Adubairt Cúchulainn: dobudh nár dhúinn ionur ttríar Ulltach gan an cles do dhenamh le duine eígin aguinn. Acus d'eirigh iona sesamh & dochuaidh d'ionnsuighe an chlesa, & do ling a n-airde go heturbhúasach, gur léig anúas a ucht & a urbhruinne ar rinn áithgheír na sleighe, & do budh beg an bhrigh leis da madh í sin áit comhnaidhe car an chaoimhláoi.