Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 17

Agus do chonaircus 'san ngrianáin iona raibhe Sgathach Coinculainn do bheith ar an ionnioll sin, & is amhlaidh dobhí an grianán soin, & secht ndoirse díomhora air, & secht bfuinneóga idir gach dá dhorus dhióbh, & secht n-iomdhai idir gach dá fuinneóig, & trí chaogad ingen ann gach iomdhai díobh sin go mbrataibh corcra & gorma, & do bhadur trí caogad macáoimh iomhaoíse5, tri chaogad macaomh morghlonnach, & trí caogad curadh crúaidhchalma fa chomhair gach doruis díobh, amach & asteach, ag foghluim gaisge & cleasa riderachta ag Sgáthaigh.