Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 16

Airg-siu dam-sa, a mo phopa Láeig, da acallaim Lugdach i llongphort fer nHérend & finta latt in ránic ní Fer Báeth fo ná ránic[gap: extent: one page]& fiarfaid de cia tig im aghaidh-si amárach. Tét Láog roime go pupaill Lugdach. Ferais Lugaidh fáilte fris. ‘Tairisi liom in
1910] fáilte sin,’ ar Láog. ‘Tairisi duit ón,’ ar Lugaidh. ‘Dot hagallaim táncus-sa ót chomalta co nn-innisi dam in ráinic Fer Báoth (an longphort).’ ‘Ráinic ón,’ ar Lughaidh, ‘& bendacht arin láim dusfaraill úair torchair marb isin gleand ó chianaibh.’ ‘Indis dam-sa cia tic imárach i n-aghaidh Con Culainn do chomrac (fris).’ ‘
1915] Atáthar agá rádha fri bráthair fil agam-sa toidhecht ina aghaidh, drúthóglach sotal soisil & bailcbémnech buanaisech, & is uime curthar do chomrac fris é da thuitim les (&) co ndechaind-si dá dhíogail fair-siomh, & ní rach-sa ann go bruinne mbrátha. Láiríne mac Í Blaitmic in bráthair sin. Rachat-sa d'agallaimh Con
1920] Culainn uime sin,’ ar Lugaidh. Ro gapadh a dhá ech do Lugaidh & ro hindledh a charpat forra. Táinic i ccomdáil Con Culainn co ráinic imagallamh eatorra. Is ann sin itbert Lughaidh: ‘Atáthaar agá rádha re bráthair fil agam-sa techt do chomrac frit-sa .i. drúthóclach borb barbarda bailc búadnasach é & as uime curthar
1925] do chomrac frit-sa é dá thuitiom-siom leat & dá fhéchain an rachainn-si dá díogail fort, & ní rach-sa ann sin go bruinne mbrátha. Ocus arin ccompántas fil edrainn aróen, ná marb-sa mo bráthair-si. Dar ar ccubus ámh,’ ar sé, ‘cid tánaisde báis dusbéra dó, as ced liom, úair dar mo shárugadh téid it haghaidh-si.’ Luid
1930] iaram Cú Chulainn ar cúl & tét Lughaidh don longphort.

Is ann sin do goiredh Láiríne mac Nóis i pupaill Oilella & Medba, & tucadh Fionnabair fora láim. As í no dáiledh corna fair & doberedh póic la gach n-áondig dhó & do gabhadh lám fora chuid. ‘Ní do chách berar la Meidb an lionn dáilter for Láiríne,’ ar Fionnabair. ‘
1935] Ní tucc acht eri cáogat fén de dochum an loncphuirt.’ ‘Cia ráidhi?’ ar Oilill. ‘An fer út thall’ ar sí. ‘Cidh ésidhe?’ ar Oilill. ‘Minic lat h'aire do thabairt do ní nábadh coimdigh. Ba córa duit h'aire do thabairt don láneamain as mó maith, mied & maisi dá bfuil ar énslige i nÉrinn .i. Fionnabair & Láiríne mac
1940] Nóis.’ ‘Docím-si iat mar sin,’ ar Oilill. Is ann sin tuc Láiríne bogadh & bertnugadh fair gur maídedar úamanna na ccoilcech bátar faoí curbo brec faithchi an longphuirt dia cclúmaibh.

Fada les gurbo lá cona lánsoillsi ann dochum Con Culainn


p.53

d'fúabairt. Táinic i mucha na maidne arnamárach & tuc eri feóin
1945] do threalmaibh gaiscidh les & táinic forsan áth i ccomdáil Con Culainn. Níba fiú la dagláochaibh in dúnaidh nó an longphuirt techt d'féchain chomraic Láiríni acht mná & giollanradh & ingena d'fochaidbedh & d'fanamad ima eomrac. Táinic Cú Chulainn ina chomdáil conici in áth & níorb fíu les airm do thabairt les acht
1950] táinic diairm ina dháil. Benais Cú Chulainn a airm uile asa láim mar benas neaoh a aidme áineasa a láim mhic bhic. Ro mel & ro cumail Cú Chulainn itir a lámhaibh é, non cúrond & non ceanclonn, non carcrann & nos crothonn co seabaind a chaindebar uile as gurbo ceó aéerda an ceatharaird i mboí. Telgis úada é iar
1955] sin do lár in átha fíartharsna in longphuirt go dorus puible a bráthar. Cid trá acht níor érig riam gan éccaíne & níro loing gan airchiseacht & ní raibi riamh ó sin amach gan maíthe medóin & gan cumga cléb & gan bronngalar & gan tathaige amach ar mince. Is é sin trá aoinfer térna iar ccomrac fri Coin Culainn ar Táin Bó
1960] Cúailnge, & táinic ris fós iersma an galair sin conadh é bás ruc ier sin.

Conad comrac Láiríne ann sin for Táin Bó Cúailnge.