Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 37

Mellgleó nÍliach and so innossa


3895] ILiach éside mac Caiss meic Baicc meic Rosa Rúaid meic Rudraige. Racúas dó-saide cethri ollchóiceda Hérend oc argain & oc indred Ulad & Chruthni ó lúan taite samna co taite n-imbuilc, & ra mídair-sium a chomairle aice rea muntir. ‘Cid bad ferr dam-sa in chomairle dogénaind ná techta d'fúapairt fer nHérend & mo
3900] choscur do chur díb remum & ainech Ulad do tharrachtain, & is cumma géa rafóethus féin assa aithle.’ {folio 92b} Acus is sí sin comairle ba nirt leiseom. Acus ra gabait dó-som a dá sengabair chrína chremmanncha bátar for tráig do tháeib in dúnaid. Acus ra indled a sencharpat forro cen fortga cen forgemne itir. Ra gabastar-som
3905] a garbscíath odor iarnaide fair co mbil chaladairgit ina imthimchiull. Ra gabastar a chlaideb ngarb nglasseltach nglondbémnech bara chlíu. Ra gabastar a dá sleig chendchritháncha bernacha isin charpat ina farrad. Ra ecratar a munter in carpat imme do chlochaib & chorthib & táthleccaib móra. Tánic reime fán cóir sin
3910] d'indsaigid fer nHérend & is amlaid tánic & lebarthrintall a chlaip triana charpat sís dó. ‘Rapad maith lind ám,’ ar fir Hérend, ‘combad hí sein túarascbáil fá tístais Ulaid uile dar saigid.’

Barrecgaib Dóche mac Mágach dó-som & firis fáilte friseom. ‘Mo chen do thíchtu, a Ílíaich,’ bar Dóche mac Mágach. ‘Tarissi
3915] limm inní inn fálte,’ bar Íliach, ‘acht tair chucum mán úair innossa in tráth scáigfit mo gala & sergfait mo gala, corop tú benas mo chend dím & nárop nech aile d'feraib Hérend. Acht maired mo chlaideb acut chena do Laígaire.’

Ra gab-som dá armaib for feraib Hérend coro scáigsetar dó.
3920] Acus áro scáigsed a airm dó ra gabastar de chlochaib & chorthib & táthleccaib móra bar feraib Hérend coro scáigsetar dó & áro scáigsetar dó airm i mbered farin fer d'feraib Hérend, dabered díanchommilt fair etera rigthib & a dernannaib co ndénad smirammair de eter feóil & chnámib & féthib & lethar. Corod marthanach
3925] táeb ri táeb fós in dá smirammair, smirammair fogní Cú Chulaind do chnámib chethra Ulad do leges Chethirn meic Fintain & smirammair bogní Íliach do chnámib fer nHérend. Gorop hí tres dírím na Tána na torchair leis díb, gorop Mellgleó nÍlíach and sain.

Is aire atberar Mellgleó nÍliach ris dáig de chlochaib & chorthib &
3930] táthleccaib móra fogní-seom a gleó.


p.109

Barrecaib Dóche mac Mágach dó-som. ‘Nach é Iliach?’ bar Dóche mac Mágach. ‘Is mé ám écin,’ bar Íliach. ‘Acht tair chucum fodechtsa & ben mo chend dím & maired mo chlaideb acut chena dot charait do Lóegaire.’ Tánic Dóche dá saigid & tuc béim
3935] claidib dó co tópacht a chend de.

Conid Mellgleó Íliach gonici sein.