Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 10

And sin atraacht láech prósta mór do muntir Medba, Nath Crantail a chomainm, & tánic do fúapairt Chon Culaind. Nír fiú leis airm do thabairt leis itir acht trí noí mbera culind at é fúachda follscaide forloiscthi. Ocus is and boí Cú Chulaind
1700] forsin lind fora chind.-Ocus níba fáesam cid sí & bátar noí mbera trethi. Ní bíd esbaid Con Culaind for nach óenbir díb. -And sain focheird-sium bir for Coin Culaind. Cingis Cú Chulaind co mbaí for ind úachtarach in bera contarlaic, & tarlaic Nath Crantail béus in bir tánaise. Tarlaic Nath Crantail in tres mbir & cingis
1705] Cú Chulaind do ind in bera tánaise co mbaí for ind in bera dédenaig. Is and sin techis inn íall én 'sin mag. Luid Cú Chulaind 'na ndíaid mar cach n-én conná ragtaís úad co fargdais cuit na aidchi dádaig. Dáig iss ed arfurad & arfognad Coin Culaind iascach & énach & osfeóil for Táin Bó Cúalnge. Acht atá ní, fo glé ra Nath
1710] Crantail iss i roí madma & techid dochúaid Cú Chulaind úad, & luid reme co dorus pupla Ailella & Medba & dobretha a ardguth ar aird. ‘In Cú Chulaind airdairc-se atberthai-si,’ ar Nath Crantail, ‘dochúaid i rroí madma & techid riam reme ambuarach.’ ‘Rafetammar,’ ar Medb, ‘rapad fír, acht condarístaís daglaích & dagóic,
1715] ní gébad fri féta in serriti óc amulchach sain, ár in am dosfarraid dagláech, ní riss ra gabastar acht is riam reme ro madmastar.’ Ocus rachúala Fergus anísin & ba níth mór la Fergus óen do maídim


p.47

thechid fri Coin Culaind, & rádis Fergus fri Fiachu mac Fir Aba ar co ndigsed do acallaim Con Culaind. ‘Ocus ráid-siu{MS folio 73a} friss fíal
1720] dó bith forsna slúagaib cian gar dorigéni gnímrada gaile forro & ba féile dó a immfolach oldás teched ria n-óenláech díb.’ Dotháet iarum Fiachu do acallaim Con Culaind. Ferais Cú Chulaind fáilte fris. ‘Tarissi lim-sa ind fálti sin, acht dot acallaim tánac ót aiti ó Fergus, & atbert fíal duit bith forsna slúagaib cian gar doringnis
1725] gnímrada gaile & ba féliu duit th'immfoluch oldás teiched ria n-óenláech díb.’ ‘Cid ón, cia nod maíd acaib-si sin?’ bar Cú Chulaind. ‘Nath Crantail ém,’ bar Fiachu. ‘Cid ón, ná fetar-su & Fergus & mathi Ulad ná gonaim-se aradu nó echlacha nó áes gan armu, & ní airm baí lais-sium acht bir craind, & ní gonfaind-se
1730] Nath Crantail co mbeth arm leiss. Ocus ráid-siu friss arcom thé co moch imbárach sund & ní thechiub-sa riam reme.’ Ocus ba fata ra Nath Crantail corbo lá cona sollsi dó do fúapairt Con Culaind. Tánic co moch arnabárach do fópairt Con Culaind. Atraig Cú Chulaind co moch & dofáncatar a ferga laiss in lá sain & focheird
1735] fáthi ferge dia brutt taris co tarla darin corthi clochi & co tópacht in corthe clochi a talmain eturru 's a bratt, & ní fitir sin itir ar méit na ferggi dofánic & ra síabrad immi. And sain trá dotháet Nath Crantail & atbert: ‘Cia airm i tá in Cú Chulaind se?’ for Nath Crantail. ‘Aracút tall aile,’ ar Cormac Cond Longas mac Conchobuir. ‘
1740] Ní hé sút cruth ardomfarfaid.se indé,’ ar Nath Crantail. ‘Dingaibsiu trá in láech út,’ bar Cormac, & ‘is samalta duit & feib no dingébtha Coin Culaind.’

Tánic iarum Nath Crantail & focheird rót n-urchair dia chlaidiub úad for Coin Culaind conda tarla immun corthi boí eter Coin
1745] Culaind & a bratt co róebriss in claideb immon corthi. Cingid Cú Chulaind do lár thalman co mbaí for úachtar cobraidi scéith Nath Crantail & dobretha táthbéim dó sech barrúachtur in scéith co tópacht a chend dia médi. Túargab a lám co immathlam darís & dothuc bulli n-aill i mmulluch in méthi co ndergeni dá gabait
1750] rainti co talmain. Torchair Nath Crantail fón samlaid sin la Coin Culaind. Atbert Cú Chulaind assa aithle:

    1. Má dorochair Nath Crantail,
      bid formach dond imargail.
      Apraind can chath isind úair

      1755] do Meidb co tríun in tslúaig.


p.48