Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 16

Agus do ghluaisedur rempaibh d'ionnsaighe an drochit. Is annsoin bhádur na huile mhacáoimh bhadur ag Sgáthaigh re foghluim ar ur an droichid, & is amhlaidh ro bhi droichet na n-alt antan soin .i. antan do lingthidhe é ro chaoladh go mbíodh comhchaoiledh re ruibe & gomadh comhgher ré hórrladh & coimhsleamhain re héimh easguinne, & ro eirgedh fecht oile go mbíodh comhard re seolchrann, & ro ling Cuchulainn an droichet iarsin. & do ghabh ag sliomradh & ag tuisledh ar druim an droichit.