Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 2

Cidh as í a ndernadh tús a foghlamtha, a Glenn na hUathaidhe ag Uathaigh an Ghlenna, a gcoíge mórghairg Muman, & ní ní fada dobhi ann antan thainigh2 tarais go cóige Uladh, & dorinnedh comhairle dol do dhenam foghlamtha don domun soir, & donug diás do lucht cumainn leis .i. Laoghaire Buadhach & Conall Cernnach, & do chuirsed an Engach .i. long Chonaill, ar an sail serbhghlas & ar an muir tháobhuaine ttrenghairbh, & tar na srothaibh sárlúatha sáobhthonnacha, & tar na ciséalaibh chladhardha cubharanfacha, go rangadur criochaibh eochairghormai na hAlban, & as í budh banghaisgedhach dhoibh 'san chríoch sin, Dórdmhair ingen Domhnaill Mháoil teimhil.