Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 69

D'éirghetur an bantracht iarsin. i. ben a gcomhair gach rideri dhiobh da nighe & da níamhghlanadh, & is í Aoife inghen Aodha Ruaidh tharla ós cionn na daibhche 'na raibhe Cúchulainn, & tarla lámh Conculainn iona láimh, & adubairt: ‘Maith amh’, ar sí, ‘is mór cuid goile & gaisge na láimhe si’.

‘Crét sin, a inghen?’ ar an rígh.

‘Ata’, ar an inghen, ‘gur'b leis an laimh-si do thuitetur trí mic Alatruim d'Fomorchaibh, & as é tuc mise asan mbroid moir iona rabhus’.

‘An fíor súd, a rideruibh Eirionnchaibh?’ ar Aodh Rúadh. ‘An raibhe duine ar bioth da bur muintir ionbur n-égmuis ag techt isan dúnadh diobh?’

‘Dobhi Cúchulainn ata ann súd’, ar siád, ‘oír do chuaidh sé fa eochairimlibh na mara so siós d'fios an bfuigedh eoin no ethaite dobhéaradh leis d'ionnsaighe an dúnaidh’.