Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 54

‘Maith amh, a Chuchúlainn’, ar sí, ‘leíg seachad an tslighe dhamh’.

‘Aniontaithighe an t-ionad-so iona bfuilim’, ar Cúchulainn, ‘munach ndéanadh uathadh, oír is comhcháol re ruáinne & is coimhghéar re horrdladh, & is coimhsleamhain re héimh easguinne, & da ttengmadh dealg fothbhannain 'san áit iona bfuilim, ní greamóchadh ann ionad a ttoirisfedh no go roiched an mhuir mhór amach’.


p.138