Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 21

‘Maith amh’, ar Sgathach, ‘feichsa go maith an macaomh soin, oír tarfus dhamhsa gairid aimsire uaídhe aónmhacaomh óg naoidhenta nemharsa do thecht a hiathaibh Eirionn aniar dom ionnsaighe, & go mbéara sé búaidh droichit na n-alt a n-aonuair, & go bfuil foghluim ráithe & míosa & bliadhna & tri lá & teora n-oidhche do gach duine oile ann, & da dhenumh


p.122

a n-áonló & go mbiádh a ghniómha goile & gaisge dá n-innisin go deiredh an domain, & go mbadh mac tairangthach é’.