Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 22

Dála Conculainn imorro, do gabh ag slíomradh & ag tuisledhach ar druim an droichitt, gur lingestar iar soin go lâr & go lántalamh, go ttugsad trí príomhsgolaidh an domuin iolach & iolgarrtha fochmuide & fanamhuid fáoi ar mét a léimhe dhó dol do dhenamh na foghlamtha soin gan Sgáthach dá thegasg dhó, & ro fergaighedh Cúchulainn tridsin, & ro ling a n-airde go headarbhuasach ag coimhdecht na gaóithe, go ttarla don bháothleim sin 'na sesamh é ar lár an droichit .i. ar uaithne boillsgéanach an droichit, ocus níor chaoladh & níor 'ghearadh & níor sleimhnighedh an droichet fáoi.