Agus ní cían do bhadur mursoin antan do concadur an inghin chugtha.
Maith amh, a inghen, ar an rígh. in cumhtha andíaidh do mhuintere, no an t-egla tuc ort teichedh amhlaidh soin?
Ní hedh go deimhin, ar an inghen, acht aonmhacaomh ôg nemharsa thainich dom ionnsaighe, & do an im fochair ar tteichedh mo mhuinntire uaim, & do chomraic tar mo cheann le trí macaibh Allatruim d'Fomórchaibh & do thuitetur leis, & da dhearbadh soin téigedh duine uaitsi ar cheann na coda oile don chiós, & tabharthar chugad é.
Beir búaidh & bennocht, a inghen, ar an rígh, is maith na sgéala innisiostú dhamh, & chuir óglaoch ar chenn na coda oile don chiós, & tucadh chuige é.