Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 33

Fiacalgleó Fintain and so innossa

FIntan ésede mac Néill Niamglonnaig á Dún Da Bend, athairside Cethirn meic Fintain. Acus radeochaid-side do tharrachtain
3815] ainig Ulad & do dígail a meic barna slúagaib. Trí choícait bá sed a llín. Acus is samlaid táncatar-saide & dá gae for cach n-óencrand leó gae for renn & gae for erlond, gombad chumma ra gontais do rennaib & d'erlonnaib na slúagu. Dobertatar teóra


p.106

catha dona slúagaib. Acus dorochratar a tri comlín leó & torchratar
3820] 'no munter {folio 91b}Fintain meic Néill acht Crimthann mac Fintain. Ro hainced-saide fo amdabaig scíath la hAilill & la Meidb. Is and sain ra ráidsetar fir Hérend nárbad athis d'Fintan mac Néill dúnad & longphort d'falmugud dó & a mac do lécud dó ass .i. Crimthann mac Fintain, acus na slúaig do thigecht uidi laí for cúlu fathúaid
3825] doridisi & a gníma gascid do scur dona slúagaib ar co tísed chucu do ló in mórchatha airm condricfaitis cethri ollchóicid Hérend for Gárig & Ilgárig i cath Tána Bó Cúalnge feib ra tharngirset druídi fer nHérend. Faímais Fintan mac Néill aní sin & ra léiced a mac dó ass. Ra falmaiged dúnad & longphort dó Acus lotar na slúaig
3830] ude lá for cúlu fathúaid doridisi dá fastúd & dá n-immfuirech. Is amlaid ra geibthe in fer de muntir Fintain meic Néill & in fer d'feraib Hérend & beóil & sróna cáich díb i ndétaib & i fiaclaib a chéile. Atchondcatar fir Hérend aní sein. ‘Is é in fiacalgleó dún so,’ bar íat-som, ‘fiacalgleó muntiri Fintain & Fintain badesin.’


3835]

Conid Fiacalgleó Fintain and sain.