Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 15

Is annsoin thainic cethrar Eirennach {MS folio 46a}dobhí san mbáile dá bfghluim chuige, & tugsad póga íomda do, & do bhadar ag fiafraighe sgéal a ttíre & a ttalman féin dé, & ro fiafraigh seisen sgéala dhíobh-san mur an gcétna.


p.118

‘Máith amh, a óga’, ar Cúchulainn, ‘cá foghluim dona cleasaibh goile & gaisge doníther libh san mbliadain?’

Doníther linne’, ar síad, ‘droichitt na n-alt’.

‘Cá fád bíthidh da foghluim’ ar Cúchulainn?

Foghluim raithe & miosa & bliadhna & trí lá & tri n-oidhche.

‘Maith ámh a óga’, ar Cúchulainn, ‘an ttiubhra sibh eolus dhamhsa air?’

‘Truagh sin, a macaóimh’, ar síad, ‘ca tarbha dhuitse sin nogo raibhe Sgáthach da thegasg dhuit féin & do chách eile’.

‘Is maith lem a feicsin’, ar se.