Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 28

IS and sin ra himráided ac feraib Hérend cia bad chóir do chomruc & do chomlund ra Coin Culaind ra húair na maitne muche arnabárach. Iss ed ra ráidsetar uile combad é Calatín Dána
2535] cona secht maccaib fichet & a úa Glass mac Delga. Is amlaid ra bátar-saide neim ar cach fir díb & neim ar cach arm dá n-armaib, & ní theilged nech díb urchor n-imraill, & ní fuil bara fuliged nech díb, manbad marb a chétóir, rabad marb ria cind nómaide. Doragelta comada móra dóib arin comlund & arin comruc {folio 80b} do
2540] dénam, & ra gabsat do láim a dénam & bad fiadnaisi d'Fergus ra naidmthea sain, & ra fémmid tiachtain taris. Dáig iss ed ra ráidsetar corbo chomlund óenfir leó Calatín Dána cona secht maccaib fichet & a úa Glass mac Delga, dáig iss ed ra ráidset corbo ball dá ballaib a mac & corbo irrand dá irrandaib & combad ra Calatín
2545] Dána sochraiti a chuirp fadessin.


p.70

Tánic Fergus reme dochum a phupla & a muntiri & rabert a osnad scísi bar aird. ‘Is trúag lind in gním doníther imbárach and,’ bar Fergus. ‘Garsa gním sain?’ bar a munter. ‘Cú Chulaind do marbad,’ bar ésium. ‘Uch!’ bar íat-som, ‘cia marbas?’ ‘Calatín Dána,’ bar
2550] ésium, ‘cona secht maccaib fichet & a úa Glass mac Delga. Is amlaid atát neim ar cach fir díb & neim ar cach arm dá n-armaib, & ní fuil bara fuliged nech díb, munub marb a chétóir, nába marb ria cind nómaide, & ní fuil digsed dá fiss dam-sa bad fiadnaisi don chomlund & don chomroc & da berad a fiss dam mar da mairbfithea Cú Chulaind,
2555] ná tibrind mo bennachtain & m'eirred.’ ‘Rachat-sa and,’ bar Fiachu mac Fir Aba. Dessetar and in n-aidchi sin. Atraacht Calatín Dána co moch arnabárach cona secht maccaib fichet & a úa Glass mac Delga, & táncatar rempo co hairm i mbáe Cú Chulaind, & tánic 'no Fiacho mac Fir Aba. Ocus án úair ránic Calatín co
2560] airm i mbáe Cú Chulaind, tarlaicset a nnóe ngae fichet fair a chétóir & ní dechaid urchur n-imruill díb secha. Doringni Cú Chulaind fáebarchless don scíath comdas ralatar uile coa mbolgánaib 'sin scíath. Acht nírb urchur n-imruill dóib-sium sain, nír fulig & nír forderg gae díb fair-sium. Is and sin barróisc Cú Chulaind in
2565] claidiub assa intiuch Bodba d'imscothad na n-arm & d'immétrommugud in scéith fair. I céin ra buí-seom aice-sain, ra ethsat-som chuce & ra sáidsetar na nóe ndesndurnu fichet i nn-óenfecht ina chend. Da chúrsatar-sun & ra chrommsatar leó é co tarla a gnúis & a aged & a einech ra grian & ra ganem inn átha. Rabert-sun a
2570] rucht míled bar aird & a iachtad n-écomlaind connach baí d'Ultaib i mbethaid do neoch donárbo chotlud ná cúala. And-saic dariacht Fiacha mac Fir Aba dá saigid & atconnairc aní sin, & tánic a ell chondailbi fair, & barróisc in claideb asa intiuch Bodba & rabert béim dóib coro scoth a nóe ndesndurnu fichet d'óenbulli díb co
2575] torchratar uile dara n-aiss ra dichracht ind fedma & in gremma i rrabatar.

Túargaib Cú Chulaind a chend & ra theilg a anáil & rabert a osnaid scísi fair anechtair & rachonnaic intí ra fóir é. ‘Is teóir i n-éim, a derbchomalta,’ bar Cú Chulaind. ‘Cid teóir i n-éim duit-siu é,
2580] níba teóir a n-éim dúnni, dóig ra fuilemm trichait chét i n-as dech clainne Rudraige i ndúnud & i llongphurt fer nHérend & rarbérthar uile fa gin gae & chlaidib, cid bec lat-su in béim ra benas-sa, mad dia festar forund é.’ ‘Tiur-sa bréthir,’ bar Cú Chulaind, ‘ó thúargabusa mo chend & ára thelggius m'anál, acht mana derna badessin
2585] scél fort, nach nech díb-siút dagéna fadesta.’ Is and sin imsóe Cú Chulaind friu & ra gab bara slaide & bara slechtad coros cuir {folio 81a}


p.71

úad 'na n-ágib minta & 'na cethramthanaib fodalta ar fut inn átha sair & siar. Ra étlá óenfer díb úad i mmunigin a retha i céin ra buí-sium ac díchennad cháich .i. Glas mac Delga. Ocus
2590] rabert Cú Chulaind sidi friss & tánic reme timchell pupla Ailella & Medba, & ní arnecair úad a ráda acht ‘Fiach! fiach!’ tráth rabert Cú Chulaind béim dó co tópacht a chend de.

‘Is troit ra báss risin fer út,’ bar Medb. ‘Gá fíach sút ra imráid, a Ferguis?’ ‘Nád fetar,’ bar Fergus, ‘acht meni dlessad fíachu do
2595] neoch 'sin dúnud & 'sin longphurt. Is íat ra boí ara ari. Acht atá ní chena,’ bar Fergus, ‘is fíach fola & feóla dó-som é. Atiur-sa bréthir chena,’ bar Fergus, ‘is innossa ra íctha a féich uile i n-óenfecht riss.’

Darochair Calatín Dána bán cóir sin ra Coin Culaind cona secht
2600] maccaib fichet & a úa Glass mac Delga. Conid marthanach ar lár inn átha fóss in chloch 'ma ndernsat a sróengal & a n-imresón. Inad elta a claideb inti & a nglúni & a n-ullend & erlanna a sleg. Conid Fuil Iairn ra Áth Fir Diad aníar ainm inn átha. Is aire atberar Fuil Iairn ris dáig báe fuil dar fáebor and.


2605]

Conid Comrac Clainne Calatín connice sin.