Dala Conculainn immorro, ní thug uidhe na aire don inghin, úair níor' mhíadh & níor' mheabhair leis labhairt ría & í iona háorur ar tteichedh a muinntire úaithe, & do ghluáis roimhe andíaidh a aosa comhtha, & nior' innis an gníomh soin dóibh, & rancadar iarsoin go dorus an dunaidh, & benuid beim baschrainn 'san dorus, & fiafraigheas an doirseóir cia dobhi ann.
{MS folio 49b}Buidhen do rideribh Eireanchaib sinn, ar siad, ata ar ttecht as an doman anoir iar ndenamh ar bfoghlumtha.