Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 57

Agus is amhlaidh robhí Sgathach, & í ag denamh foghlumtha do chuid dona ridiribh Eirennachaibh do bhí 'na fochair ris an mbliadain sin do bhi Cúchulainn 'san nGreig Mhóir ag Aoife, & fa híad so anmanna na rideridhe sin .i. Fer díadh mac Damhain & Fer Démain mac Damháin & Fráoich Fáil mac Fiodhaigh & Naoísi mac Uisnech & Lóit mór mac Mogha Feibhis & Fergus mac Lúach leabharmongach. Agus an lá do thainich Cúchulainn 'chum an dúnaidh is ann thainich am imthechta dona rideribh sin 'chum na hEirenn, & ro ansad bliadain oile ag sgathaigh leath ar leath ionnus go ndernadh gach áon díobh uiret foghluimtha re Coinculainn, idir chleas & ghal & ghaisge, acht madh cleas an ghá builg amháin; & ro cheiliubair siád do Sgáthaigh iarsoin.