Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 5

Iar soin do ghabh ag agallmhadh Chonaill & Laoghaire Buadhaigh, & adubairt: ‘Tigedh nech éigin agaibh do dhenamh an chlesa úd, a óga’, ar si.

‘Cia uáinn rachus da denamh?’ ar síad. ‘An fer is uaisle don tríar atatháoi’, ar si.

Agus adubhradur san gur'b é Conall Cernach mac Aimergin duine dob uaisle & dub urrumhanta díobh, & adubradur ris dol d'fuabairt an chlesa ar thús. Acht chena ger budh láidir a lámh & gér' budh cruadh a chroidhe, & gér'bhudh dírech a dhiubhracadh, & gér' budh leadurthach lúathghoinach ar bhiodhbhiodhuibh é, nír fét an cles do dhenamh.