Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 40

Agus ro aithin Cúchulainn gan bheith ag diothughudh a neirt anaghaidh an fir mhóir, acht do leíg dó a bhraith- bheimenna móra mileata do thabairt gan freastal no friotholadh uáidh féin orraibh, gur eirigh crioth & comhbogad a gcosa an fir mhóir risan sírsesamh, & dochuaidh a nert asa lamhaibh risan uirbheimnech & risan ttuarguin sin. Agus ó do aithin Cúchulainn an fer mór aga thraothadh mursin d'eirigh a luinne & a lúaithfearg, a briógh & a nert, & tuc beím don fear mhor gur bhen a láimh agus innleth a ghualann dhé, & tuc andara beím dó gur bhen a chos des dé, & tuc an tres béim gur bhen an oenchos do bhí ag iomlat a chuirp faoi dhe.