Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 11

‘Crét soin agad da dhenamh?’ ar an fer mor.

‘Dognímse’, ar Cúchulainn, ‘bheth ag denamh mo chloise4 ngoile & ngaisge noch do foghlumus fedh na bliadhna so anall’.

‘Cred sin a mhacaoim? oír mur a bfuilid na cleasa riderachta aga bfoghluim, ní háirmheathar na clesa sin orraibh ann’.

‘An fíor soin?’ ar Cúchulainn.

‘Is fior go derbh’, ar an fer mór.

‘An bfuil san domun bainridire is ferr na an bhainridire aga bfuilimse anois?’ ar Cuchulainn.

‘Ata’, ar an fer mór, ‘oir is ferr Sgathach inghen Búanuinne .i. rígh na Scithia ata a n-oirther an domuín, na í’.

‘Do chualamur a hiomrádh go ttrásda’, ar Cúchulainn.

‘Is dóigh go gcualuis’, ar an fer mór, ‘& is móir chriócha & bforbaidh & a bhferonn uaitse anois, a fir bhig, don Scithia’.


p.116

‘An ttiubharthasa eolus damh, a fir mhóir?’ ar Cúchulainn.

‘Ní hiubharsa eolus dhuit go bráth’, ar an fer mór.

‘Ort do chlé & do chol dúabhais, a sillide siabhartha searguithe, & is a bfegmuis t'oirberta & t'eoluis thanagsa riamh’, ar Cúchulainn.