Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 72

Ocus do bhadur caoigcidhis ar mhí iona gcomhnaidhe 'san baile sin chaóinfresdail & fritheoladh, & a gcionn na haimsire sin tucadur lámh ar imthecht 'chum na hEirenn, & do ghabhadur cúan & caladhport a ttráigh na Foladh a n-Ulltaibh, & rangadur iarsoin go hEamhain míonalainn Mhacha mur a raibhe Conchubhar mac Fachtna Fáthaigh airdrígh Uladh. Ro fásdaigh Connchubhar aige féin iád ar fedh bliadhna, & tuc Conchubur cíos na coíge dhoibh iona thúarusdal, & is edh áirmid uchdair & eolaigh nach raibhe ag riogh no ag roflaith 'san doman mhór an tan soin laochradh na curadhaibh na táoisechuibh comhchalma na comhchrodha ris an mbuidhin do bhí a nUlltaibh an tan soin da ngairthe curadhaibh na Craoibhe Ruaídhe, mur atá Conaill Cernach & Fergus mac Rosa Ruaidh, cona gcloinn, Laoghaire Buadhach, Cormac Couloinges mac Concubhair, & an t-ochtar oile sin tainich le Coiuculainn a n-Eirinn.