Is ann soin ro ceiliubhradur do Sgáthaigh, & ro iócsad fiacha a bfoghlumtha le, & rangadur rempaibh an oidhche sin, & ní haithrisdur a sgéala go rangadur críoch na bhfer cCat.
Cia an chrioch so, ar fer dhióbh, nó cía rígh uirre?
Ríoghacht bfer cCat so, ar Cúchulainn, & Áodh Ruáidh is rígh uirre. Caídhe dhuinne gan aoidheacht na hoidhche anocht do bhuain dí, ar Cuchulainn.
Cíat a bfuilfirsi ag dol? ar siád.
Rachadsa fa eochairimlibh an mhara so síos, ar Cúchulainn, d'fios an bhfaghuinn eóin no eatuidedh dobheiruinn d'ionnsaighe an dunaidh, ionnus gomad moide m'iongantus ag mnáibh & ag macaóimh & ag bantracht an dunaidh a mbeith béo da n-ionnsaighe.
Déanaidh amhlaidh, ar iadsoin, & ag so sinne 'chum an dunaidh romhad.