IS and sin ra imráided oc feraib Hérend cia bad
chóir do chomlond & do chomrac ra Coin Culaind ra
húair na maitni muchi arnabárach. Iss ed ra ráidsetar
uile combad é Fer Diad mac Damáin
2610]
meic Dáre, in mílid mórchalma
d'feraib Domnand. Dáig ba cosmail & ba comadas a
comlond & a comrac. Ac óenmummib darónsat
gnímrada gaile & gascid do foglaim, ac Scáthaig
& ac Úathaig & ac Aífe. Ocus ní
baí immarcraid neich díb ac araile acht cless in gae bulga ac
Coin Culaind. Cid ed ón ba conganchnessach
2615]
Fer Diad ac comlund & ac comrac ra láech ar
áth 'na agid-side.
Is and sin ra faíttea fessa & techtaireda ar cend Fir Diad. Ra érastar & ra éittchestar & ra repestar Fer Diad na techta sin & ní thánic leó dáig rafitir aní 'ma rabatar dó, do chomlond & do
Is amlaid ra baí Medb 'gá ráda & rabert na briathra and & ra frecair Fer Diad:
- [M.:]Rat fia lúach mór mbuinne,
rat chuit maige is chaille,
2640] ra saíre do chlainne
á 'ndiu co tí bráth.
A Fir Diad meic Damáin,
eirggi guin is gabail,
'tetha ás cech anáil,
2645] cid duit gana gabáil
aní gabas cách?
- [F.D.:]Ní géb-sa gan árach
dáig ním láech gan lámach,
bud tromm form imbárach,
2650] bud fortrén in feidm.
Cú dán comainm Culand,
is amnas in urrand,
ní furusa a fulang,
bud tairpech in teidm.
2655] [M.:]Rat fíat laích rat láma.
noco raga ar dála,
sréin & eich ána
dabertatar rit láim.
A Fir Diad inn ága,
2660] dáig isat duni dána,
dam-sa bat fer gráda
sech cách gan nach cáin.
- [F.Dead:]Ní rag-sa gan rátha
do chluchi na n-átha,
2665] méraid co llá mbrátha
go mbruth is co mbríg.
Noco géb ge ésti,
gera beth dom résci,
gan gréin & ésci
l
2670] a muir & tír.
- [M.:]Gá chan duit a fuirech,
naisc-siu gorbat buidech
for deiss ríg is ruirech,
doragat rat láim.
2675] Fuil sund nachat tuilfea,
rat fia cach ní chungfea.
dáig rafess co mairbfea
in fer thic it dáil.
- [F.D.:]Ní géb gan sé curu,
2680] níba ní bas lugu,
sul donéor mo mudu
i mbail i mbíat slúaig.
Dánam thorrsed m'ardarc.
cinnfet cuncup comnart,
2685] co ndernur in comrac
ra Coin Culaind crúaid.
- [M.:]Cid Domnall ná Charpre
ná Níamán án airgne,
gid íat lucht na bairddne,
2690] rot fíat-su gid acht.
Fonasc latt ar Morand,
mad áill latt a chomall,
naisc Carpre mín Manand,
is naisc ar dá macc.
2695] [F.D.:]A Medb co mét mbúafaid,
nít chredb caíne núachair,
is derb is tú is búachail
ar Crúachain na clad.
Ard glór is art gargnert,
2700] domroiched sról santbrecc,
tuc dam th'ór is t'arget
dáig ro fairgged dam.
- [M.:]Nach tussu in caur codnach
dá tiber delgg ndrolmach?
2705] Ó'ndiu co tí domnach
níba dál bas sía.
A laích blatnig bladmair,
cach sét cáem ar talmain
dabérthar duit amlaid,
2710] is uili rot fía.R.
- Finnabair na fergga,
rígan íarthair Elgga,
ar ndíth Chon na Cerdda,
a Fir Diad, rot fía.R.
2715] Is and sain rasiacht Medb máeth n-áraig bar
Fer nDiad im chomlond & im chomrac ra sessiur curad
arnabárach ná im chomlond & im chomrac ra Coin
Culaind a óenur dámbad assu leiss. Rasiacht Fer Diad
máeth n-áraig furri-si, nó andar leis, im chur in
tsessir chétna imna comadaib ra gellad dó do chomallud
riss mad dá
2720]
tóetsad Cú Chulaind leiss.
And sain ra gabait a eich d'Fergus & ra hindled a charpat, & tánic reme co airm i mbaí Cú Chulaind dá innisin dó sain. Firiss
- [F.:]A Chú Chulaind, comal nglé,
2740] atchíu is mithig duit éirge,
atá sund chucut ra feirg
Fer Diad mac Damáin drechdeirg.
- [C.C.:]Atú-sa sund, ní seól seng,
ac trénastud fer nHérend.
2745] Ní rucus for teched traig
ar apa chomlund óenfir.
- [F.:]Amnas in fer dalae feirg
as luss a chlaidib cródeirg,
cnes congna im Fer nDiad na ndrong,
2750] ris ní geib cath ná comlond.
- [C.C.:]Bí tost, ná tacair do scél,
a Ferguis na n-arm n-imthrén,
dar cach ferand, dar cach fond
dam-sa nochon écomlond.
- [F.:]A
2755] mnas in fer, fichtib gal,
nochon furusa a thróethad,
nert cét 'na churp, calma in mod,
nín geib rind, nín tesc fáebor.
- [C.C.:]Mad dia comairsem bar áth,
2760] missi is Fer Diad gascidgnáth.
níba é in scarad gan sceó,
bud ferggach ar fáebargleó.
- [F.:]Rapad ferr lem andá lúag,
a Chú Chulaind chlaidebrúad.
2765] combad tú raberad sair
coscur Fir Diad díummasaig.
- [C.C.:]Atiur-sa bréthir co mbáig
gen com maith-se oc immarbáig.
is missi búadaigfes de
2770] bar mac nDamáin meic Dáre.
- [F.:]Is mé targlaim na slúagu sair,
lúag mo sáraigthe d'Ultaib,
lim tháncatar á tírib
a curaid, a cathmílid.
2775] [C.C.:]Munbud Chonchobor 'na chess,
rápad chrúaid in comadchess,
ní thánic Medb Maige in Scáil
turus ríam bad mó congáir.
- [F.:]Ra fail gním is mó bard láim,
2780] gleó ra Fer nDiad mac nDamáin.
Arm cruaid catut cardda raind
bíd acut, a Chú Chulaind.A.
Tánic Fergus reme dochum ndúnaid &
longphuirt. Luid Fer Diad dochum a pupla & a muntiri &
rachúaid dóib máeth n-áraig
2785]
do tharrachtain do Meidb fair im chomlond & im chomrac
ra sessiur curad arnabárach ná im chomlund & im
chomrac ra Coin Culaind a óenur diambad assu leiss. Dachúaid
dóib 'no máeth n-áraig do tharrachtain dó-som
for Meidb im chuir in tsessir churad
Nírdar subaig sámaig sobbrónaig
somenmnaig lucht puible Fir Diad in n-aidhchi sin {folio 82b} acht rapsat dubaig dobbrónaig domenmnaig, dóig
rafetatar airm condricfaitis na dá curaid & na dá
chliathbernaid chét co táetsad cechtar díb and
nó co táetsaitís a
2795]
ndís, & dám nechtar díb,
dóig leó-som gombad é a tigerna féin.
Dáig níba réid comlond nó comrac ra Coin Culaind
for Táin Bó Cúalnge.
Ra chotail Fer Diad tossach na haidchi co rothromm, & á
thánic deired na haidchi rachúaid a chotlud úad
& raluid a mesci de.
2800]
Ocus da baí ceist in chomlaind & in chomraic
fair, & ra gab láim ara araid ara ngabad a eocho
& ara n-indled a charpat. Ra gab in t-ara 'gá imthairmesc
imme.Rapad ferr dúib anad iná dul and
sin, ar se in gilla. Bí tost dín, a gillai,
ar Fer Diad. Ocus is samlaid ra boí 'gá rád &
rabert na bríathra and & ra frecair in gilla:
2805] Tiagam issin dáil-sea
do chosnam ind fir-sea
go rrísem in n-áth-sa,
áth fors ngéra in Badb.
I comdáil Con Culaind,
2810] dá guin tre chreitt cumaing
go rruca thrít urraind
corop de bus marb.
- Rapad ferr dúib anad,
níba mín far magar,
2815] biaid nech diamba galar,
bar scarad bud snéid.
Techt i ndáil ailt Ulad,
is dál dia mbia pudar,
is fata bas chuman,
2820] mairg ragas in réim.
- Ní cóir ana rádi,
ní hopair niad náre,
ní dlegar dín ále,
ní anfam fad dáig.
2825] Bí tost dín, a gillai.
Bid calma ár síst sinni,
ferr teinni ná timmi,
tiagam isin dáil.
Ra gabait a eich Fir Diad & ra indled a charpat &
tánic reme co
2830]
áth in chomraic, & ní thánic
lá cona lánsoilsi dó and itir. Maith a
gillai, bar Fer Diad, scar dam fortcha & forgemen mo
charpait fóm and so coro tholiur mo thromthairthim súain
& chotulta and so, dáig níra chotlus deired na
haidchi ra ceist in chomlaind & in chomraic. Ra scoir in gilla
na eich. Ra díscuir in carpat fóe.
2835]
Toilis a thromthairthim cotulta fair.
Imthúsa Con Culaind sunda innossa: ní erracht-side itir co
tánic láa cona lánsoilse dó dáig
ná hapraitis fir Hérend is ecla nó is úamun
dobérad fair mad dá n-éirged. Ocus ó
thánic láa cona lánsolsi, ra gab láim
ara araid ara ngabad a eocho & ara
n-indled a charpat.
2840] Maith a gillai, bar Cú Chulaind, geib ar
n-eich dún & innill ar carpat dáig is
mochérgech in láech ra dáil 'nar ndáil, Fer
Diad mac Damáin meic Dáre. Is gabtha na eich, iss
innilti in carpat. Cind-siu and & ní tár dot
gasciud.
Is and sin cininis in cur cetach clessamnach cathbúadach
claidebderg,
2845]
Cú Chulaind mac Sualtaim, ina charpat. Gura
gáirsetar imme boccánaig & bánanaig &
geniti glinne & demna aeóir, dáig dabertis
Túatha Dé Danand a ngáriud immi-sium combad
móti a gráin & a ecla & a urúad
& a urúamain in cach cath & in cach cathroí,
in cach comlund & in cach comruc i téiged.
2850] Nírbo chian d'araid Fir Diad co cúala
inní in fúaim & an fothram &
in fidrén & in toirm & in torann & {folio 83a}
in sestanib & in sésilbi .i.
sceldgur na scíath cliss & slicrech na sleg &
glondbéimnech na claideb & bressimnech in chathbarr
& drongar na lúrigi & imchommilt na n-arm,
dechraidecht na cless, téteinmnech na tét &
núallgrith
2855]
na roth & culgaire in charpait & basschaire
na n-ech & trommchoblach in churad & in chathmíled
dochum inn átha dá saigid.
Tánic in gilla & forromair a láim fora thigerna. Maith a Fir
2860] Atchlunim cul carpait
ra cuing n-álaind n-argait,
is fúath fir co forbairt
ás droich carpait chrúaid.
Dar Bregross, dar Braine,
2865] fochengat in slige,
sech bun Baile in Bile
is búadach a mbúaid.- Is cú airgdech aiges,
is carptech glan geibes,
2870] is seboc sáer slaidess
a eocho fadess.
Is cródatta in cua,
is demin donrua,
rafess, níba tua,
2875] dobeir dún in tress.- Mairg bías isin tulaig
ar cind in chon cubaid,
barrarngert-sa ánuraid
ticfad giped chuin.
2880] Cú na hEmna Macha,
cú co ndeilb cach datha,
cú crichi, cú catha,
dochlunim, rar cluin.At.
Maith a gillai, bar Fer Diad, gá fáth ma ra
molais in fer sain
2885]
ó thánac ót tig?
Ocus is súail nach fatha conais dait a romét ros molais,
& barairngert Ailill & Medb dam-sa go táetsad
in fer sain lemm, & dáig is dar cend lúage
lochérthair lem-sa co llúath é & is mithig in
chobair. Ocus rabert na briathra and & ra frecair
in gilla:
2890] Is mithig in chabair,
bí tost dín, nach mbladaig,
nárbu gním ar codail
dáig ní bráth dar brúach.
Má 'tchí churaid Cúalnge
2895] co n-adabraib úalle,
dáig is dar cend lúage
lochérthair co llúath.- Má 'tchím curaid Cúalnge
co n-adabraib úalle,
2900] ní 'r teiched téit úanne
acht is cucaind tic.
Reithid is ní romall,
gid rogáeth ní rogand,
mar usci d'forall
2905] ná mar thoraind tricc.
- Súail nach fotha conais
a romét ras molaiss,
gá fáth 'ma ra thogais
ó thánac ót tig?
2910] Iss innossa thócbait,
atát acá fúacairt,
ní thecat dá fúapairt
acht mad athig mith.M.
Nírbo chían d'araid Fir Diad dia mboí and co facca
ní, in carpat
2915]
caín cúicrind cethirrind go llúth go
llúais go lángliccus, go pupaill úanide, go creit
chráestana chráestírim chlessaird cholgfata
churata, ar dá n-echaib lúatha lémnecha ómair
bulid bedgaig bolgsróin uchtlethna
beochridi blénarda basslethna cosscháela forttréna
forráncha
fúa. Ech líath leslethan lugléimnech lebormongach
2920]
fándara chuing don charput. Ech dub dúalach
dulbrass druimlethan fán chuing anaill. Ba samalta ra sebacc
dá chlaiss i lló chrúadgaíthi ná ra sidi
répgaíthi erraig i lló mártai dar muni machairi
ná ra tétag n-allaid arna chétglúasacht {folio 83b} do chonaib do chétroí dá ech Con
Culaind immon carpat, marbad ar licc áin
2925]
tentidi co crothsat & co mbertsat in talmain ra tricci
na dírma.
Acus daríacht Cú Chulaind dochum inn átha. Tarassair
Fer Diad barsan leith descertach ind átha. Dessid Cú Chulaind
barsan leith túascertach. Firis Fer Diad fáilte fri Coin
Culaind. Mo chen do thíchtu, a Chú
Chulaind, bar Fer Diad. Tarissi lim
2930]
ní ind fálti mad costráthsa, bar
Cú Chulaind, & indiu ní dénaim tarissi de
chena. Acus a Fir Diad. bar Cú Chulaind, rapo
chóru dam-sa fálti d'ferthain frit-su ná dait-siu
a ferthain rum-sa, dáig is tú daríacht in
crích & in cóiced i tú-sa, &
níra chóir duit-siu tíchtain do chomlund & do
chomrac rim-sa & rapa chóru dam-sa
2935]
dol do chomlond & do chomrac rut-sa, dáig is
romut-sa atát mo mná-sa & mo meic & mo
maccáemi, m'eich & m'echrada, m'albi &
m'éiti & m'indili. Maith a Chú Chulaind,
bar Fer Diad, cid rot tuc-su do chomlund & do chomrac rim-sa
itir? Dáig dá mbámmar ac Scáthaig & ac
Úathaig & ac Aífi, is tussu ba forbfer
frithálma
2940]
dam-sa .i. ra armad mo slega & ra déirged
mo lepaid. Is fír ám sain ale, bar Cú
Chulaind. Ar óice & ar oítidchi donín-sea
duit-siu, & ní hí sin tuarascbáil bá
tú-sa indiu itir, acht ní fil barsin bith láech
nach dingéb-sa indiu.
Acus iss and sin ferais cechtar n-aí díb athchossán n-athgér
2945]
n-athcharatraid ráraile. Acus rabert Fer Diad na
briathra and & ra frecair Cú
Chulaind:
- Cid rat tuc, a Chúa,
do throit ra níaid núa?
Bud cróderg da chrúa
2950] ás análaib th'ech.
Mairg tánic do thurus,
bud atód ra haires,
ricfa a less do legess,
mad dá rís do thech.
2955] Dodechad ré n-ócaib
im torc trethan trétaig,
re cathaib, re cétaib,
dot chur-su fán lind,
d'feirg rut is dot fromad
2960] bar comrac cét conar
corop dait bas fogal
do chosnom do chind.
- Fail sund nech rat méla,
is missi rat géna
2965] dáig is dím facríth.
Cronugud a curad
i fiadnassi Ulad,
gorop cian bas chuman,
gorop dóib bus díth.
2970] Car cinnas condricfam?
In ar collaib cneittfem?
Gid leind rarrficfam
do chomrac ar áth?
Inn ar claidbib crúadaib,
2975] ná 'n ar rennaib rúadaib,
dot slaidi rit slúagaib
má thánic a thráth?
- Re funiud re n-aidche
mádit éicen airrthe,
2980] comrac dait re Bairche
níba bán in gleó.
Ulaid acot gairm-siu,
ra ngabastar aillsiu,
bud olc dóib in taidbsiu,
2985] rachthair thairsiu is treó.
- Datrála i mbeirn mbáegail,
tánic cend do sáegail,
imbérthair fort fáebair,
níba fóill in fáth.
2990] Bud mórglonnach bías,
condricfa cach días,
níba tóesech trías
tú á' ndiu go tí bráth.
- Beir ass dín do robud,
2995] is tú is brassi for domon,
nít fía lúag ná logud,
nídat doss ós duss.
Is missi ratfitir,
a chride ind eóin ittig,
3000] at gilla co ngicgil,
gan gasced, gan gus.{folio 84a}
- Dá, mbámmar ac Scáthaig
a llus gascid gnáthaig,
is aróen imréidmís,
3005] imthéigmís cach fích.
Tú mo chocne cride,
tú m'aiccme, tú m'fine,
ní fúar riam bad dile,
ba dursan do díth.
3010] Romór fácbai th'einech
conná dernam deibech,
siul gairmes in cailech
biaid do chend ar bir.
A Chú Chulaind Cúalnge,
3015] rot gab baile is búadre,
rot fía cach olc úanne,
dáig is dait a chin.C.
Maith a Fir Diad, bar Cú Chulaind, nír
chóir duit-siu tíachtain do chomlund & do chomrac
rum-sa trí indlach & etarchossaít Ailella
3020]
& Medba, & cach óen tánic,
ní ruc búaid ná bissech dóib &
darochratar limm-sa. Acus ní mó béras búaid
ná, bissech duit-siu & rafáethaisiu limm.
Is amlaid ra baí 'gá rád & rabert na briathra & ra gab Fer Diad clostecht fris:
3025] Ná, tair chucum a laích láin,
a Fir Diad, a meic Damáin,
is messu duit na mbía de
contirfe brón sochaide.
- Ná tair chucum dar fír cert,
3030] is lim-sa atá do thiglecht,
cid ná breth and dait nammá
mo gleó-sa ra míleda?- Nachat mucled ilar cless
girsat corcra conganchness,
3035] inn ingen asa taí oc báig,
níba lett, a meic Damáin.- Findabair ingea Medba,
gé beith d'febas a delba,
in ingen gid cáem a cruth
3040] nochos tibrea re cétluth.- Findabair ingen in ríg,
in dráth atberar a fír,
sochaide 'ma tart bréic
& do loitt do lethéit.
3045] Ná briss form lugi gan fess,
ná bris chíg, ná briss cairdess,
ná briss bréthir báig,
ná tair chucum, a laích láin. N.- Ra dáled do choícait láech
3050] in ingen, ní dál dimbáeth;
is limm-sa ra faíd a llecht,
ní rucsat úaim acht crandchert.- Giara maess menmnach Fer Báeth
acá mbaí teglach dagláech,
3055] gar úar gur furmius a bruth,
ra marbus din óenurchur.- Srubdaire serb seirge a gal,
ba rúnbale na cét mban,
mór a bladalt ra baí than,
3060] nír anacht ór ná étgad.
- Dámbad dam ra naidmthea in bein
rís tib cend na cóiced cain,
nocho dergfaind-se do chlíab
tess ná túaid ná thíar ná tair.N.
3065] Maith a Fir Diad, bar Cú Chulaind, is
aire sin nára chóir duit-siu tíachtain do chomlund
& do chomruc rim-sa dáig dá mbámmar ac
Scáthaig & ac Úathaig & ac Aífe, is
aróen imthéigmís cach cath & cach
cathroí, cach comlund & cach comrac, cach fid &
cach fásach, cach dorcha & cach díamair. Acus is
amlaid ra baí 'gá ráda &
3070]
rabert na briathra and:
ropar cáemthe caille,
ropar fir chomdéirgide,
contulmis tromchotlud
3075] ar trommníthaib
i críchaib ilib echtrannaib;
aróen imréidmís,
imthéigmís cach fid,
forcetul fri Scáthaig.r.
3080] A Chú Chulaind
cháemchlessach
ra chindsem ceird comdána,
ra chlóiset cuir caratraid,
bocritha do chétguine,
ná cumnig in comaltus,
3085] a Chúa nachat chobradar,
a Chúa nachat chobrathar.
Rofata atám amlaid seo badesta, bar Fer Diad,
& gá gasced ara ragam indiu, a Chú Chulaind?
Lat-su do roga gascid chaidchi indiu, bar Cú Chulaind,
dáig is tú daríacht in n-áth ar
tús. Indat
3090]
mebair-siu itir, bar Fer Diad, isna airigthib gascid
danímmís ac Scáthaig & ac Úathaig
& ac Aífe? Isamm mebair ám écin,
bar Cú Chulaind. Masa mebair, tecam.
Dachúatar bara n-airigthib gascid. Ra gabsatar dá
scíath chliss chomardathacha forro & a n-ocht
ocharchliss & a n-ocht clettíni &
3095]
a n-ocht cuilg ndét & a n-ocht
ngothnatta néit. Imréitis úathu &
3105] Gá gasced i rragam ifesta, a Chú
Chulaind? bar Fer Diad. Let-su do roga gascid chaidche, bar
Cú Chulaind, dáig is tú doríacht in
n-áth ar tús. Tiagam iarum, bar Fer Diad, barar
slegaib sneitti snasta slemunchrúadi go súanemnaib lín
lánchatut indi. Tecam ám écin, bar Cú
Chulaind. Is and sin ra gabsatar
3110]
dá chotutscíath chomdaingni forro.
Dachúatar bara slegaib snaitti snasta slemunchrúadi go
súanemnaib lín lanchotut indi. Ra gab cách díb
ac díburgun araile dina slegaib á mide medóin
laí go tráth funid nóna. Giara baí d'febas
na himdegla ra buí d'febas ind imdíbairgthi goro
fuilig & goro forderg & goro chréchtnaig
cách
3115]
díb bar araile risin ré sin. Scurem de
sodain badesta, a Chú Chulaind, bar Fer Diad. Scurem
ám écin má thánic a thráth, bar
Cú Chulaind. Ra scoirsetar. Bacheirdset a n-airm úathu i
llámaib a n-arad.
Tánic cách díb d'indsaigid araile assa aithle
& rabert cách díb
3120]
lám dar brágit araile & ra thairbir
teóra póc. Ra bátar a n-eich i n-óenscur in
n-aidchi sin & a n-araid ic óentenid, &
bognísetar a n-araid cossairleptha úrlúachra
dóib go frithadartaib fer ngona friu. Táncatar fiallach
ícci & legis dá n-ícc & dá
leiges, & focherdetar lubi & lossa ícci &
slánsén ra cnedaib & ra créchtaib, rá
n-áltaib
3125]
& ra n-ilgonaib. Cach luib & cach lossa
ícci & slánsén raberthea ra cnedaib &
créchtaib, áltaib & ilgonaib Con Culaind, ra
idnaicthea comraind úad díb dar áth siar d'Fir
Diad, nár abbraitis fir Hérend, dá tuitted Fer Diad
leisium, ba himmarcraid legis dabérad fair. Cach bíad
& cach lind soóla socharchaín somesc daberthea
ó feraib
3130]
Hérend d'Fir Diad, da idnaicthea comraind
úad díb dar áth fathúaith do Choin Chulaind,
dáig raptar lia bíattaig Fir Diad andá bíattaig
Con Culaind. Raptar bíattaig fir Hérend uli d'Fir Diad ar
Choin Culaind do dingbáil díb. Raptar bíattaig
Brega dano do Choin Culaind. Tictis dá acaldaim fri dé .i.
cach n-aidche.
3135] Dessetar and in n-aidchi sin. Atráchtatar go moch
arnabárach & táncatar rompu co áth in
chomraic. Gá gasced ara ragam indiu, a Fir Diad? bar
Cú Chulaind.{folio 85a} Lett-su do roga
ngascid chaidchi, bar Fer Diad, dáig is missi
barróega mo roga ngascid isind lathi luid. Tiagam
iarum, bar Cú Chulaind, barar manaísib móra
murniucha
3140]
indiu, dáig is foicsiu lind don ág in t-imrubad
indiu andá dond imdíburgun inné. Gabtar ar n-eich
dún & indliter ar carpait co ndernam cathugud dar n-echaib
& dar carptib indiu. Tecam ám écin, bar
Fer Diad. Is and sin ra gabsatar dá lethanscíath
lándangni forro in lá sin. Dachúatar bara
manaísib móra murnecha
3145]
in lá sin. Ra gab cách díb bar tollad
& bar tregdad, bar ruth & bar regtad araile á
dorblas na matne muchi go tráth funid nóna. Dámbad
bés eóin ar lúamain do thecht tri chorpaib
dóene, doragtaís trina corpaib in lá sin, go
mbértais na tóchta fola & feóla trina cnedaib
& trina créchtaib i nnélaib & i
n-áeraib sechtair. Acus á
3150]
thánic tráth funid nóna, raptar
scítha a n-eich & raptar mertnig a n-araid & raptar
scítha-som fadessin na curaid & na láith gaile.
Scurem de sodain badesta, a Fir Diad, bar Cú
Chulaind, dáig isat scítha ar n-eich & it mertnig
ar n-araid, & in tráth ata scítha íat, cid
dúnni nábad scítha sind dano. Acus is amlaid ra
buí 'gá rád
3155]
& rabert na briathra and:
- Ní dlegar dín cuclaigi,(bar ésiun)
ra fomórchaib feidm;
curther fóthu a n-urchomail
áro scáich a ndeilm.
3160] Scoirem ám écin má thánic a
thráth, bar Fer Diad. Ra scorsetar. Facheirdset a n-airm
úathu i llámaib a n-arad. Tánic cách díb
d'innaigid a chéile. Rabert cách lám dar brágit
araile & ra thairbir teora póc. Ra bátar a n-eich i
n-óenscur in aidchi sin & a n-araid oc óentenid.
Bógníset a n-araid cossairleptha úrlúachra
dóib go
3165]
frithadartaib fer ngona friu. Táncatar fiallach
ícci & leigis dá fethium & dá
fégad & dá forcomét in n-aidchi sin,
dáig ní ní aile ra chumgetar dóib ra
hacbéile a cned & a créchta, a n-álta
& a n-ilgona acht iptha & éle & arthana do
chur riu do thairmesc a fola & a fulliugu & a ngae
cró. Cach iptha & gach éle & gach orthana
doberthea ra
3170]
cnedaib & ra créchtaib
Con Culaind, ra idnaicthea comraind úad díb dar áth
síar d'Fir Diad. Cach bíad & cach lind
soóla socharchaín
Dessetar in n-aidchi sin and. Atraachtatar co moch arnabárach,
& táncatar rempo co áth in chomraic. Rachondaic
Cú Chulaind
3180]
mídelb & míthemel mór in
lá sin bar Fer Diad. Is olc ataí-siu indiu, a F[dot ]ir
Diad bar Cú Chulaind. Ra dorchaig th'folt indiu
& ra suamnig do rosc & dachúaid do chruth {folio 85b} & do delb & do dénam
dít. Ní 'r th'ecla-su ná ar th'úamain
form-sa sain indiu ám, bar Fer Diad, dáig
ní fuil i nHérind indiu láech ná
dingéb-sa. Acus
3185]
ra buí Cú Chulaind ac écaíni
& ac airchisecht Fir Diad & rabert
na briathra and & ra frecair Fer Diad:
- A Fir Dïad, mása thú,
demin limm isat lomthrú,
tidacht ar comairli mná
3190] do chomlund rit chomalta.
- A Chú Chulaind, comall ngaíth,
a fíránraith, a fírlaích,
is éicen do neoch a thecht
cosin fót forsa mbí a thiglecht.
3195] Findabair ingea Medba,
gia beith d'febas a delba,
a tabairt dait ní ar do seirc
acht do fromad do rígneirt.
- Fromtha mo nert á chíanaib,
3200] a Chú cosin cáemríagail,
nech bad chalmu noco closs,
cosindiu nocon fuaross.
- Tú fodera a fail de,
a meic Damain meic Dáre,
3205] tiachtain ar comairle mná
d'imchlaidbed rit chomalta.
- Dá scaraind gan troit is tú,
gidar comaltai, a cháemChú,
bud olc mo briathar is mo blad
3210] ic Ailill is ac Meidb Chrúachan.
- Noco tard bíad dá bélaib
& noco móo ro génair
do ríg ná rígain can chess
bara ndernaind-sea th'amles.
3215] A Chú Chulaind, tólaib gal,
ní tú acht Medb rar marnestar,
béra-su búaid & blaid,
ní fort atát ar cinaid.
- Is cáep cró mo chride cain,
3220] bec nach rascloss ram anmain,
ní comnairt limm, línib gal,
comrac rit, a Fir Dïad.A.
Méid ataí-siu ac cessacht form-sa indiu, bar
Fer Diad, gá gasced fora ragam indiu? Lett-su do roga
gascid chaidchi indiu,
3225]
bar Cú Chulaind, dáig is missi barróega
in lathe luid. Tiagam iaram, bar Fer Diad, barar claidbib
tromma tortbullecha indiu dáig is facsiu lind dond ág inn
imslaidi indiu andá dond imrubad indé. Tecam
ám écin, bar Cú Chulaind. Is and sain ra gabsatar
dá leborscíath lánmóra forro in lá sain.
Dochúatar bara claidbib
3230]
tromma tortbullecha. Ra gab cách díb bar slaide
& bar slechtad, bar
airlech & bar slechtad, bar airlech & bar essorgain araile gomba métithir ri cend meic mís cach
thothocht & gach thinmi dobeired cách díb de
gúallib & de slíastaib &de
slinneócaib araile. Ra gab cách díb ac slaide
araile mán cóir sin á dorblass na matni muchi
3235]
co tráth funid nóna. Scurem do sodain
badesta, a Chú Chulaind, bar Fer Diad. Scorem ám
écin má thánic a thráth, bar
CúCúulaind. Ra scorsetar. Facheirdsetar a n-airm úadaib
i llámaib a n-arad. Girbo chomraicthi dá subach
sámach sobbrónach somenmmach, rapa scarthain dá ndubach
ndobbrónach ndomenmnach a scarthain
3240]
in n-adichi sin. Ní rabatar a n-eich i n-óenscur
in n-aidchi sin. Ní rabatar a n-araid oc óentenid.
Dessetar in n-aidchi sin and. Is and sin atraacht Fer Diad go moch
arnabárach & tánic reme a óenur co áth
in chomraic, dáig rafitir rap ésin lá
etergleóid in chomlaind & in chomraic, &
rafitir
3245]
co táetsad nechtar de díb in lá sain and
nó co táetsaitis a ndís. Is and sin ra gabastar-som a
chatherriud catha & comlaind & comraic immi {folio 86a} re tíachtain do Choin Chulaind dá
saigid. Acus ba don chatherriud chatha & chomlaind &
comraic ra gabastar a fúathbróic srebnaide sróil
cona cimais d' ór bricc fria gelchness. Ra gabastar a
3250]
fúathbróic ndondlethair
ndegsúata tairrside immaich anechtair. Ra gabastar
múadchloich móir méti clochi mulind tarrsi-side immuich
anechtair. Ra gabastar a fúathbróic n-imdangin
n-imdomain n-iarnaide do iurn athlegtha darin múadchloich móir
méti clochi mulind ar ecla & ar úamun in gae bulga in
lá sin. Ragabastar a chírchathbarr
3255]
catha & comlaind & comraic imma chend barsa
mbátar cethracha gemm carrmocail acá cháenchumtuch,
arna ecur de chrúan & christaill & carrmocul
& de lubib soillsi airthir bethad. Ra gabastar a sleig
mbarnig mbairendbailc ina desláim. Ra gabastar a chlaideb
camthúagach catha bara chlíu cona imdorn óir &
cona muleltaib de
3260]
dergór. Ra gabastar a scíath mór
mbúabalchaín bara túagleirg a dromma barsa
mbátar coíca cobrad bara taillfed torc taisselbtha bar cach
comraid díb cenmothá in comraid móir medónaig do
dergór. Bacheird Fer Diad clesrada ána ilerda ingantacha
imda bar aird in lá sain nád róeglaind ac nech aile
ríam, ac mumme ná
3265]
ac aite ná ac Scáthaig nach ac Úathaig
ná ac Aífe, acht a ndénum úad féin in
lá sain i n-agid Con Culaind.
Daríacht Cú Chulaind dochum inn átha 'no &
rachonnaic na clesrada ána ilerda ingantacha imda bacheird Fer
Diad bar aird. Atchí-siu sút, a mo phopa Laíg, na
clesrada ána ilerda ingantacha
3270]
imda focheird Fer Diad bar aird, & bocotáidfer
dam-sa ar n-úair innossa na clesrada út, & is aire
sin mad forum-sa bus róen indiu, ara nderna-su mo grísad
& mo glámad & olc do ráda rim gorop
móite éir m'fír & m'fergg
foromm. Mad romum bus róen 'no, ara nderna-su mo múnod
& mo molod maithius do rád frim gorop móti lim mo
3275]
menma. Dagéntar ám écin, a
Chúcúc, bar Láeg.
Is and sin ra gabastar Cú Chulaind dno a chatherriud chatha & chomlaind & comraic imbi & focheird clesrada ána ilerda ingantacha imda bar aird in lá sain nád róeglaind ac neoch aile ríam, ac Scáthaig ná ac Úathaig ná ac Aífe.
3280] Atchondairc Fer Diad na clesrada sain &
rafitir go fuigbithea dó ar n-úair iat. Gá
gasced ara ragam, a Fir Diad? bar Cú Chulaind. Lett-su do
roga gascid chaidchi, bar Fer Diad. Tiagam far cluchi inn átha
iarum, bar Cú Chulaind. Tecam ám, bar Fer Diad. Gi
'tubairt Fer Diad inní sein, is air is doilgiu leis daragad,
dáig
3285]
rafitir iss ass ra forrged Cú Chulaind cach caur
& cach cathmílid condriced friss bar cluchi inn átha.
Ba mór in gním ám daringned barsind áth in
lá sain, na dá niad, na dá ánruith, dá
eirrgi íarthair Eórpa, dá ánchaindil gascid
Gáedel, dá láim thidnaicthi ratha & tairberta
& túarastail íarthairthúascirt in domain, {folio 86b} dá ánchaindil
3290]
gascid Gáedel & dá eochair gascid
Gáedel, a comraicthi do chéin máir tri indlach
& etarchossaít Ailella & Medba. Da gab cách
díb ac díburgun araile dona clesraidib sin á dorbblass
na matni muchi go midi medóin laí and. Ó thánic
medón laí, ra feochraigsetar fergga na fer & ra
chomfaicsigestar cách díb d'araile.
3295] Is and sin cindis Cú Chulaind fecht n-óen and
do ur inn átha go mbaí far cobraid scéith Fir Diad
meic Damáin do thetractain a chind do búalad dar bil in
scéith ar n-úachtur. Is and sin rabert Fer Diad béim
dá ullind clé 'sin scíath comdas rala Coin Culaind
úad mar én bar ur inn átha. Cindis Cú Chulaind
d'ur inn átha
3300]
arís co mbaí far cobraid scéith Fir
Diad meic Damáin do thetarrachtain a chind do búalad dar bil
in scéith ar n-úachtur. Rabert Fer Diad béim dá
glún chlé 'sin scíath gomdas rala Coin, Culaind
úad mar mac mbecc bar ur inn átha. Arigis Láeg
inní sein. Amae ale, bar Láeg, rat chúr in
cathmílid fail itt agid mar chúras
3305]
ben baíd a mac. Rot snigestar mar snegair cuip
a lundu. Rat melestar mar miles mulend múadbraich. Rat tregdastar mar thregdas fodb omnaid. Rat nascestar mar
nasces féith fidu. Ras léic fort feib ras léic
séig for mintu, connach fail do dluig ná do dúal
ná do díl ri gail ná ra gaisced go brunni
mbrátha & betha badesta,
3310]
a siriti síabarthi bic, bar
Lóeg.
Is and sain atraacht Cú Chulaind i llúas na gaíthi
& i n-athlaimi na fandli & i ndremni in drecain &
i nnirt inn aeóir in tres fecht go mbaí far comraid
scéith Fir Diad meic Damáin do thetarrachtain a chind da
búalad dar bil a scéith ar n-úachtur. Is and sin rabert
3315]
in cathmílid crothad barsin scíath comdas rala
Coin Culaind úad bar lár inn átha marbad é nach
arlebad ríam itir.
Is and sin ra chétríastrad im Choin Culaind goros
lín att & infithsi mar anáil i llés co nderna
thúaig n-úathmair n-acbéil
n-ildathaig n-ingantaig de, gomba métithir ra fomóir ná
ra fer mara in mílid
3320]
mórchalma ós chind Fir Diad i certarddi.
Ba sé dlús n-imairic darónsatar gora chomraicsetar a
cind ar n-úachtur & a cossa ar
n-íchtur & a lláma ar
n-irmedón dar bilib & chobradaib na scíath. Ba
sé dlús n-imaric darónsatar goro dluigset &
goro dloingset a scéith á mbilib goa
mbróntib. Ba sé dlús
3325]
n-immaric darónsatar goro fillsetar & goro
lúpsatar & goro gúasaigsetar a slega óa
rennaib goa semannaib. Ba sé dlús n-imaric darónsatar
gora gársetar boccánaig & bánanaig &
geniti glinni & demna aeóir do bilib a scíath
& d'imdornaib a claideb & d'erlonnaib a sleg. Ba sé
dlús n-imaric darónsatar gora lásetar in n-abaind assa
curp &
3330]
assa cumachta gomba imda dérgthi {folio 87a}
do ríg nó rígain ar
lár inn átha connach baí banna d'usci and acht muni
siled ind risin súathfadaig & risin slóetradaig
daringsetar na dá curaid & na dá
cathmílid bar lár inn átha. Ba sé dlús
n-imaric darónsatar goro memaid do graigib Gáedel for sceóin & sceinmnig, diallaib
3335]
& dásacht, goro maidset a n-idi & a
n-erchomail, a llomna & a llethrenna, goro memaid de mnáib
& maccáemaib & mindóenib, midlaigib
& meraigib fer nHérend trisin dúnud
síardess.
Bátar-sun ar fáebarchless claideb risin ré sin. Is
and sin rasíacht Fer Diad úair báeguil and fecht far
Coin Culaind, & rabert béim
3340]
din chulg dét dó gora folaig 'na
chlíab go torchair a chrú 'na chriss corb
forrúammanda in t-áth do chrú a chuirp in
chathmíled. Ní faerlangair Cú Chulaind
aní sein ára gab Fer Diad bara
bráthbalcbémmnennaib & fótalbémmennaib
& múadalbémmennaib móra fair, &
conattacht in ngae mbulga bar Láeg mac Riangabra. Is
amlaid
3345]
ra baí-side ra sruth ra indiltea & i lladair ra
teilgthea. Álad óengae leis ac techt i nduni &
tríchu farrindi ri taithmech, & ní gatta a curp duni
go coscairthea immi.
Acus á'tchúala Fer Diad in ngae mbolga d'imrád,
rabert béim din scíath sís d'anacul íchtair a
chuirp. Boruaraid Cú Chulaind
3350]
in certgae delgthi do lár a demainni dar bil in
scéith & dar brollach in chonganchnis gorbo róen
in leth n-alltarach de ar tregtad a chride 'na chlíab. Rabert Fer
Diad béim din scíath súas d'anacul úachtair a chuirp giarb í in chobair iar n-assu. Da
indill in gilla in ngae mbolga risin sruth & ra fritháil Cú Chulaind i lladair a chossi,
- A Chú na cless cain,
nír dess dait mo guin.
3365] Lett in locht rom len,
is fort ra fer m'fuil.- Ní lossat na troich,
recait bernaid mbraith.
Is galar mo guth,
3370] uch! doscarad scaith.- Mebait m'asnae fuidb,
mo chride-se is crú.
Ní mad d'ferus báig,
darochar, a Chú.A.
3375] Rabert Cú Chulaind sidi dá saigid assa
aithle & ra iad a dá láim tharis, &
túargaib leiss cona arm & cona erriud & cona
étgud dar áth fathúaid é gombad ra áth
atúaid ra beth in coscur & nábad ra áth
aníar ac feraib Hérend. {folio 87b} Da
léic Cú Chulaind ar lár Fer nDiad and &
darochair nél & tám & tassi bar Coin Culaind
ás chind Fir Diad and.
3380]
Atchonnaic Láeg anísin &
atráigestar fir Hérend uile do thíchtain dá
saigid. Maith a Chúcúc, bar Láeg,
comérig badesta & daroisset fir Hérend dar saigid
& níba cumland óenfir démait dúinn
á darochair Fer Diad mac Damáin meic Dáre lat-su.
Can dam-sa éirgi, a gillai, bar ésium, &
intí darochair limm. Is amlaid ra baí in gilla
3385]
'gá rád & rabert na briathra and
& ra frecair Cú Chulaind:
- Érig, a árchu Emna,
córu a chách duit mórmenma.
Ra láis dít Fer nDiad na ndrong,
debrad! is crúaid do chomlond.
3390] Gá chana dam menma mór?
Ram immart báeis & brón
aithle inn échta doringnius
iss in chuirp ra chrúadchlaidbius.
- Níra chóir dait a chaíniud,
3395] córu dait a chommaídium.
Rat rácaib in rúad rinnech
caíntech créchtach crólindech.
- Dá mbenad mo lethchoiss sláin
dím is cor benad mo lethláim,
3400] trúag nach Fer Diad boí ar echaib
tri bithu 'na bithbethaid.
- Ferr leó-som na ndernad de
ra ingenaib Cráebrúade,
sessium d'éc, tussu d'anad,
3405] leó ní bec bar mbithscarad.- Án ló thánac a Cúalnge
i ndiaid Medba mórglúare.
is ár daíni lé co mblaid
ra marbais dá míledaib.
3410] Níra chotlais i ssáma
i ndegaid da mórthána;
giarb úathed do dám malle
mór maitne ba moch th'éirge.E.
Ra gab Cú Chulaind ac écaíne & ac
airchisecht Fir Diad and &
3415]
rabert na briathra:
Maith a Fir Diad, bá dursan dait nach nech dind fiallaig
rafitir mo chertgnímrada-sa gaile & gascid ra acallais
re coimríachtain dúin comrac
n-immairic.
Ba dirsan dait nach Láeg mac Riangabra rúamnastar comairle
3420]
ar comaltais.
Ba dirsan duit nách athesc fírglan Ferugsa
forémais.
Ba dirsan duit nach Conall cáem coscarach commaídmech
cathbúadach cobrastar comairle ar comaltais.
Dáig ní adiartaís ind fir sein de fessaib
ná dúlib ná dálib ná
3425]
briathraib brécingill ban cendfind Connacht.
Dáig rafetatar ind fir sin ná
gigne géin gabas gnímrada cutrumma commóra Connachtaig
rut-su go brunni mbrátha & betha, eter imbeirt scell
& scíath, eter imbeirt gae & chlaideb, eter imbeirt
mbrandub & fidchell, eter imbeirt ech &
charpat.
3430] Níba lám laích lethas cárna
caurad mar Fer nDiad nelinn ndatha.
Níba búriud berna Baidbi béldergi do scoraib sciathcha
scáthbricci. Níba Crúachain cossénas nó gébas curu cutrumma rut-sa go brunni
mbrátha & betha badesta, a meic drechdeirg
Damáin, bar Cú Chulaind.
3435] Is and sin ra érig Cú Chulaind ás chind
Fir Diad. Maith a Fir Diad, bar Cú Chulaind, is
mór in brath & in trécun dabertatar fir Hérend
fort do thabairt do chomlund & do chomruc {folio 88a} rum-sa dáig ní réid comlund ná comrac
rum-sa bar Táin Bó Cúalnge.
Is amlaid ra baí 'gá rád & rabert na briathra:
3440] A Fir Diad, ardotchlóe brath,
dursan do dál dédenach,
tussu d'éc, missi d'anad,
sírdursan ar sírscarad.- Mad dá mmámar alla anall
3445] ac Scáthaig búadaig búanand,
indar lind go bruthe bras
nocho bíad ar n-athchardes.- Inmain lemm do ruidiud rán,
inmain do chruth cáem comlán,
3450] inmain do rosc glass glanba,
inmain t'álaig is t'irlabra.- Nír ching din tress tinbi chness,
nír gab feirg ra ferachas,
níra chongaib scíath ás leirg láin
3455] th'aidgin-siu, a meic deirg Damáin.
- Ní tharla rumm sund co se
á bacear Óenfer Aífe,
da mac samla - galaib gliad -
ní fuaras sund, a Fir Diad. A.
3460] Findabair ingea Medba,
gé beith d'febas a delba,
is gat im ganem ná im grían
a taidbsiu duit-siu, a Fir Diad.A.
Ra gab Cú Chulaind ac fégad Fir Diad and. Maith a mo
phopa
3465]
Laíg, bar Cú Chulaind, fadbaig Fer
nDiad badesta & ben a erriud & a étgud de go
faccur-sa in delg ara nderna in comlund & in comrac.
Táinic Láeg & ra fadbaig Fer nDiad. Ra
ben a erriud & a étgud de, & rachonnaic Cú Chulaind in delg. Acus ra gab 'gá
écaíne & 'gá airchisecht & rabert na
briathra:
3470] Dursan a eó óir,
a Fir Diad na ndám,
a balcbémnig búain,
ba búadach do lám.- Do barr bude brass
3475] ba cass, ba caín sét,
do chriss duillech máeth
immut táeb gut éc.- Ar comaltus caín
radarc súla saír,
3480] do scíath go mbil óir,
th' fidchell ba fíu maín.- Do thuittim dom láim
tucim nárb é chóir,
nírba chomsund chaín,
3485] dursan a eó óir.D.
Maith a mo phopa Laíg, bar Cú Chulaind, coscair Fer nDiad fadesta & ben in ngae mbolga ass, dáig ní fétaim-se beith i n-écmais
- A Fir Diad, is trúag in dál
t'acsin dam go rúad robán,
missi gan m'arm do nigi,
tussu it chossair chróligi.
3495] Mád dá mmámar allá anair
ac Scáthaig is ac Úathaig,
nocho betis beóil bána
etraind is airm ilága.- Atubairt Scáthach go scenb
3500] a athesc rúanaid roderb:
Érgid uli don chath chass,
barficfa Germán Garbglass.- Atubart-sa ra Fer nDiad
& ra Lugaid lánfíal
3505] & ra mac mBaetáin mbáin
techt dún i n-agid Germáin.- Lodmar go haille in chomraic
ás leirg Locha Lindformait,
tucsam chethri chét immach
3510] a indsib na n-áthissech.- Dá mbá-sa is Fer Diad inn áig
i ndorus dúne Germáin, {folio 88b}
ro marbusa Rind mac Níuil,
ro marb-som Rúad mac Forníuil.
3515] Ra marb Fer Báeth arin leirg
Bláth mac Colbai chlaidebdeirg,
ro marb Lugaid, fer duairc dían,
Mugairne Mara Torrían.- Ro marbusa ar ndula innund
3520] cethri choícait férn ferglond,
ro marb Fer Diad, duairc in drem,
Dam nDreimed is Dam nDílend.
- Ra airgsem dún nGermáin nglicc
ás fargi lethain lindbricc,
3525] tucsam Germán i mbethaid
lind go Scáthaig scíathlethain.- Da naisc ár mummi go mblad
ar cró cotaig is óentad,
conná betis ar ferga
3530] eter fini findElga.- Trúag in maten maten máirt
ros bí mac Damáin díthráicht,
uchán! do chara in cara
dara dálius dig ndergfala.
3535] Dámbad and atcheind-sea th'éc
eter míledaib mórGréc,
ní beind-se i mbethaid dar th'éis,
gombad aróen atbailméis.- Is trúag aní nar tá de,
3540] 'nar ndot;daltánaib Scáthaiche,
missi créchtach ba chrú rúad,
tussu gan charptiu d'imlúad.- Is trúag aní nar tá de,
'nar ndaltánaib Scáthaiche,
3545] missi créchtach ba chrú garb,
& tussu ulimarb.- Is trúag aní nar tá de,
'nar ndaltánaib Scáthaige,
tussu d'éc, missi beó brass,
3550] is gleó ferge in ferachas.A.
Maith a Chúcúc, bar Láeg, fácbam in
n-áth sa fadesta. Is rofata atám and.
Fáicfimmít ám écin, a mo phopa
Laíg, bar Cú Chulaind. Acht is cluchi & is
gaíni lem-sa cach comlond & cach comrac darónus i
farrad chomlaind & comraic Fir Diad. Acus is amlaid ra
baí
3555]
'gá rád & rabert na briathra:
- Cluchi cách, gaíne cách
co roich Fer nDiad issin n-áth.
Inund foglaim fríth dúinn,
innund rograim ráth,
3560] inund mummi máeth
ras slainni sech cách.- Cluchi cách, gaíne cách
go roich Fer Diad issin n-áth.
Inund aisti arúath dúinn,
3565] inund gasced gnáth.
Scáthach tuc dá scíath
dam-sa is Fer Diad tráth.- Cluchi cách, gaíne cách
go roich Fer Diad issin n-áth.
3570] Inmain úatni óir
ra furmius ar áth.
A tarbga na túath,
ba calma ná cách.- Cluchi cách, gaíne cách
3575] go roich Fer Diad issin n-áth.
In leóman lassamain lond,
in tond báeth borr immar bráth.- Cluchi cách, gaíne cách
go roich Fer Diad issin n-áth.
3580] Indar lim-sa Fer dil Diad
is am díaid ra bíad go bráth.
Indé ba métithir slíab,
indiu ní fuil de acht a scáth.- Trí díríme na Tána
3585] darochratar dom láma,
formna bó fer & ech
roda slaidius ar cech leth.- Girbat línmara na slúaig
táncatar ón Chrúachain chrúaid,
3590] mó trín is lugu lethi
ro marbus dom garbchluchi.
- Nocho tarla co cath cró
níra alt Banba dá brú,
níra chind de muir ná thír
3595] de maccaib ríg bud ferr clú.C.
Aided Fir Diad gonnici sin.