Maith amh, a inghen, ar Cúchulainn, is cóir dhamhsa dol leis na rideribh eile so go hEirinn.
Nocha tteighirse léo, ar si, no go gcenglarsa cró cadat & caradraidh eattraibh uile, ionnus nach cuirfedh fir an domain a gcenn a cheile sibh dochu comhraic no comhlainn, ar ní baoghul daoibh nech oile isan doman dabur mbáoghlugudh muna ttiasar úaibh fein fribh. Agus is iad so gesa fágbhuim orruibh .i. mas é anti is ferr aguibh iarrfus comhrac