Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 19


2095] And sain faítti Medb in sessiur úadi i n-óenfecht do fúapairt Con Culaind .i. Traig & Dorn & Dernu, Col & Accuis & Eraísi. Tri ferdruíd & trí bandruíd. Basrópart Cú Chulaind síat co torchratar lais. Ára brissed fír breth for Coin Culaind & comlund óenfir, gebis Cú Chulaind a chrantabaill & basrópart in slúag do
2100] díburgun a Delggain andess in lá sain. Giambtar liri fir Hérend in lá sin, barémid nech díb a aged do soud fodess in lá sin do choin nó ech nó duine.

And sin tánic in Mórrígu ingen Ernmais a sídib i rricht sentainne co rrabi ic blegun bó trí sine na fiadnaisse. Is immi tánic-si
2105] mar sin ar bíth a fórithen do Choin Chulaind. Dáig ní gonad Cú Chulaind nech ara térnád co mbeith cuit dó féin 'na legius. Conattech Cú Chulaind blegon furri iarna dechrad d'ittaid. Dobretha-si blegon sini dó. ‘Rop slán a n-éim dam-sa so.’ Ba slán a lethrosc na rígna. Conattech-som blegon sini furri. Dobretha-si dó. ‘
2110] I n-éim rop slán intí doridnacht.’ Conaittecht-som in tres ndig & dobretha-si blegon sine dó. ‘Bendacht dee & andee fort, a ingen.’ — Batar é a ndee in t-áes cumachta. & andee in t-áes trebaire. -Ocus ba slán ind rígan.

And sain faítte Medb in cét láech i n-óenfecht do fúapairt Con
2115] Culaind. Basrópart Cú Chulaind siat uili co torchratar leiss. ‘Is cuillend dúin guin ar muntiri samlaid,’ ar Medb. ‘Níp sé sút a chétchuillend dúin ind fir chétna,’ bar Ailill. Conid Cuillend Cind Dúni comainm béus ind inaid i mbátar ó sin & conid Áth Cró ainm


p.58

ind átha fors mbátar. Dethbir ara méit dá crú & dá fuil dochúaid
2120] fo sruthair na haband.