirnd fochraice
2261] nime & píana iffirn d'innisain donafíb no chretitis in Comdid
2262] tríana forcetul & no fáemtaís a n-anmchardine dó la turcbail
2263] soscelai Is é dano forcetol ba menciu dogníd Petar & Pól & na


p.76


2264] apstail archena .i. píana & focraice d'innisin ár ro faillsigthea dóib
2265] fón cuma cétna. Is é dano dorigni Siluester abb Róma do
2266] Chonstantín mac Elena do ardríg in domain isin mórdáil
2267] d(í)aro édpair in Róim do Phól & do Phetar. Is é seo dano
2268] dorigni Fabian comarba Petair do Philip mac Gordián do ríg
2269] Román díaro chreit in Comdid & diaro chretset ilmíle aile in
2270] n-úair sin. iss eside cétrí do Rómánchaib ro chreit in slán{folio 31b}icid
2271] Isu Crist.


2272] Is é seo scél gnáthaiges Héli do innisin do anmandaib na firén
2273] & sé fó chrund bethad hi pardus. Ónd úair iarom osclaices Héli
2274] in lebor do forcetol na n-anmand. tecait and sin anmand inna
2275] firén i rrechtaib én nglégel chuce do cach aird. Innisid dóib
2276] dano ar thús focraibe inna fírén oíbnius & airera flatha nime & at
2277] forbaeltiseom in n-airet sin. Innisid im dóib iar sin píana &
2278] todernama iffirn & erbada lathe bratha. Ocus is follus co mór
2279] gné mbroin fairseom fessin & for Enóc conid íat sin da brón
2280] flatha nime. Íadaid Héle iar sin in lebor & ferait ind eóin
2281] nuallguba dermar ind úair sin & tennait a n-ette fria curpu co
2282] tecait srotha fola estib ar ómun pían n-iffirnd & lathe brátha.


2283] In tan iarom is iat anmand inna náem díanid erdalta síraittreb
2284] flatha nimi dogníat in guba sin. bá dethbiri do dainib in domain
2285] cíamtis dera fola dognetís oc erochill lathi brátha & pían n-iffirnd.
2286] Is and sin icfas in Comdiu a chommaín féin fri cach nduni isin
2287] domun .i. fochraice dona fírenaib & píana dona pecdachaib.
2288] Cuirfitir iarum amlaid sin in pecdaig i fudamain péne suthaine
2289] forsa n-íadfa glas brethre Dé fó míscaid bretheman brátha tri
2290] bith sir. Bértair im ind naím & ind fireóin lucht na deirce & na
2291] trócairi for deis Dé do bithaittreb flatha nimi .i. áit i mbiat isin
2292] mórglóir sin cen áes cen urchra cen crích cen forcend tria bithu
2293] sír.


2294] Is amlaid iarom atá in chathir sin .i. flaith cen úaill cen
2295] díummus cen goí cen écnach cen díupert cen taithlech cen gres cen
2296] ruci cen mebail cen mélacht cen tnúth cen mórdataid cen teidm
2297] cen galar cen bochtai cen nochtai cen díth cen díbad cen chasir
2298] cen snechta cen gaíth cen flechud cen deilm cen toraind cen
2299] dorche cen úardataid. flaith úasal adamra aererda co suthi co
2300] soilsi co mbolud tíri láin hi fail aerer cech mathiusa. Finit
2301] amen finit.


p.77