Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 21


2205] IS and sin atracht in t-ara & ro gab a fíaneirred araidechta immi. Ba dond {folio 77a}fíaneirriud aradachta sin ro gabastar-som imbi a inar bláith bíannaide, is é étrom aérda, is é súata srebnaide, is é úaigthe osslethair, conná gebeth ar lúamairecht lám dó anechtair. Ro gabastar-som forbratt faing taris-sein anechtair doringni Simón
2210] Druí do ríg Rómán conda tarad Dair do Chonchobur conda tarat Conchobor do Choin Culaind co tarat Cú Chulaind dá araid. Ro gabastar in t-ara cétna a chathbarr círach clárach cetharchoir co n-ilur cech datha & cacha delba dara midgúallib sechtair. Ba somaissi dó-som sin & nírbo thortrommad. Tarraill a lám leis in
2215] gipni ndergbuide marbad land dergóir do bronnór bruthi dar or n-indeóna re étan do indchomartha araidechta secha thigerna. Ro gab idata aurslaicthi a ech & a del intlaissi ina desra. Ro gabastar a éssi astuda ech ina thúasri .i. aradna a ech ina láim chlí, re imchommus a araidechta.


2220] Is and sin focheird a lúrecha iarnaidi intlaissi immo echraid congebethar dóib ó thaul co aurdorn do gaínib & birínib & slegínib & birchrúadib corbo birfocus cach fonnud issin charput sin corbo chonair letartha cach n-uille & cach n-ind & cach n-aird & cach n-airchind don charput sin. Is and sin focheird bricht comga
2225] tara echraid & tara chomalta connárbo léir do neoch issin dúnud íat & corbo léir dóib-sium cách issin dúnud sin. Ba deithbir ém cé focheirded-som innísin dáig ar bíth bátar teóra búada araidechta


p.61

forind araid in lá sin .i. léim dar boilg & foscul ndíriuch & immorchor ndelind.


2230] Is and sin ro gab in caur & in cathmílid & in t-innellchró Bodba fer talman, Cú Chulaind mac Sualtaim, ro gab a chatheirred catha & comraic & comlaind imbi. Ba don chatheirred catha sin & comraic & comlaind ro gab-som imbi secht cneslénti fichet cíartha clárda comdlúta bítís ba thétaib & rothaib & refedaib i custul ri gelchnes dó arnacha
2235] ndechrad a chond nach a chiall ó doficed a lúth láthair. Ro gabastar a chathchriss curad taris anechtair do chotutlethar crúaid coirtchide do formna secht ndamseiched ndartada congabad dó ó thana a thaíb co tiug a oxaille. Ro bíth imbi ic díchur gaí & rend & iaernn & sleg & saiget, dáig is cumma focherdditis de &
2240] marbad de chloich nó charraic nó chongna ro chiulaitis. Is and sin ro gabastar a fúathbróic srebnaide sróil cona cimais de bánór bricc friá fri móethíchtur a medóin. Ro gabastar a dondfúathbróic ndondlethair ndegsúata do formna cethri ndamseiched ndartada cona chathchris do cholomnaib ferb fua dara fúathróic
2245] srebnaide sróil sechtair. Iss and sin ro gabastar in rígníath {folio 77b} a chatharm catha & comraic & comlaind. Ba don chatharm chatha sin ro gabastar a ocht claidbíni ima cholg ndét ndrechsolus. Ro gabastar a ocht sleigíni imma sleig cóicrind. Ro gabastar a ocht ngothnata 'ma gothnait ndét. Ro gabastar a ocht
2250] clettíni 'ma deil chliss. Ro gabastar a ocht scíathu cliss imma chrommscíath ndubderg ina téiged torc taisselbtha ina thaul tárla cona bil aithgéir ailtnidi imgéir ina urthimchiull contescfad finna i n-agid srotha ar áithi & ailtnidecht & imgéiri. Inbaid fogníth in t-óclách fáeborchless di, is cumma imthescad dia scíath & dia sleig
2255] & dá chlaideb. Is and sin ro gab a chírchathbarr catha & comlaind & comraic imma chend asa ngáired gáir cét n-óclách do síréigim cecha cúli & cecha cerna de, dáig is cumma congáiritis de bánanaig & bocánaig & geiniti glinne & demna aeóir ríam & úasu & ina thimchuill cach ed immatéiged re tesitin fola na míled na n-anglond sechtair. Ro
2260] chres a cheltar chomga tharis don tlachtdíllat Tíre Tairngire dobretha dó ó Manannán mac Lír ó ríg Thíre na Sorcha.

Is and sin cétríastarda im Choin Culaind co nderna úathbásach n-ilrechtach n-ingantach n-anachnid de. Crithnaigset a chairíni imbi immar chrand re sruth nó immar bocsimind ri sruth cach ball
2265] & cach n-alt & cach n-inn & cach n-áge de ó mulluch co talmain. Ro lá sáebchless díbirge dia churp i mmedón a chracaind. Táncatar a thraigthe & a luirgne & a glúne co mbátar dá éis. Táncatar a sala &


p.62

a orccni & a escata co mbátar riam remi. Táncatar tullféthi a orcan co mbátar for tul a lurggan comba méitithir muldorn míled cech
2270] meccon dermár díbide. Srengtha tollféithe a mullaig co mbátar for cóich a muneóil combá métithir cend meic mís cach mulchnoc dímór dírím dírecra dímesraigthe díbide.

And sin doringni cúach cera dia gnúis & dá agaid fair. Imsloic indara súil dó ina chend; iss ed mod dánas tarsed fíadchorr tagraim
2275] do lár a grúade a iarthor a chlocaind. Sesceing a séitig co mboí fora grúad sechtair. Ríastarda a bél co urthrachda. Srengais in n-ól don fidba chnáma comtar inécnaig a inchróes. Táncatar a scoim & a thromma co mbátar ar eittelaig ina bél & ina brágit. Benais béim n-ulgaib leómain don charput úachtarach fora forcli
2280] comba métithir moltcracand teóra mblíadan cech slamsrúam teined doniged ina bél asa brágit. Roclos bloscbéimnech a chride re chlíab immar glimnaig árchon i fotha nó mar leóman ic techta fo mathgamnaib.{folio 78a} Atchessa na coinnle Bodba & na cidnélla nime & na haíble teined trichemrúaid i nnéllaib & i n-áeraib úasa
2285] chind re fiuchud na fergge fírgairbe itrácht úaso. Ra chasnig a folt imma chend imar craíbred ndercscíath i mbernaid athálta. Céro craiteá rígaball fo rígthorud immi, is ed mod dá rísad ubull díb dochum talman taris acht ro sesed ubull for cach n-óenfinna and re frithchassad na ferge atracht da folt úaso. Atracht in lónd
2290] láith asa étun comba sithethir remithir áirnem n-ócláig. Airddithir remithir tailcithir tressithir sithithir seólchrand prímlungi móre in bunne díriuch dondfola atracht a fírchléithe a chendmullaig i certairddi co nderna dubchíaich ndruídechta de amal chíaich de rígbruidin in tan tic rí dia tenecur hi fescur lathi gemreta.


2295] Iarsin ríastrad sin ríastarda im Choin Culaind iss and sin dorroeblaing ind err gaiscid ina chathcharpat serda cona erraib iarnaidib, cona fáebraib tanaidib, cona baccánaib & cona birchrúadib, cona thairbirib níath, cona glés aursloicthi, cona tharngib gaíthe bítis ar fertsib & iallaib & fithisib & folomnaib dun charput sin.


2300] Is and sin focheirt torandchless cét & torandchles dá cét & torandchless trí cét & torandchless cethri cét, & tarassair aice for torandchless cóic cét úair nírbo furáil leis in comlín sin do thuitim leis ina chétchumscli & ina chétchomling catha for cethri chóicedaib Hérend. Ocus dotháet ass fón cumma sin do innsaigid a námat & dobreth a


p.63


2305] charpat mórthimchell cethri n-ollchóiced nHérend amaig anechtair, &dosbert seól trom fora charpat. Dollotar rotha iarnaidi in charpait hi talmain corbo leór do dún & do daingen feib dollotar rotha iarnaide in charpait i talmain, úair is cumma atraachtatar cluid & coirthe & carrge & táthlecca & murgrian in talman aird i n-aird
2310] frisna rothaib iarnaidib súas sell sechtair. Is airi focheird in circul mBodba sin mórthimchell chethri n-ollchóiced nHérend ammaig anechtair arná teichtis úad & arná scaíltís immi co tórsed forro re tenta fritharggain na maccraide forro. Ocus dotháet issin cath innond ar medón & fálgis fálbaigi móra de chollaib a bidbad
2315] mórthimchell in tslóig ammaig annechtair, & dobert fóbairt bidbad fo bidbadaib forro co torcratar bond fri bond & méide fri méide, ba sé tiget a colla. Dosrimchell aridisi fa thrí in chruth sin co farggaib cossair sessir impu fá mórthimchell .i. bonn tríir fri méide tríir fócúairt timchell immon dúnad. Conid Seisrech Bresslige a
2320] ainm issin Táin, & iss ed tres ndírime na Tána .i. Sesrech Breslige & Imslige Glennamnach & in cath for Gárich {folio 78b} & Irgáirich, acht ba cumma cú & ech & duine and. Iss ed atberat araile ro fích Lug mac Eithlend la Coin Culaind Sesrig mBresslige.

Nicon fess a árim & ní chumangar a rím cia lín dorochair and do
2325] dáescarslóg acht ro rímthé a tigerna nammá. It é in so sís a n-anmand-side .i. Dá Chrúaid, dá Chalad, dá Chir, dá Chíar, dá Éicell, trí Cruimm, trí Curaid, tri Combirgi, cethri Feochair, cethri Furachair, cethri Caiss, cethri Fotai, cóic Caurith, cóic Cermain, cóic Cobthaig, sé Saxain, sé Dauich, sé Dáiri, secht Rochaid, secht
2330] Rónáin, secht Raurthig, ocht Rochlaid, ocht Rochthauid, ocht Rinnaich, ocht Mulaig, noí nDaigith, noí nDáiri, noí nDamaich, deich Féic, deich Fiachaig, deich Feidlimid. Deich ríg ar sé fichtib ríg ro bí Cú Chulaind issin Bresslig Móir Maige Murthemne. Díríme imorro archena di chonaib & echaib & mnáib & maccaib &
2335] mindóenib & drabarslóg, ar nír érna in tres fer do feraib Hérend cen chnáim leissi nó lethchind nó lethsúil do brissiud nó cen bithanim tria bithu betha.