Olc ort do chlé & do chol duabhais, a silide siabhartha searguithe! ar sí. Is ainfial dhuit bainecht do dhenamh, agus {MS folio 48a}d'féaduis mise do chor slán uaít & gan mo threighdedh go mór mur sin.
Is ferr leam do chor amhlaidh sin uáim, ar Cúchulainn, ar go madh moide a tháir & a tharcuisne dhuit é.
Do maithfinn dhuit anóis, ar an inghen, an gortugudh adhbulmhór tucuis orm, & gan mo chor asan iomdaidh anocht.
Is a n-óirchill d'fasdadh do bhios, ar Cuchulainn, & nocha n-anfair annso anocht.
Do bhráithfinnse comhthaigh maithe dhuitsi, ar an inghen, & gan mo chor uait anocht amáin, ionnus go ttiubra mo mháthair dhuit na trí cleasa ata aice nach tuc d'aonduine riamh .i. cleas Cuair & cleas Cait & cleas ocht uisgé.