Corpus of Electronic Texts Edition
The Death-Tales of the Ulster Heroes (Author: unknown)

tale 1

Aided Fergusa Maic Róich from the Edinburgh MS. XL, p. 5.

Cid diata aided Fergusa maic Róich? Ní hansa.

¶1] Búi Fergus for luinges i Connachtaib iarna sárugud im maccuib Usnech, úair is é in tres comairci tucad friu & Dubthach Dóeltenga & Cormac Conlonges mac Conchobair. Bátar dono uili tíar forsan loingis co cend cethri mbliadna déc & ní an dono gul ná crith leo a nUltaib, acht gul & crith gach n-oidhchi. Is é romarb Fiachraig mac Conchobair & is é romarb188 Geirgi mac nIlleda & as é romarb Eogan mac Durthact. Is lais tucad in táin189 .i. la Fergus. Mór tra do gnímaib dorine sium a tegluch Ailello & Medba & ba minca nobíd som & a muinter ar fot in tíre cena ná isin tegluch. Trícha cét rob é lín na loingsi & is é roba fer cumtha dó-som a tegluch Ailello .i. Lugaid Dailléigis .i. bráthair do Oilill in Lugaid sin.

¶2] Bátar ann iar ngnímaib acon loch ar Mag Ái. Dúnad mór leo .i. cluichi190 & céti ann. Laa n-aon ann dono luid in slóg uili isi n loch dia fothrucad. ‘Erg sís, a Fergus,’ ar Ailill ‘& báid na firu!’ ‘Nít maith a n-usci,’ ar Fergus. Luid-som sís ar ái sin. Nír fulaing a cridi do Meidb co ndechaid isin loch. Mur docúaid Fergus isin loch dorala ana mbui do grenaig & do clochaib a n-íchtar an locha co raibi for úachtar uli. Luid Medb didiu co raibi for a bruindi-sium & a gabla ime & co taircell-som in loch annsin & rogab ét Ailill. Doluid didiu súas Medb.

¶3] ‘Is álaind a ndogní191 an dam, a Lugaid, & an eilit isin loch,’ ar Ailill. ‘Cid nach gontar?’ or Lugaid & ní tuc urcor n-imraill ríam. ‘Teilg-su dún orchur forru!’ ar Ailill. ‘Impó m'agaid192


p.34

cuctha,’ or Lugaid, ‘& tabraid gái dam.’ Robúi Fergus aca nige asin loch & a bruinni fria & tucad a carpat docum Oilello co mbúi ina farrad & do teilc Lugaid urcor don gái co mbói triana druim síar sechtair.193 {MS page 6} ‘Doriacht an t-urchur!’ ar Lugaid. ‘Is fír on,’ ar cách, ‘atát bruindi Fergusa.’

¶4] ‘Trúag sin,’ ar Lugaid, ‘mo chomalta & m' fer cumtha do marbad dam-sa cin cinaid.’ ‘Mo carpat dam-sa!’ ar Ailill. Téit in slóg uili for teiched, cach fer a leth fri tír etir luinges & Connachta. Gataid Fergus194 an gái as & teilcid a ndiaid Ailello co ndechaid tresin milcoin búi etir dá fertas in carpait. Luid Fergus íarum asin loch & nusdírgenn forsan tulaig a taeib in locha & luid a anum as focétóir & atá a lige ann fós.

Conid hí Aided Fergusa connuici sin.

p.36