Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 13

Agus do chonnairc Cúchulainn an macraidh aluinnédrocht ag cor iomána & cluiche, & gér' budh meirtnech dobhí andíaidh a siubhail & aisdir d'ionnsaighe sé a n-iomáine, & díamadh gairdiughudh le neach do macraidh ní thug-san iomagallamh air go rug an líathroíd leis tar bhord an bháire uatha. Agus go riacht leathtaoisech na macraidhe chuige & adubairt: ‘a macaoimh’, ar se, ‘créd ima ruguis an baire orm?’

‘Má rugus báire ort’, ar Cûchulainn, ‘béarad leat arís é’.

Dar ar mbreithir amh, ar an macraidhe, ní bhéartha an baire ruguis ornn da n-airighmis tú ó thósach.

‘Atá a fios agaibh anois’, ar Cúchulainn, ‘& béarad báire oraibh’.