Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 20

Breslech Maige Murthemne so sís

RO gabsat cethri chóicid Hérend dúnad & longphort isin Breslig Móir hi Maig Murthemne. Ro láiset a n-ernail búair & braite secco fodes i Clithar Bó Ulad. {folio 76a} Gabais Cú Chulaind icon
2125] Fert i lLerggaib i comfocus & i comfochraib dóib & atáis a ara tenid dó tráth nóna na haidchi sin .i. Lóeg mac Riangabra. Atchonnairc-seom úad grístaitnem na n-arm nglanórda úas chind chethri n-ollchóiced nÉrend re fuiniud néll na nóna. Dofánic ferg & luinni mór icá n-aiscin re ilar a bidbad, re immad a námat. Ro
2130] gab a dá sleig & a scíath & a chlaideb. Crothais a scíath & cressaigis a slega & bertnaigis a chlaidem, & dobert rém curad asa brágit coro frecratar bánanaig & boccánaig & geniti glinni & demna aeóir re úathgráin na gáre dosbertatar ar aird, coro mesc ind Neamain forsin tslóg. Dollotar i n-armgrith cethri chóicid Hérend im
2135] rennaib a sleg & a n-arm fadessin co n-erbaltatar cét láech díb di úathbás & chridemnas ar lár in dúnaid & in longphairt in n-aidchi sin.

Dia mbaí Lóeg and co n-acca ní, in n-óenfer dar fiartharsna in dúnaid cethri n-ollchóiced nHérend anairtúaith cach ndíriuch ina dochum. ‘Óenfer sund chucund innossa, a Chúcúcán,’ ar Lóeg. ‘
2140] Cinnas fir and sin ale?’ or Cú Chulaind. ‘Ní handsa. Fer caín mór dano. Berrad lethan lais. Folt casbuide fair. Bratt úanide i forcipul imme. Cassán gelargit isin brutt úasa bruinne. Léne de sról ríg fo derggindliud do derggór i custul fri gelchness co glúnib dó. Dubscíath co calathbúali finndruini fair. Sleg cóicrind
2145] ina láim. Foga fogablaigi ina farrad. Ingnad ém reb & ábairt & adabair dogní. Acht ní saig nech fair & ní saig-som dano for nech feib nacha n-aicced nech issin dúnud chethri n-ollchóiced nHérend.’ ‘Is fír anísin, a daltán,’ for sé, ‘cia dom chardib sídchaire-sa sein dom airchisecht-sa dáig ar bíth foretatar-som in t-imned mór
2150] anam fuil-sea m'óenurán i n-agid chethri n-ollchóiced nHérend ar Táin Bó Cúalngi don chur sa.’ Ba fír ém do Choin Culaind anísin. A nad-ránic in t-óclách airm i mboí Cú Chulaind, argladais & airchisis de. ‘Cotail-siu ém bic, a Chú Chulaind,’ or in t-ócláech,


p.59

‘do thromthoirthim chotulta icon Ferta Lergga co cend trí láa &
2155] teóra n-aidchi, & firbat-sa forna slógaib in n-airet sin.’

Is and sin cotlais Cú Chulaind a thromthairthim cotulta icond Ferta i lLergaib co cend teóra láa & teóra n- aidche. Bá deithbir són céro boí do mét in chotulta boí do mét na athscísi. Ón lúan re samain sainriuth cossin cétaín iar n-imbulc níra chotail Cú
2160] Chulaind risin ré sin acht mani chotlad fithisin mbic fria gaí iar medón midlaí & a chend ara dorn & a dorn imma gaí & a gaí ara glún {folio 76b} acht ic slaidi & ic slechtad, ic airlech & ic essorgain chethri n-ollchóiced nHérend frisin re sin. Is and sin focheird in láech lossa síde & lubi ícci & slánsén i cnedaib & i créchtaib, i n-áladaib
2165] & i n-ilgonaib Chon Culaind co térno Cú Chulaind ina chotlud cen rathugud dó etir.

Is hí sin amser dollotar in maccrad atúaid ó hEmain Macha, tri choícait mac do maccaib ríg Ulad im Follomain mac Conchobuir, & dosbertsat teóra catha dona slúagaib co torchratar a trí comlín
2170] leó & torchratar in macrad dano acht Follomain mac Conchobuir. Bágais Follomain ná ragad ar cúlu co hEmain co brunni mbrátha & betha co mberad cend Ailella leis cosin mind óir boí úaso. Nírbo réid dó-som anísin úair dofárthetar dá mac Beithe meic Báin, dá mac mumme & aite do Ailill, & rod gonat co torchair leo. Conid
2175] Aided na Maccraide Ulad in sin & Follomna meic Conchobuir.

Cú Chulaind immorro buí ina súanthairthim cotulta co cend teóra láa & teóra n-aidche icon Ferta i lLerggaib. Itraacht Cú Chulaind iar sin assa chotlud & dobert lám dara agid, & doringni rothnúall corcra de ó mulluch co talmain, & ba nert leis a menma
2180] & tíasad i n-óenach nó i toichim nó i mbandáil nó i coirmthech nó i prímóenach do prímóenaigib Hérend. ‘Cia fot itú-sa isin chotlud sa innossi, a ócláich?’ ar Cú Chulaind. ‘Trí láa & trí aidche,’ for in t-óclách. ‘Ron marg-sa de-side,’ or Cú Chulaind. ‘Cide ón?’ or in t-ócláech. ‘Na slóig cen fópairt frisin ré sin,’ ar Cú
2185] Chulaind. ‘Ní filet-som ón etir,’ or in t-óclách. ‘Ceist cia rodas fópair?’ ar Cú Chulaind. ‘Lotar in macrad atúaid ó Emain Macha trí choícait mac im Follomain mac Conchobuir do macaib ríg Ulad & dobertsat teóra catha dona slúagaib ri hed na trí láa & na trí n-aidche i taí-siu it chotlud innossa, & torchratar a trí comlín leó &
2190] torchratar in macrad acht Follomain mac Conchobuir. Bágais Follomain &rl.’ ‘Apraind ná bá-sa for mo nirt de-side úair dia mbendsea for mo nirt, ní thóethsaitis in macrad feib dorochratar & ní thóethsad Fallomain.’


p.60

‘Cosain archena, a Chúcán, ní haisc dot inchaib & ní táir dot
2195] gaisciud.’ ‘Airis-siu sund inocht dún, a ócláig,’ ar Cú Chulaind, ‘ar co ndíglom 'malle in maccraid forsna slúagaib.’ ‘Nád anaeb ém ale,’ ol in t-óclách, ‘úair cid mór do chomramaib gaile & gaiscid dogné nech it arrad-su, ní fair bias a nós nach a allud nach a airdercus acht is fort-so. Is aire-sin nád anub-sa, acht imbir féin
2200] do gním gaiscid th'óenur forsna slúagaib úair ní leó atá commus t'anma don chur so.’

‘Ocus in carpat serda, a mo phopa Lóeg,’ ar Cú Chulaind, ‘in coemnacar a innell? Má cotnici a innell & má dotá a threlom, non inill, & mani fil a threlom, nacha inill.’