Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 25


2460]

Tuige im Thamon and so innossa

ANd sin ra ráidsetar fir Hérend ri Tamun drúth étgud Ailill & a imscimm n-órda do gabáil immi & techt farin n-áth bad fiadnaissi dóib. Ra gabastar-som 'no étgud nAilella & a immscimm órda immi & tánic barin n-áth bad fiadnaisi dóib. Ra
2465] gabsat fir Hérend ac cluchi & ac gredan is ac fochuitbiud imme. ‘Is tuige im thamon duit-siu ám, a Thamuin drúith,’ bar íat-som, ‘étgud nAilella & a imscim n-órda immut.’ Corop Tuigi im Thamon and sain. Dachonnaic Cú Chulaind é & indar leis i n-écmais a fessa & a eólais ba sé Ailill baí and fadessin, &bosreóthi cloich assa
2470] chrantabaill úad fair co n-art Tamun drúth can anmain barsinn áth i rrabi.

Corop Áth Tamuin and sin & Tugi im Thamon.


p.68